TEANGA AGUS CULTÚR/AN GHAEILGE I gCÉIN
Ag filleadh ar an fhód dúchais
Paula Kehoe Paula Kehoe Paula Kehoe

Cé gurbh as Éirinn tuismitheoirí Paula Kehoe, níor chuala sí trácht riamh ar an nGaeilge agus í ag éirí aníos san Astráil. Nuair a thug sí cuairt ar Éirinn den chéad uair i lár na nóchaidí, áfach, chuaigh an teanga agus an cultúr go mór i gcion uirthi.

Íomhá
Dún Aonghasa, Inis Mór
Íomhá

D’fhill mé ar an Astráil dhá bhliain ó shin tar éis dom seacht mbliana a chaitheamh in Éirinn. B’aisteach an rud é a bheith ar ais sa tír seo. D’athraigh an áit go mór ó d’fhág mé í, agus bhí athruithe móra tagtha orm féin, mar a bhéifeá ag súil, tar éis tréimhse fhada thar lear. Ach ba é an t-athrú ba shuntasaí ná teanga eile a bheith agam, nach raibh a fhios agam í a bheith ann ar chor ar bith sular fhág mé, teanga a thabharfadh radharc eile dom ar an saol.

B’as Éirinn do m’athair - as Bealach an Chonglais i gCill Mhantáin. Tháinig sé go Melbourne i 1950 agus é cúig bliana is fiche d’aois. Phós sé mo mháthair, Ellen Daly, Astrálach arbh as Corcaigh agus as Carraig Fhearghais dá muintir, anseo, agus bhí ochtar clainne acu. Duine ab ea m’athair nár mhór aige a dhúchas ar chúiseanna casta, idir phearsanta agus pholaitiúla. Is deacair fios fátha an scéil a fháil mar b’annamh a labhair sé faoina mhuintir agus faoin mbaile. Dhiúltaigh sé filleadh ar Éirinn go lá a bháis i 1985.

Ní raibh fonn dá laghad orm dul go hÉirinn, mar sin. Cén fath a rachainn? Shamhlaigh mé go mbeadh sí dorcha agus brónach mar áit, agus bhí an-drogall go deo orm roimpi. Is ag fágáil na háite a bhí chuile dhuine, dar liom, agus an t-aon scéal amháin a chloisinn ná scéal bhás an duine seo nó an duine siúd. I ndáiríre, is é an tsamhail a bhí i m’intinn ná go raibh daoine ag dul i gcré as éadan a chéile, faoi bháisteach a bhí ag titim gan stad! Sea, An Béal Bocht. I 1994 agus mé ar thuras domhanda, “sos gairme”, mar a déarfá, chuaigh mé go hÉirinn ar feadh coicíse mar dhualgas - chuir mo mháthair brú orm dul ann fad is a bheinn thar sáile. Ní fhéadfainn dul go dtí an Eoraip gan dul go hÉirinn chun “Hi” a rá le mo chol ceathracha agus le m’aintíní agus m’uncailí. Chuaigh an tír i bhfeidhm orm ar bhealach nach raibh mé ag súil leis, agus an dealramh ar na dathanna nach bhfaca mé riamh - an turas siar go Conamara agus ar aghaidh go hÁrainn go háirithe, áit a raibh col ceathrair liom ag obair mar sheandálaí ar Dhún Aonghasa. Bhain an tírdhreach agus an chaint geit asam, iad ag freagairt dá chéile. Thuig mé an focal “dúchas” den chéad uair, agus go leor againn de bhunadh an domhain thuaidh anseo san Astráil inár gcónaí sna cathracha móra, agus sinn scartha go hiomlán ó dhúchas agus ó bhundúchasaigh na tíre seo.

D’imigh mé liom go dtí an Mhór-Roinn ach d’fhill mé ar Éirinn tar éis tréimhse ghearr. Chaith mé an chéad gheimhreadh i nGleann Dá Loch i gCill Mhantáin, go dtí gur chuala mé comharsa liom ag gabháil foinn ar an sean-nós. Baineadh an anáil díom. Níor chuala mé a leithéad d’fhonn riamh agus d’fhiafraigh mé di cén áit arbh fhearr dom dul ann chun cúpla amhrán a fhoghlaim. Béaloideasaí ab ea í a chaith seal in Inis Mór agus mhol sí an t-amhránaí Treasa Ní Mhiolláin dom.

Mar gheall air go raibh mé ar “shos gairme” bhí cead agam dul sa seans le rud ar bith, agus rinne mé an rud ba dhual dom. Fuair mé seanteachín ceann tuí (gan seomra folctha) ar cíos in Inis Mór agus é ar intinn agam fanacht ar feadh cúpla mí agus ansin imeacht tar éis dom amhrán nó dhó a fhoghlaim ó Threasa. Turasóir cultúrtha ceart! (D’éirigh mé an-tinn sna scamhóga sa teach céanna mar gheall ar an taisleach, ach sin scéal eile.)

