Deir céatadán ard de dhaonra Ghalicia go bhfuil siad in ann an teanga dhúchasach, Galego, a scríobh, ach tá drogall ar an dream óg í a labhairt, mar a mhíníonn Carmen Rodríguez.
Is minic a shamhlaíonn muintir na Spáinne gur tír réasúnta andúchasach í Galicia agus, ar mhórán bealaí, tá an ceart acu. Téann na sluaite as Castile, go háirithe as Maidrid, go Galicia i rith an tsamhraidh chun éalú ó theas dofhulaingthe lár na Spáinne. Is féidir leis na turasóirí seo faoiseamh a fháil i dtír ghlas shléibhtiúil, atá beagáinín fliuch ach grianmhar go leor, in áiteanna ar nós La Costa del Sol. Gach seans go bhfaigheann cuid acu léargas de chineál éigin ar an gcultúr faoi leith atá ansin, idir theanga, cheol agus bhia. Téann go leor acu ar ais i rith na laethanta saoire bliain i ndiaidh bliana, ach níl eolas dá laghad ag an gcuid is mó acu, áfach, ar na fadhbanna móra teanga, eacnamaíocha agus sóisialta atá ag Galicia.
Fuair Galicia a rialtas féin i 1981. Ar an drochuair, mar gheall ar pholasaí earráideach teanga, níor éirigh leis na húdaráis an teanga a chur chun cinn ar bhealach suntasach i measc an phobail. Is é Galego teanga dhúchasach Ghalicia. Shíolraigh sí ón Laidin agus, mar sin de, tá sí réasúnta cóngarach don Spáinnnis, don Chatalóinis agus go háirithe don Phortaingéilis.
Caithfear a adhmáil nach raibh mórán measa ag muintir Ghalicia ar a dteanga féin, go háirithe roimh na hochtóidí. Cheap go leor cainteoirí dúchais gur bhain an teanga le bochtanas agus le saol tuaithe. Dar leo nach raibh sí úsáideach in aon chor chun postanna maithe a fháil sna cathracha móra, in áiteanna eile ar fud na Spáinne, nó thar lear. I ndáiríre, b’fhearr le go leor tuismitheoirí go mbeadh a gcuid páistí líofa i dteanga eile Eorpach, go háirithe sa Bhéarla, seachas ina dteanga féin. Is minic a labhraíonn na tuismitheoirí Galego líofa blasta le chéile sa bhaile ach déanann siad cinnte go labhraíonn siad Spáinnis leis na páistí.
Teanga ranga amháin
Cé go múintear an teanga mar ábhar i ngach scoil ar fud na tíre, ní minic a chloistear na daltaí ag labhairt Galego le chéile taobh amuigh den seomra ranga. Braitheann siad nach mbaineann an teanga leis an gcultúr atá acu féin - na cairteanna, an popcheol agus na scannáin as Hollywood a mbíonn athghuthú Spáinnise déanta orthu. Is cinnte nach gcuidíonn cuid de na rátaí dífhostaíochta is airde san Aontas Eorpach chun an titim i líon na gcainteoirí óga a stopadh. Tá na mílte duine óg ag tréigean a gceantracha féin de bharr an scriosta atá déanta ag cuid cuótaí an Aontais Eorpaigh ar thionscal na hiascaireachta agus na talmhaíochta.
Tá gníomhairí áirithe teanga (*reintegracionistas *a thugtar ar an dream seo) den tuairim go mbeadh todhchaí i bhfad níos tréithí ag an teanga dá mbeadh daoine sásta dul ar ais chuig “ré órga na litríochta” agus litriú na Portaingéilise a úsáid. Is moladh conspóideach gan amhras é seo, go háirithe má chuirtear san áireamh go dtéann gach mac léinn tríd an gcóras oideachais gan fiú saothar amháin as Portaingéilis a léamh.
In aineoinn na scitsifréine teanga agus cultúrtha seo, maíonn timpeall ochtó faoin gcéad den daonra go bhfuil siad ábalta an teanga a labhairt agus a scríobh go réasúnta maith. Le blianta beaga anuas, tá ag éirí tharr barr le cláracha stáisiún teilifíse Ghalicia www.crtvg.es, ar a bhfuil caighdeán na teanga thar barr. Is sampla maith é an sobalchlár “Mareas Vivas”, atá go mór i mbéal an phobail, den chaighdeán atá bainte amach.
As Galicia sa Spáinn ó dhúchas í Carmen Rodríguez agus tá sí ina cónaí i mBaile Átha Cliath le beagnach cúig bliana anuas. Tá céim sa Nua-Ghaeilge agus sa tSean-Ghaeilge aici ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.