AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Mórtas phobal aerach na hAstráile
Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin

Bíonn féile ar siúl gach bliain in Sydney le ceiliúradh a dhéanamh ar fhéiniúlacht an phobail aeraigh abhus. Insíonn Bearnaí Ó Doibhlin dúinn faoin imeacht spraíúil seo agus faoin mbaint atá ag an nGaeilge le stair an homaighnéasachais san Astráil.

Íomhá
Meallann an Gay and Lesbian Mardi Gras Festival na mílte turasóir chuig Sydney gach bliain
Íomhá
Cé gur cóisirí móra iad na féilte seo, bíonn teachtaireacht dháiríre ag baint leo chomh maith
Íomhá
Tá plé déanta ar an nasc idir Béarla na hAstráile agus an Ghaeilge sa leabhar Sounds Irish le Dymphna Lonergan

I rith na bliana, bíonn imeachtaí éagsúla ar siúl in Sydney, príomhchathair New South Wales, a mheallann na mílte duine chuig an gcathair. Tá an Gay and Lesbian Mardi Gras Festival ar cheann de na díolta is mó spéise do thurasóirí áirithe a thagann chun na cathrach gach bliain.

Bíonn an Mardi Gras ar siúl ar feadh míosa agus bíonn daoine leispiacha, aeracha, déghnéasacha agus trasghnéasacha mar chuid lárnach di. Is é buaicphointe an Mardi Gras, gan aon agó,an pharáid spleodrach ollmhór a bhíonn ar siúl ag deireadh na féile.

I mbliana, mar shampla, ghlac 9,000 duine páirt sa pharáid agus, mar is iondúil, bhí siad go léir gléasta go lonrach. Bhí 150 flóta sa pharáid agus meastar gur tháinig suas le 300,000 duine le chéile le féachaint uirthi.

D’fhreastail go leor cuairteoirí as tíortha eile ar bhféile, a bhformhór as Stáit Aontaithe Mheiriceá. Bhí an-éileamh ar eitiltí ó California go Sydney, agus dá bharr sin chur aerlíne amháin eitilt sa bhreis – ar tugadh The Pink Flight uirthi – ar fáil go speisialta.Cé gur chóisir an-mhór é – agus cé go raibh atmaisféar croíúil spraíúil le brath lena linn – mar is gnáth, bhí teachtaireacht dháiríre ag baint leis an bhféile chomh maith. Theastaigh ó na daoine a bhí páirteach inti a rá os ard go poiblí go bhfuil siad bródúil as a gclaonadh gnéasach agus as a bhféiniúlacht.

Ba í an teachtaireacht eile a theastaigh uathu a chur in iúl ná nach bhfuil comhionannas iomlán bainte amach acu san Astráil sa chaoi is go mbítear ag déanamh leithcheala orthu go fóill agus go mbraitheann cuid acu faoi bhagairt an fhoréigin in amanna.

Dlíthe idirdhealaitheachaCuireadh tús leis an Mardi Gras in Sydney sa bhliain 1978, nuair a shiúil cúpla céad duine tríd an gcathair agus cearta daonna á n-éileamh acu. Bhí go leor dlíthe idirdhealaitheacha fós i bhfeidhm ag an am sin. Mar shampla, bhí caidreamh collaí idir fir fós mídhleathach in NSW tríocha bliain ó shin.

Tar éis an mhórshiúil thuasluaite, eagraíodh cóisir – ar tugadh an Mardi Gras uirthi – agus ghabh na póilíní 53 duine a bhí páirteach inti. I mbliana, bhí flóta de chuid an fhórsa áitiúil póilíneachta páirteach sa pharáid, rud a léiríonn an t-athrú suntasach atá tagtha ar stádas an phobail seo le tríocha bliain anuas. Léiriú atá ann fosta ar an athrú atá tagtha ar an gcaidreamh leis na póilíní.

I bparáid na bliana seo, bhí na daoine a ghlac páirt sa chéad mhórshiúl riamh sa bhliain 1978 le feiceáil chun tosaigh. Rinneadh amhlaidh le haird a tharraingt ar an bhfeachtas leanúnach atá i ndiaidh a bheith ar bun sa tír seo ó bhí 1978 ann chun comhionannas a bhaint amach don phobal seo. Tugadh áit lárnach freisin sa pharáid do bheirt fhear óga aeracha a gortaíodh go dona ar na mallaibh nuair a rinneadh ionsaí orthu i lár Sydney de bharr iad a bheith ag siúl agus greim láimhe acu ar a chéile.

Den chéad uair riamh, bhí baill den chléir Chríostaí páirteach sa pharáid, agus dúirt duine a bhí ag feidhmiú mar urlabhraí thar ceann an ghrúpa seo gur chóir do na heaglaisí Críostaí leithscéal a ghabháil leis an bpobal aerach sa tír as ucht an leithcheala a rinne – agus atá á dhéanamh – ag na heaglaisí orthu.