Tháinig Treasa go dtí an teach lá agus leathanach ina láimh aici a chuir sí faoi mo bhráid, agus focail Ghaeilge an amhráin “Donall Óg” scríofa air. Cheap mise go dtí sin go bhféadfainn na hamhráin a fhoghlaim as Béarla, mar gur beag a thuig mé an traidisiún. Sin a chuir tús leis i ndáiríre agus athraíodh mo shaol go hiomlán dá bharr.

I 1996, agus mé dhá bhliain déag agus fiche d’aois, thosnaigh mé ag foghlaim na Gaeilge agus tá mé ag streachailt léi ó shin i leith. Chaith mé bliain go leith in Inis Mór agus bliain eile in Inis Oírr tar éis dom Dioplóma sa Léann Ceilteach a dhéanamh in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. D’aistrigh mé ar ais go Gaillimh ansin agus fuair mé post le TG4 i 1998, áit ar fhan mé go dtí gur fhág mé an tír in 2001.

Dúshlán mór

Ní beag an rud é tabhairt faoi thionscadal mar sin nuair atá tú tagtha in inmhe agus d’inchinn chomh crua le cloch! Ach d’airigh mé gurbh é sin an rud ba thabháchtaí ar an saol an uair sin, cé gur mhór an dúshlán é. Bhí sé mar rún daingean agam ansin go gcaithfinn mo dhúthracht uilig leis ar feadh tréimhse, rud ba dheacair do mo chairde gaoil san Astráil agus in Éirinn a thuiscint. Cheap mé féin go mb’fhéidir gurbh as mo mheabhair a bhí mé agus chuile rud á fhágáil i leataobh agam chun mionteanga a fhoghlaim. Ach bhuail sé mé mar a thitfeadh splanc orm agus mheas mé nach raibh an dara rogha agam ach leanúint orm. Ní hé sin le rá nár chuir sé agus nach gcuireann sé frustrachas mór orm go minic, agus ba bheag nár éirigh mé as cúpla uair. Ní raibh taithí ar bith agam ar theanga eile a labhairt; bhí cúpla focal bacach Fraincise ón scoil agam ach b’in an méid.

Níorbh fholáir dom ligint orm gur pháiste mé a raibh cead aici botúin a dhéanamh chun brú ar aghaidh. Cé gur deacair é sin a chur i bhfeidhm is mór an tairbhe é ar bhealaí éagsúla. Scaoil sé mé ón aigne chalctha a thagann go minic le haois, agus ligeadh isteach saibhreas ilathraitheach na teanga seo a leathnaigh mo radharc ar an saol. Airím i gcónaí nach bhfuil mé ach ag tosnú agus níl sa mhéid atá foghlamtha agam ach mún dreoilín san fharraige. Is é an turas agus an cuardach féin an ceann scríbe.

Ó d’fhill mé ar an Astráil is é an dúshlán is mó ná an Ghaeilge a thabhairt isteach i mo shaol, nó fiú coinneáil léi. Buíochas le Dia tá pobal bríomhar anseo i Melbourne ag Cumann Gaeilge na hAstráile agus bíonn ranganna agus imeachtaí éagsúla ar siúl acu go rialta. Mhúin mé an bunrang ann anuraidh agus an seomra lán d’Astrálaigh óga den dara glúin a bhfuil suim mhór acu sa Ghaeilge. Tá pobail bheaga eile scaipthe ar fud na tíre, i Sydney, in Adelaide agus i mBrisbane den chuid is mó. Tá “Clár na Gaeilge” ar Raidió SBS chomh maith agus bím ag obair ar an gclár sin i Melbourne i dteannta le Colin Ryan.

Tá rian á fhágáil ag Gaeilgeoirí eile ar an tír seo. Daoine iad siúd a tháinig go dtí an Astráil agus a chuir le hilchultúrachas na tíre, a choinnigh a misneach tríd is tríd agus a thugann an-mhisneach domsa. Téann stair na Gaeilge sa tír seo chomh fada siar leis na chéad daoránaigh a tháinig dá neamhthoil agus a d’fhaigheadh buille d’fhuip dá labhróidís le chéile ina dteanga dhúchais. De thoradh ualach na staire, anseo agus in Éirinn, thug go leor inimirceach a gcúl leis an seandúchas ar feadh na mblianta. Ach ní mar sin atá anois, mar tá an nós sin briste.

Tá cónaí ar Paula Kehoe i Melbourne. I láthair na huaire tá sí ag obair ar thionscadal ceoil darb ainm Sea lena comhghleacaí Phillipa Nihill. Tá amhráin scríofa acu, ina bhfuil meascán de liricí Béarla agus Gaeilge, agus beidh siad le fáil ar albam a eiseofar i mbliana.

Chun éisteacht le “Clár na Gaeilge” ar Raidió SBS téigh chuig:

Más maith leat teagmháil a dhéanamh le Cumann Gaeilge na hAstráile seol ríomhphost chuig: saoirse181@hotmail.com

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.