CÚINNE NA nEALAÍON/PEANN AR PÁR
Máire Mhic Ghiolla Íosa - Beathaisnéis (Cuid 2)
Ray Mac Mánais Ray Mac Mánais

Seo sliocht as Máire Mhic Ghiolla Íosa - Beathaisnéis le Ray Mac Mánais, beathaisnéis údaraithe Uachtarán na hÉireann. Tugadh cead don údar, múinteoir Gaeilge an Uachtaráin, a dialanna pearsanta a léamh agus dul trína páipéir phríobháideacha. Déanann an leabhar cur síos ar a saol ó rugadh í go dtí gur insealbhaíodh í ina hUachtarán i 1997. I sliocht na míosa seo, tá cur síos ar ionsaí a rinneadh ar theach mhuintir Mháire i mBéal Feirste i 1972.

Íomhá
Íomhá

Sliocht na míosa seo caite anseo

Thit Oíche Shamhna ar an Mháirt an bhliain sin. Ar an Satharn roimhe bhí muintir Leneghan ar fad, seachas Paddy a bhí ag obair sa Long Bar, bailithe le chéile sa teach. Bhí na scoláirí cónaithe sa bhaile don bhriseadh lárthéarma. Bhí cead speisialta faighte ag Patrick fanacht ina shuí ag amharc ar “Match of The Day”. Nuair a bhí an cluiche thart ghuigh Patrick oíche mhaith ar gach duine agus as go brách leis suas an staighre, áit a raibh a bheirt dheartháireacha óga, Clement and Phelim, ina sámhchodladh cheana féin. Ní raibh sé ach leath bealaigh suas nuair a chualathas clagarnach agus gleo ard. Shíl Claire go raibh sé i ndiaidh titim síos staighre. Go tobann liúigh Patrick féin: “There’s a crowd outside and they’re breaking the pavement!”

Leis sin tháinig píosa den chosán briste tríd an fhuinneog os cionn chloigeann John. Síos ar an urlár leis an chlann uile, iad ag iarraidh foscadh a fháil taobh thiar den tolg nó de na cathaoireacha. Léim Nóra ina seasamh agus thrasnaigh an halla le dul isteach sa seomra bia. Bhí sí díreach imithe thar an doras tosaigh nuair a phléasc gloine fhuinneoga an dorais isteach ar fud an halla. Chuaigh Claire Óg síos ar a glúine agus rinne lámhachán thar an ghloine bhriste isteach sa seomra bia le cinntiú go raibh Nóra i gceart. Anois, ó bhí an bheirt acu le chéile, d’oscail siad na dallóga leathorlach agus d’fhéach amach. Chonaic siad an rud céanna a chonaic Patrick ó bharr an staighre: grúpa confach taobh amuigh ag briseadh leaca an chosáin agus á gcaitheamh leis na fuinneoga. Bhí idir fhir agus mhná ann, iad ag béiceach: “Fenian bastards! We’ll burn you out!”

Sheas Catherine agus scread sí agus scread sí gan stad. Bhí Nóra agus John i ndiaidh na seilfeanna a bhaint amach as an chófra cótaí taobh leis an doras. Fuair Nóra casúr agus tairní agus dhaingnigh an bheirt acu na cláir adhmaid thar an phríomhdhoras, ag iarraidh an gráscar a choinneáil amuigh. Bhí sé de chiall ag Damien a bhealach a dhéanamh go dtí bosca na bhfiúsanna agus na soilse ar fad sa teach a mhúchadh.

I rith an ama seo uile bhí lúth na ngéag caillte ag Máire, an t-aon uair ina saol a bhí sí go hiomlán marbhintinneach le heagla. B’ionadh léi an chrógacht agus an chinnireacht a chonaic sí thart uirthi: Damien in aois a cheithre bliana déag ag tabhairt orduithe, ag smaoineamh ar na soilse a mhúchadh; Nóra, agus í fuaraigeanta, ag baint an ghutháin anuas agus ag síneadh na sreinge thart an coirnéal le bheith ábalta scairt a chur ar an RUC. Ba iad an bheirt seo a bhí ag stiúradh cúrsaí cosanta. Ba é an rud a mhúscail Máire as a támhnéal faitís ná go bhfaca sí Patrick agus Damien ag breith ar dhá chamán, iad ag dul i dtreo an dorais le dul amach agus tabhairt faoin ghráscar. Léim Máire ina dtreo agus shín amach a cos. Baineadh tuisle as an bheirt acu. Rug Máire orthu agus choinnigh sí greim orthu gur chiúnaigh a máthair iad.

Chuir Nóra an guthán isteach i láimh Mháire agus dúirt léi glaoch arís ar an RUC agus ba é sin an jab a bhí aici a fhad a mhair an t-ionsaí. D’inis sí dóibh go raibh slua taobh amuigh ag iarraidh briseadh isteach sa teach, go raibh an doras agus na fuinneoga briste acu, go raibh an chlann i mbaol a mbáis.

