Ní hiad muintir Róma na Sé Chontae amháin a mhothaigh buille doirn agus ainspíd le scaitheamh. Míníonn Bearnaí Ó Doibhlin dúinn go bhfuil a gcuid doghrainne féin ar muintir na hIndia san Astráil le tamall anuas.
»»»Is iomaí ainmhí a tháinig nó a cuireadh i dtír is a rinne leas. An coinín, an luchóg mhór, an madra, an cat, is féidir le ceann ar bith díobh a bheith ina scrios i dtír chomh mór leis an duine féin. Tá le rá ag Bearnaí Ó Doibhlin go bhfuil lucht eolaíochta buartha faoi lusra Oileáin Mhic Guaire laisteas den Tasmáin.
»»»Ba chóir amharc ar an inimirceach le barr trua in áit a bheith á gheimhliú dar le Bearnaí Ó Doibhlin. Ní chóir don Astráil a bheith i dtuilleamaí ‘oilbhéim an naíonán thar bord’ dar leis, eachtra thruamhéala as ar tharraing John Howard uisce ar a mhuileann féin.
»»»Bí ag caint ar an nath ‘tiocfaidh ár lá’! Tá muintir na hAstráile ag cur is ag cúiteamh faoin lá náisiúnta a athrú agus faoi athruithe eile chomh maith leis an mhéid sin a chur i bhfeidhm ag an am chéanna ar leagan amach reachtúil na tíre. Tuigeann Bearnaí Ó Doibhlin an scéal agus soiléiríonn sé san alt seo gnéithe de stair na tíre agus de thionchar na staire ar dhreamanna éagsúla de mhuintir na hAstráile go dtí an lá inniu féin.
»»»D’fhan Bearnaí Ó Doibhlin lena theach a choinneáil slán le linn na bhfalscaithe fíochmhara a thit amach san Astráil roinnt seachtaine ó shin. Déanann sé cur síos san alt seo ar a bhfaca sé is ar a mhothaigh sé le linn ceann de tubaistí tine is measa sa taobh sin domhain.
»»»Bhí deis ag Bearnaí Ó Doibhlin machnamh ar mhuintir na nOileán Filipíne, Vanuatú agus an Nua-Chaladúin san Aigéan Ciúin le linn saoire ar bord sóloinge, an Pacific Dawn, faoi Nollaig. Saol eile ar fad atá ag muintir na nOileán agus ní hé saol na sóloinge é, ach a mhalairt ghlan.
»»»Tá saol na mbochtán le hathrú san Astráil, dar le Bearnaí Ó Doibhlin. Tá gach cuma ar an scéal go ngníomhóidh an Príomh-Aire, Kevin Rudd, ar bhonn náisiúnta agus go háitiúil le deireadh a chur le heaspa dídine san Astráil.
»»»Meabhraíonn Bearnaí Ó Doibhlin eachtraí báis agus beatha dúinn as taobh na hIndinéise, eachtraí a d’fhág ábhar dóláis ag muintir na hAstráile. Chuaigh an gháir amach as an Astráil ar son phionóis an bhais i dtosach, ach tharla údar athmhachnaimh ar an scéal nuair a gabhadh naonúr Astrálach san Indinéis as coir eile.
»»»Tugann Bearnaí Ó Doibhlin cur síos ar ghné de truamhéile na staire, an bád bán a thug girsí is mná óga, amach as Teach na mBocht, anonn chun na hAstráile.
»»»Tá daoine áirithe san Astráil ag gearán faoina laghad bonn a bhain an fhoireann náisiúnta sna Cluichí Oilimpeacha agus iad á rá gur chóir maoiniú sa bhreis a chur ar fáil do spóirt éilíteacha sa tír dá bharr. Tá Bearnaí Ó Doibhlin idir dhá chomhairle faoi sin, áfach.
»»»Fógraíodh le gairid go bhfuil maolú le teacht ar na polasaithe géara atá i bhfeidhm san Astráil i dtaca le lucht iarrtha tearmainn. Tá Bearnaí Ó Doibhlin den tuairim gur céim mhór chun tosaigh é seo.
»»»Thug Rialtas na hAstráile cuid trúpaí na tíre ar ais ón Iaráic le gairid, mar a gheall an Príomh-Aire roimh an olltoghchán anuraidh go ndéanfadh sé, ach, dar le Bearnaí Ó Doibhlin, níl aon dochar déanta ag an gcinneadh seo don chaidreamh idir an tír agus na Stáit Aontaithe.