Is díol suntais é go raibh daoine den chléir Chríostaí páirteach sa pharáid. Nuair a bhíodh na paráidí ar siúl i dtosach, bhí go leor Críostaithe bunchreidmheacha glan ina n-aghaidh. Sheasaidís ar an gcosán taobh leis na paráidí ag impí ar Dhia báisteach throm a chur anuas ar na daoine a bhí páirteach iontu – mar a tharla sa scéal bíobalta faoi Shodam agus Gomóra. Tá go leor acu fós den tuairim gur peaca ollmhór é an fhéile a bheith ar siúl de bharr go spreagann sí “an stíl mhaireachtála homaighnéasach” i measc daoine óga.

Feictear dom go mbítear ag léiriú measa ar an bpobal aerach san Astráil den chuid is mó sa lá atá inniu, go háirithe má dhéanann tú comparáid idir an dóigh ar caitheadh leis sa bhliain 1978 agus an dóigh a gcaitear leis inniu. Measaim gur chuir an Mardi Gras bliantúil go mór leis an bhfeachtas a bhí – agus atá – ar siúl sa tír seo le dearcadh na nAstrálach i leith an phobail seo a athrú. Is léir dom freisin, áfach, go ndéantar idirdhealú fós ar dhaoine aeracha san iliomad réimsí den tsochaí abhus.

Aisteach le rá, ámh, tá baint ag an nGaeilge le stair na gcúrsaí seo san Astráil.

SheilasTugtar Sheilas mar leasainm ar mhná san Astráil. Le fada an lá, bhí teoiric ag foclóirithe abhus go raibh baint ag an leasainm sin leis an ainm baiste Éireannach, Síle. Chreid na foclóirithe gur ainm baiste an-choitianta i measc na mban Éireannach san Astráil ab ea é an t-ainm Síle faoin am a chualathas trácht ar an leasainm Sheila san Astráil den chéad uair. Mar shampla, scríobhadh i bhfoclóir dar teideal The Dinkum Dictionary:

‘Sheila’ was a common female name in Ireland, used alongside the name ‘Paddy’ to represent the archetypal Irish couple. From this early usage ‘Sheila’ came to mean any female, whether Irish or not.

Foilsíodh an leabhar Sounds Irish, le Dymphna Lonergan, trí bliana ó shin. Déantar cur síos sa leabhar áirithe seo ar thaighde a rinne an t-údar ar an tionchar a bhí ag an nGaeilge ar Bhéarla na hAstráile. Bhí Gaeilge ag go leor de na hÉireannaigh a tháinig chun na hAstráile go luath i stair na coilíneachta, cuid nach beag acu a thug a n-aghaidh ar an tír ar bheagán Béarla.

Tháinig os cionn 2,000 bean chun na hAstráile ó Éirinn idir 1788, nuair a bunaíodh an choilíneacht, agus 1828. Ba sa bhliain 1828 a rinneadh an chéad tagairt d’úsáid an leasainm Sheilas. Ach de réir thaighde Dymphna Lonergan, ní raibh oiread agus bean amháin ar tugadh Síle uirthi i measc na mban a tháinig ó Éirinn!

Dá bhrí sin, is léir nach raibh bunús dá laghad ag baint le teoiric na bhfoclóirithe!

Ach tá cúpla teoiric eile ag Lonergan. Tá focal “síle” i gceist sa Ghaeilge arb é is brí leis ná “duine baineanda”. Nuair a bunaíodh an choilíneacht, agus ar feadh tamaill fhada ina dhiaidh sin, bhí ganntanas ban i gceist inti, agus b’éigean do chuid de na fir obair na mban a dhéanamh – an chócaireacht agus an níochán, cuir i gcás.

Measann Lonergan gur thug na cainteoirí Gaeilge an leasainm “síle” orthu siúd a bhí i mbun na hoibre sin.

Dar léi, bhí brí eile ag baint leis an bhfocal “síle” chomh maith agus tá tagairt don bhrí sin le fáil i bhfoclóir collaíochta Dháithí Uí Luineacháin, Ó Ghlíomáil go Giniúint. De réir an fhoclóra sin, is éard is brí leis an bhfocal “síle” ná “fear aerach”. Tá go leor fianaise ar fáil a chruthaíonn go mbíodh caidreamh collaí i gceist go minic idir na fir i rith luathstair na coilíneachta.

Ardmholadh do bhean is ea é san Astráil má deirtear fúithi gur Great Looking Sheila í. Is dóigh liom go mbíonn na Gaeilgeoirí abhus ag déanamh miongháire agus a leithéid le cloisteáil!

As Bóthar na bhFál i mBéal Feirste é Bearnaí Ó Doibhlin ach tá cónaí air san Astráil ó bhí 1972 ann. Ba mhúinteoir Béarla é i gColáiste Mhaolmhaodhóg i mBéal Feirste ar feadh sé bliana sular thug sé féin, a bhean chéile agus a bheirt iníonacha aghaidh ar an Astráil. Lean sé ar aghaidh ag múineadh i gcathair Canberra go dtí go ndeachaigh sé ar scor i 1999.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.