Ba é an freagra céanna a fuair sí gach uair: “We’ll have a patrol car there as soon as we can. We’re very busy tonight.”

Faoin am seo bhí gach fuinneog sa teach briste agus an chlann scanraithe as a mbeatha. Go tobann chiúnaigh an lucht ionsaithe agus chualathas trost na mbróg agus iad ag imeacht. D’fhéach Máire amach ar cheann de na fuinneoga agus chonaic sí carr coimhthíoch bán ar an taobh eile de Bhóthar Chromghlinne. Nuair a bhí an slua ar fad scaipthe d’imigh an carr, ach tháinig sé ar ais go tráthrialta i rith na hoíche sin.

Bhuail an guthán. Claire a fuair greim air, í cinnte gurbh iad an RUC a bhí ar an líne, ach Paddy a bhí ann, é ag glaoch ón Long Bar.

“Is everything all right?”

“Yes,” arsa Claire. “Why wouldn’t it be?” agus í ag iarraidh nach ndéanfadh Paddy iarracht teacht abhaile, nó bheadh sé róchontúirteach.

“I know well that everything’s not all right. Now tell me what’s wrong.”

“How do you know whether everything’s all right or not?” arsa Claire, agus í ar a dícheall ag iarraidh an tocht a cheilt.

“A man came into the bar just a minute ago to tell me there was an attack on 657 Crumlin Road,” arsa Paddy. “He heard it on the RUC frequency on one of those radios. Now, will you for God’s sake tell me what’s happening!”

Thuig Máire go mbíodh muintir an IRA ag éisteacht leis an mhinicíocht raidió sin an t-am ar fad, le go mbeadh barúil acu faoi ghluaiseachtaí an RUC. Dúradh ina dhiaidh sin léi gur carr de chuid an IRA a bhí sa ghluaisteán bhán sin a tháinig agus a pháirceáil ar aghaidh an tí. I bhfianaise theacht an RUC trí huaire an chloig i ndiaidh thús an ionsaithe leis na focail “I believe you have a complaint”, deir Máire nach bhfuil an dara rogha aici ach a admháil, le doicheall agus le drogall, gurbh iad dream sin an IRA an t-aon chosaint a bhí acu an oíche sin.

Seolfar *Máire Mhic Ghiolla Íosa - Beathaisnéis le Ray Mac Mánais in oifigí Fhoras na Gaeilge i mBaile Átha Cliath ar 20 Márta 2003. Is iad Cló Iar-Chonnachta na foilsitheoirí. Praghas: €25 (clúdach crua)*

Gluais • Glossary

beathaisnéis údaraitheauthorized biography

a dialanna pearsantapersonal diaries

páipéir phríobháideachaprivate papers

go dtí gur insealbhaíodh í ina hUachtaránuntil she was installed as President

bailithe le chéilegathered together

bhriseadh lárthéarmamid-term break

ghuigh Patrick oíche mhaith ar gach duinePatrick bade everyone goodnight

as go brách leisoff he went

ina sámhchodladhsound asleep

clagarnachclatter

liúigh Patrick féinPatrick himself yelled

den chosán bristeof the broken pavement

foscadhshelter

tolgcouch

phléasc gloine fhuinneoga an doraisthe glass of the windows in the door exploded

rinne lámhachánshe crawled

dallógablinds

leathorlachhalf an inch

grúpa confachan angry group

idirboth

ag béiceachshouting

casúrhammer

tairnínails

cláir adhmaidwooden boards

gráscardisorderly mob

bosca na bhfiúsannathe fuse box

lúth na ngéagthe power in her limbs

marbhintinneach le heaglamentally paralysed with fear

crógachtbravery

cinnireachtleadership

fuaraigeantacool-headed

ag síneadh na sreinge thart an coirnéalextending the chord around the corner

ag stiúradh cúrsaí cosantadirecting defence matters

as a támhnéal faitísfrom her trance of fear

ag breith ar dhá chamángetting hold of two hurleys

shín amach a cosshe extended her leg

Baineadh tuisle as an bheirt acuBoth of them tripped

a fhad a mhair an t-ionsaías long as the attack lasted

i mbaol a mbáisin danger of being killed

scanraithe as a mbeathascared to death

trost na mbrógthe tramp of the shoes

carr coimhthíoch bána strange white car

go tráthrialtaregularly

nach ndéanfadh Paddy iarracht teacht abhailethat Paddy wouldn’t try to come home

róchontúirteachtoo dangerous

í ar a díchealldoing her best

ag iarraidh an tocht a cheilttrying to hide the emotion

leis an mhinicíocht raidió sinwith that radio frequency

barúilidea

gluaiseachtaímovements

i bhfianaisein light of

nach bhfuil an dara rogha aici ach a admháilthat she has no choice but to admit

drogallreluctance

an t-aon chosaintthe only protection

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.