Cé gur cuireadh tús leis an bpeil Astrálach i Melbourne, níl ag éirí go maith le foireann na cathrach sin le roinnt blianta anuas. Táthar ag súil, áfach, go dtiocfaidh feabhas ar an scéal sin, a deir Bearnaí Ó Doibhlin.
Tá Melbourne, príomhchathair Victoria, ar an dara cathair is mó san Astráil agus tá daonra de thrí mhilliún go leith aici. Is tír í an Astráil atá an-tógtha le cúrsaí spóirt, agus ó thaobh lucht leanúna de, caithfear a rá go bhfuil muintir Melbourne i bhfad chun tosaigh ar áit ar bith eile sa tír. Cibé spórt a bhíonn ar siúl, is cuma faoin aimsir, plódaíonn lucht leanúna isteach chun é a fheiceáil. Deirtear dá mbeadh dhá chuileog i rás ar bhalla sa chathair go mbeadh scaifte cruinnithe thart timpeall orthu ag béicíl tacaíochta. Agus ag cur geallta orthu.
Chomh maith lena dtraidisiún spóirt, tá go leor ábhar bróid eile ag muintir Melbourne. Cúpla bliain ó shin, mar shampla, bhí Melbourne ar an gcathair is fearr ar domhan le maireachtáil inti, de réir suirbhé idirnáisiúnta. Baintear úsáid as slata éagsúla tomhais chun breithiúnas a thabhairt ar chathair. Tá córas iompair phoiblí i measc na nithe sin, agus tá ról lárnach ag na tramanna sa chóras rathúil iompair in Melbourne.
Tráth den saol, bhíodh córas tram ag cathracha móra eile sa tír, ach cuireadh deireadh leo. Tá an t-ádh dearg ar mhuintir Melbourne gur chloígh a sinsear leis an modh éifeachtach taistil seo.
Is cathair ilchultúrtha é Melbourne, a bhfuil daoine as 141 tír dhifriúil ina gcónaí ann. Tá tionchar faoi leith acu siúd ar de bhunadh Gréagach iad ar an gcathair. Tar éis an Dara Cogadh Domhanda, tháinig na céadta míle inimirceach ón nGréig chun na hAstráile agus chuir beagnach caoga faoin gcéad acu fúthu in Melbourne.
Sa lá atá inniu ann, tá níos mó cainteoirí Gréigise in Melbourne ná aon chathair eile ar domhan, taobh amuigh den Aithin í féin agus Thessaloniki. Mar gheall air sin, tugadh Aithin an Deiscirt uirthi roinnt blianta ó shin. Is breá le muintir Melbourne cultúr an chaife agus is dócha gur thug muintir na Gréige, agus daoine as tíortha eile na Meánmhara, an stíl seo mhaireachtála leo go Melbourne.
Paiseanta faoin bpeil
Faoi láthair, áfach, agus muid ag druidim le deireadh an gheimhridh sna Fritíortha, níl ach mórábhar amháin i mbéal an phobail in Melbourne: an chaid. Peil Astrálach le bheith beacht. Tá díospóireacht ar siúl le blianta anuas mar gheall ar bhunús na peile Astrálaí, ach níl aon amhras ach gur in Victoria a imríodh an chéad chluiche riamh, agus ba in Melbourne a leagadh síos na rialacha den chéad uair.
Bunaíodh an chéad chomórtas peile Astrálach in Melbourne go déanach sa 19ú haois, agus ar feadh thart ar chéad bliain ina dhiaidh sin bhí an comórtas peile Astrálach is fearr sa tír ar siúl sa chathair. Mealladh imreoirí den chéad scoth as na stáit eile go Melbourne le bheith páirteach ann. Dá bhrí sin, tá sé intuigthe go mothaíonn muintir na cathrach gur leosan an pheil Astrálach.
Timpeall fiche bliain ó shin, ligeadh dhá fhoireann as an Astráil Theas agus dhá cheann as an Astráil Thiar, an dá stát eile a bhfuil an cód coitianta peile acu, isteach sa chomórtas. Chomh maith leis sin, bhog foirne ó Melbourne go dtí New South Wales agus go Queensland, cé go bhfuil rugbaí i bhfad níos coitianta ná peil Astrálach sna stáit sin.
Ar dtús, bhí muintir Melbourne an-sásta go raibh a spórtsan á imirt ar fud fad na tíre, ach ó thús an chéid seo, bhuaigh foirne as na stáit eile an chraobh gach babhta. Níos measa fós, le trí bliana anuas ní raibh fiú foireann amháin as Victoria páirteach sna cluichí ceannais, a imrítear gach bliain ag deireadh mhí Mheán Fómhair ar an fhaiche cruicéid in Melbourne.
I mbliana, áfach, tá foirne as Victoria ag barr na sraithe ag deireadh an tsraithchomórtais cáiliúcháin, agus de réir cosúlachta tá seans an-mhaith ann go mbeidh an chraobh ag filleadh ar a fíorbhaile in Melbourne. Dá bharr sin, tá suim as cuimse sa pheil ag muintir na háite faoi láthair.
Thar fóir
Gan amhras, téann cuid de lucht leanúna na peile abhus thar fóir, na tráchtairí spóirt sna meáin ach go háirithe. Ach tá acmhainn mhaith grinn ag muintir Victoria agus bíonn siad ábalta scéalta grinn a chumadh mar gheall ar an bhfiabhras peile. An file Bruce Dawe, cuir i gcás, a rugadh agus a tógadh in Victoria. Scríobh seisean faoin ndíograis atá ag muintir a stáit maidir leis an bpeil ina dhán "Lifecycle": When children are born in Victoria they are
wrapped in club colours,
Laid in beribboned cots, having already
a lifetime’s barracking.
Sa chuid eile den dán, déanann sé comparáid aorach ghreannmhar idir an fiabhras peile agus creideamh cráifeach.
Ach má théann cuid acu thar fóir ag an tráth seo bliana, feictear dom go bhfuil buntáistí ag baint le spéis mhuintir Melbourne sa pheil. Nuair a bhreathnaím ar gharmhic s’againne agus ar a gcairde, idir bhuachaillí agus chailíní, ag imirt peile amuigh faoin aer, measaim go bhfuil caitheamh aimsire an-fholláin acu. Is breá liomsa iad a fheiceáil taobh amuigh, in ionad iad a bheith sáite os comhair scáileán teilifíse nó ríomhairí ar thóineanna ramhra, go háirithe agus muid i ré ina bhfuil fadhb an mhurtaill ag méadú de shíor i measc na hóige.
As Bóthar na bhFál i mBéal Feirste é Bearnaí Ó Doibhlin ach tá cónaí air san Astráil ó bhí 1972 ann. Ba mhúinteoir Béarla é i gColáiste Mhaolmhaodhóg i mBéal Feirste ar feadh sé bliana sular thug sé féin, a bhean chéile agus a bheirt iníonacha aghaidh ar an Astráil. Lean sé ar aghaidh ag múineadh i gcathair Canberra go dtí go ndeachaigh sé ar scor i 1999.