AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
An tAigéan Ciúin glórach
Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin

D’fhéadfadh [i]coup d’état[/i] a bheith i bhFidsí gan mhoill, ach ní cúis iontais é sin, mar a mhíníonn Dáithí Ó Colchúin.

Íomhá
Círéibeacha ar siúl i dTonga an mhí seo caite
Íomhá
Ceannaire an airm, Frank Bainimarama

Ní bhíonn an tAigéan Ciúin chomh ciúin sin i gcónaí. Níos túisce i mbliana, cuir i gcás, bhí sé ina raic in Oileáin Sholamón. Tá sé ina raic ansin ó 2000 agus tharla an trioblóid is deireanaí in ainneoin fórsa réigiúnda as tíortha eile, a bhformhór as an Astráil agus an Nua-Shéalainn, a bheith ansin le tamall de bhlianta le rudaí a choinneáil faoi smacht.

An mhí seo caite bhí círéibeacha i dTonga nuair a tháinig olc ar dhaoine go raibh an pharlaimint le scor gan tada bheith á dhéanamh faoi chóras daonlathach a chur i bhfeidhm. Scriosadh cuid mhaith de lár na príomhchathrach, Nuku’alofa. Fágadh ochtar marbh. D’iarr an rialtas cúnamh ar an Astráil agus an Nua-Shéalainn agus cuireadh beagnach 200 saighdiúir agus póilín anonn.

Ach is ar Fhidsí is mó atá aird rialtais an réigiúin anois. Tá caint ar coup ann as seo go ceann coicíse. Is beag nach bhféadfaí a rá gur traidisiún seanbhunaithe é i bhFidsí má bhíonn an t-arm míshásta leis an rialtas gur coup an toradh a bhíonn air. Bhí dhá coup ann i 1987 agus ceann eile in 2000.

Thosaigh an scéal is deireanaí seo nuair a d’fhógair an rialtas go gcuirfí reachtaíocht nua i bhfeidhm a thabharfadh pardún dóibh siúd a bhí páirteach i coup na bliana 2000. Dúirt Frank Bainimarama, ceannaire an airm, nach mbeadh aon ghlacadh leis an reachtaíocht sin agus dá leanfaí ar aghaidh leis go gcuirfí an rialtas de dhroim seoil. Bhí Bainimarama ar dhuine acu siúd nár éirigh leo ach ar éigean a gcosa a thabhairt leo in 2000. Tar éis roinnt cainte, ghéill an rialtas an mhí seo caite agus cuireadh an reachtaíocht ar ceal. Níorbh é sin deireadh an scéil. D’fhógair coimisinéir na bpóilíní go rabhthas ag fiosrú an bhféadfaí cás ceannairce a thabhairt in aghaidh Bainimarama agus aon duine eile a bhí bainteach leis an mbagairt in aghaidh an rialtais. Anois, tá Bainimarama ag rá gur chóir deireadh a chur le haon fhiosrú atá ar siúl faoin arm agus gur chóir coimisinéir na bpóilíní a dhíbirt. Mura dtarlaíonn sé sin taobh istigh d’achar gairid (coicís ceaptar), cuirfear deireadh leis an rialtas.

Beidh cruinniú ar siúl inniu (1 Nollaig) ag airí gnóthaí eachtracha an Aigéin i Sydney leis an scéal a phlé ach ní léir an féidir leo tada a dhéanamh faoin scéal. Tá rabhadh tugtha ag Bainimarama do thíortha eile an réigiúin gan a ladar a chur sa scéal. Tá sé ar thuras príobháideach go dtí an Nua-Shéalainn faoi láthair agus bhuail sé faoi dhó leis an aire gnóthaí eachtracha ansin, Winston Peters, ach ní fios cén toradh a bhí ar a gcuid cainteanna.

Má bhí tú ag brath ar dhul go Fidsí, b’fhearr duit an turas a chur siar. Ar ndóigh, b’fhéidir nach i mbliana a bheas an chéad coup eile ann ach in 2007 nó 2008. Ní bheadh a fhios agat.

Tá Dáithí Ó Colchúin ina chónaí i Sydney. Is as an gCeathrú Rua i gConamara ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.