»»»Tá gach cosúlacht ar an scéal go ngearrfar an sean-nasc bunreachtúil idir an Bhreatain agus an Astráil san am atá romhainn. Seans, áfach, gur mall seachas luath a tharlóidh sé, dar le Bearnaí Ó Doibhlin.
»»»Ó thaobh na hAstráile de, bítear ag caint go minic ar chomh hiontach agus atá Melbourne agus Sydney. Ach tá Bearnaí Ó Doibhlin den tuairim gur áit ar leith í an phríomhchathair, Canberra, chomh maith.
»»»Cé gur bhain muintir na hAstráile neamhspleáchas amach sa bhliain 1901, tá eachtrannach ina ceann stáit go fóill. Déanann Bearnaí Ó Doibhlin cur síos ar ról ard-ghobharnóir na hAstráile, an té a fheidhmíonn mar ionadaí Bhanríon na Ríochta Aontaithe thall.
»»»Bíonn féile ar siúl gach bliain in Sydney le ceiliúradh a dhéanamh ar fhéiniúlacht an phobail aeraigh abhus. Insíonn Bearnaí Ó Doibhlin dúinn faoin imeacht spraíúil seo agus faoin mbaint atá ag an nGaeilge le stair an homaighnéasachais san Astráil.
»»»Gabhadh leithscéal oifigiúil le gairid le páistí Bundúchasacha a aistríodh go teaghlaigh gheala agus institiúidí in éadan thoil a muintire idir 1910 agus 1970. Cúlra an scéil ó Bhearnaí Ó Doibhlin.
»»»Tá príomh-aire nua ag muintir na hAstráile. Tá laoch nua spóirt acu fosta, an galfaire Won Joon Lee. Ach cén fáth a bhfuil an dá fhíric seo bainteach lena chéile? Míníonn Bearnaí Ó Doibhlin an scéal.
»»»In eagrán mhí na Samhna de [i]Beo![/i], scríobh Bearnaí Ó Doibhlin faoin dóigh a raibh muintir na hAstráile ag súil le hathrú rialtais. Tá an t-olltoghchán anois thart agus tá rialtas nua i réim sa tír. Ach céard a chiallaíonn an t-athrú seo?
»»»Tá muintir na hAstráile an-tógtha le cruicéad. Ach tá difríocht ollmhór idir na cineálacha éagsúla cruicéid – ní hamháin ó thaobh na rialacha de, ach ó thaobh lucht leanúna fosta, a deir Bearnaí Ó Doibhlin.
»»»Ní minic a thagann athrú ar rialtas náisiúnta na hAstráile, ach táthar ag súil go mbeidh ré an chomhrialtais reatha thart tar éis an chéad olltoghchán eile, a deir Bearnaí Ó Doibhlin.
»»»Bíonn daoine atá an-éagsúil lena chéile ag tabhairt cuairte ar Cape Byron, ach tá ag éirí go han-mhaith leo maireachtáil in aice lena chéile, a deir Bearnaí Ó Doibhlin.
»»»Cé gur cuireadh tús leis an bpeil Astrálach i Melbourne, níl ag éirí go maith le foireann na cathrach sin le roinnt blianta anuas. Táthar ag súil, áfach, go dtiocfaidh feabhas ar an scéal sin, a deir Bearnaí Ó Doibhlin.
»»»Tá go leor deacrachtaí ag rialtas na hAstráile ach níl ag éirí leis an bhfreasúra teacht i dtír ar na deacrachtaí sin, mar a mhíníonnn Dáithí Ó Colchúin.
»»»Tá éacht oibre déanta ag eagraíochtaí comhshaoil na hAstráile le fiche bliain anuas, dar le Dáithí Ó Colchúin .
»»»Tá an aimsir mhaith agus na deiseanna fostaíochta ag mealladh go leor daoine ón mBreatain chun na hAstráile. Tuairisc ó Dháithí Ó Colchúin .
»»»D’fhéadfadh [i]coup d’état[/i] a bheith i bhFidsí gan mhoill, ach ní cúis iontais é sin, mar a mhíníonn Dáithí Ó Colchúin.
»»»D’fhéadfadh an triomach atá ann san Astráil faoi láthair leanúint ar aghaidh go ceann blianta, a deir Dáithí Ó Colchúin .
»»»Beidh sé níos deacra ag inimircigh saoránacht a bhaint amach san Astráil as seo amach, mar a mhíníonn Dáithí Ó Colchúin .
»»»Tá bunadh Wentworth i New South Wales an-cheanúil ar tharracóirí Ferguson, agus tá cúis mhaith go bhfuil sé sin amhlaidh, mar a mhíníonn Dáithí Ó Colchúin.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil.
Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.