Tugann Bearnaí Ó Doibhlin cur síos ar ghné de truamhéile na staire, an bád bán a thug girsí is mná óga, amach as Teach na mBocht, anonn chun na hAstráile.
Cuireadh tús le lonnaíocht Eorpach san Astráil mar áitreabh pionóis ar 26 Eanáir 1788, nuair a tháinig an t-aon long déag sa Chéad Chabhlach i dtír i gcuas beag i gCuan Sydney. Tugadh Cuas Sydney ar an gcéad lonnaíocht Eorpach seo agus sa lá atá inniu ann, tá an cuas idir an dá ghné shaorga is íocónaí san Astráil: an tÁras Ceoldrámaíochta I Sydney agus Droichead Chuan Sydney.
Fearacht mhuintir Bhaile Átha Cliath, is breá leis na hAstrálaigh leasainmneacha a thabhairt ar ghnéithe poiblí, agus tugtar ‘An Crochadán Cóta’ go forleathan ar an ndroichead. Go nuige seo, áfach, níl leasainm socraithe don áras ceoldrámaíochta.
Thar na blianta ó 1788, tháinig na mílte long eile i dtír i gCuas Sydney agus na céadta míle duine orthu ag lorg saol nua faoi Chros an Deiscirt. Bhí go leor Éireannach i measc na ndaoine a tháinig sna longa, timpeall ar 58,000 daoránach san áireamh – caithfear a admháil gur tháinig siadsan in éadan a dtola!
Chomh maith leis na daoránaigh, tháinig go leor Éireannach eile chun na hAstráile i luathstair na coilíneachta faoi scéimeanna inimirce éagsúla. Rinneadh comóradh ar na mallaibh ar scéim inimirce amháin ar ar tugadh ‘Scéim Inimirce Dhílleachtaí an Ghorta Mhóir’.
Reáchtáladh tionól de shliocht na ndílleachtaí seo ag Díseart Naomh Cléimint, atá corradh is céad ciliméadar siar ó thuaidh as Canberra, le comóradh céad bliain is seasca na scéime a cheiliúradh. Mhair an tionól ar feadh sé lá agus tugadh “Far from Famine” air. Bhí réimse leathan léachtaí bainteach leis na dílleachtaí ar chlár an tionóil, chomh maith le seisiúin ceoil agus rince sa tráthnóna.
Thug an seandálaí agus staraí, Micheal Gibbons, arb as an gClochán i gContae na Gaillimhe dó, an spreagaitheasc in ar pléigh sé tionchar leantach an Ghorta Mhóir ar thírdhreach na hÉireann. Sna léachtaí eile, chualathas faoi theacht na ndílleachtaí, faoina dtaithí éagsúla sa tír seo agus faoin gcoilíneacht mar a bhí sí faoin am sin.
Cuireadh tús leis an scéim inimirce ar 6 Deireadh Fómhair 1848, nuair a tháinig long darb ainm an Earl Grey i dtír i gCuas Sydney, agus 183 bean óg Éireannach ar bord. Thóg a n-aistear as Plymouth ceithre mhí. Dílleachtaí ó thithe na mbocht ba ea na mná óga seo agus ní ba dhéanaí, tháinig beagnach ceithre mhíle bean óg Éireannach eile as na tithe chun na hAstráile faoin scéim.
Bhí na mílte duine i dtithe na mbocht in Éirinn sa bhliain 1848 - go leor dílleachtaí ina measc - mar gheall ar an nGorta Mór. Ag an am céanna, bhí cúpla fadhb ag na húdaráis sa choilíneacht Astrálach. Sa chéad dul síos, bhí ganntanas oibrithe go ginearálta, ach go háirithe searbhóntaí tí. Bhí éagothroime freisin idir líon na bhfear agus líon na mban, agus b’údar imní í an leathmhaig lín seo do dhaoine áirithe.
Le dul i ngleic le fadhb thithe na mbocht in Éirinn agus leis na fadhbanna sa choilíneacht araon, cuireadh tús leis an scéim inimirce thuasluaite. Tháinig 4114 bean óg, a bhí idir ceithre bliana déag d’aois agus naoi mbliana déag d’aois, chun na hAstráile faoin scéim. Tháinig na mná óga sa chéad long as ceithre chontae i gCúige Uladh, ach ar an iomlán tháinig na dílleachtaí as 120 teach na mbocht as áiteanna éagsúla ar fud Éireann.
Aisteach le rá, cé go raibh an-tóir ar na mná óga abhus, níor chuireadh fearadh na fáilte roimh na dílleachtaí ar an Earl Grey, nó roimh a gcomhpháirtithe a tháinig i dtír ní ba dhéanaí sa scéim. Le blianta sular cuireadh tús leis an scéim, bhí díospóireacht ghéar ar siúl sa choilíneacht i dtaca le caighdeán na ndaoine a bhí ag teastáil le forbairt na tíre nua a chur chun cinn. Ní raibh daoine áirithe abhus sásta le dúnghaois inimirce na n-údarás i Londain agus thug siad “pauper immigration” ar an mbeartas a bhí i bhfeidhm sna 1830s.
Ní raibh mná na chéad loinge i bhfad i Sydney sula raibh ráflaí ag dul thart ag cur in iúl go raibh drochiompar i gceist leo ar an aistear mara chun na coilíneachta. Fiú, nuair a fuair siad poist sa chathair agus in áiteanna eile sa choilíneacht go gairid ina dhiaidh sin, bhíodh tuairiscí sna nuachtáin go rialta ag maíomh nach raibh na mná in inmhe a ndualgais oibre a dhéanamh i gceart.
Gan amhras bhí dearcadh fríth-Éireannach – go háirithe dearcadh fríth-Chaitliceach – le sonrú sa choilíneacht roimh theacht na ndílleachtaí, agus de réir nuachtáin amháin in Sydney sa bhliain 1848, ní raibh sna mná óga ach “the sweepings of the workhouses”. Léirigh an ministir Preispitéireach, John Dunmore Lang, an cineál meoin a bhí ag cuid de na coilínigh áitiúla nuair a scríobh sé chuig Rúnaí na gCoilíneachtaí i Londain ag impí air “virtuous and industrious Protestants” a chur amach ar inimirce seachas mná Caitliceacha Éireannacha, ar eagla go ndéanfaí an choilíneacht “Tipperarified”!
Mar gheall ar na hailt sna nuachtáin, ar na gearráin a rinne mionlach beag de na fostóirí agus ar na litreacha agus achainíocha a scríobh daoine ar nós Lang chuig na húdaráis sa Bhreatain, cuireadh deireadh leis an scéim inimirce sa bhliain 1850. Is mór an trua é gur cuireadh deireadh léi mar go raibh os cionn céad míle páiste fós i dtithe na mbocht in Éirinn ag an am.
Ag deireadh an tionóil, thug Ambasadóir na hÉireann san Astráil, a Shoilse Máirtín Ó Fainín, aitheasc in ar phléigh sé an caidreamh cairdiúil atá ag Éirinn leis an Astráil faoi láthair. Dúirt sé go raibh an nasc láidir eatarthu le sonrú go ríléir agus é “ag breathnú ar aghaidheanna Éireannacha sa lucht féachana.” Dúirt sé freisin go bhfuil an Astráil, “ar an tír is Gaelaí ar domhan taobh amuigh d’Éirinn í féin.”
Chaith mé ceithre lá i gcuideachta shliocht na ndílleachtaí agus dála an ambasadóra, mhothaigh mé go raibh mé i gcomhluadar gaolta seachas i measc strainséirí. Chuaigh scéalta na mban óg, a rinne an t-aistear iontach chun na hAstráile céad is seasca bliain ó shin, i bhfeidhm go mór orm. Bhí saol crua ag an gcuid ba mhó acu, gan amhras, ach is mór an méid a sholáthair siad do luathfhorbairt na tíre seo.