AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Cé acu is tábhachtaí, boinn nó rannpháirtíocht?
Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin

Tá daoine áirithe san Astráil ag gearán faoina laghad bonn a bhain an fhoireann náisiúnta sna Cluichí Oilimpeacha agus iad á rá gur chóir maoiniú sa bhreis a chur ar fáil do spóirt éilíteacha sa tír dá bharr. Tá Bearnaí Ó Doibhlin idir dhá chomhairle faoi sin, áfach.

Íomhá
Íomhá
The Australian Institiúid of Sport, Canberra
Íomhá
Bhí an-rath ar na Briotánaigh sa rothaíocht ag na Cluichí Oilimpeacha i mbliana
Íomhá
Tá na hAstrálaigh ag titim chun feola, de réir tuarascála a foilsíodh le gairid

Is tír í an Astráil atá an-tógtha le cúrsaí spóirt agus músclaítear suim ar leith i lucht leanúna spóirt abhus agus foirne na tíre páirteach i gcomórtais mhóra idirnáisiúnta ar nós na gCluichí Oilimpeacha. Mar is iondúil le blianta anuas, bhí lúthchleasaithe na hAstráile rathúil in imeachtaí éagsúla le linn na gCluichí i mBéising ar na mallaibh.

Bhuaigh foireann na hAstráile 46 bonn ag na Cluichí i mbliana, ceithre bhonn óir déag san áireamh. Bhain an fhoireann náisiúnta an séú háit amach as na 204 tír a bhí ar thábla na mbonn, agus tá daonra i bhfad níos mó ag na cúig thír a bhí chun cinn uirthi. Dá bharr sin, feictear dom gur éirigh go geal le lúthchleasaithe na hAstráile i mBéising.

Aisteach le rá, áfach, níl daoine áirithe san Astráil – tráchtairí spóirt go príomha – go hiomlán sásta leis an méid a bhain foireann na tíre amach i mBéising. Sa chéad dul síos, bhain an Astráil an ceathrú háit amach ar tháblaí na mbonn ag an dá bhabhta is deireanaí de Chluichí, a bhí ar siúl san Aithin agus in Sydney. Dá bhrí sin, bhíothas ag súil go forleathan abhus go mbuafadh na hAstrálaigh níos mó bonn ná mar a bhain siad.

Anuas air sin – agus thar gach ní eile – an rud atá ag dó na geirbe acu siúd atá míshásta ná gur bhuaigh foireann na Breataine Móire níos mó bonn ná mar a bhuaigh na hAstrálaigh. Tá iomaíocht ghéar ar siúl idir an dá thír i gcúrsaí spóirt ó nach raibh sa tír seo ach coilíneacht de chuid Impireacht na Breataine. Le fiche

bliain anuas, tá lámh in uachtar i ndiaidh a bheith ag na hAstrálaigh ar an mBreatain, ach amháin an iarraidh seo nuair a chríochnaigh siad chun deiridh ar an tsean-namhaid.

Thiar sa bhliain 1976, theip go huile is go hiomlán ar fhoireann na hAstráile sna Cluichí Oilimpeacha, a bhí ar siúl i Montréal. Níor bhuaigh sí oiread is bonn óir amháin an iarraidh sin, agus ar an iomlán, níor bhuaigh an fhoireann ach cúig bhonn – agus ba bhoinn chré-umha ceithre cinn acu.

Australian Institute of SportThuig Malcolm Fraser, a bhí ina phríomh-aire ag an am, go raibh muintir na tíre an-mhíshásta leis an toradh agus gur mheas siad go raibh dualgas ar a rialtas dul i ngleic leis an bhfadhb seo. Chuir sé maoiniú flaithiúil ar fáil leis an Australian Institute of Sport (AIS) a bhunú abhus in Canberra. Tógadh foirgnimh éagsúla agus cuireadh na háiseanna spóirt is fearr ar fáil iontu. Earcaíodh cóitseálaithe agus oiliúnóirí den chéad scoth – ní hamháin Astrálaigh, ach daoine as tíortha ar fud an domhain – leis na lúthchleasaithe san institiúid a thraenáil.

Níl aon amhras ach gur éirigh go han-mhaith leis an institiúid seo, mar a léiríonn na torthaí thuasluaite a baineadh amach ag na Cluichí Oilimpeacha. Ach roinnt blianta ó shin, chinn na húdaráis spóirt sa Bhreatain Mhór ar thriail a bhaint as córas traenála atá an-chosúil leis an gcóras a úsáidtear san institiúid Astrálach. Mar a léiríonn na torthaí i mBéising, d’éirigh thar barr leis an gcur chuige nua seo.

Dála na nAstrálach ag an AIS, dhírigh na húdaráis sa Bhreatain Mhór ar spóirt áirithe, seachas a bheith ag díriú ar gach spórt ar chlár na gCluichí Oilimpeacha. Ar an droch-uair – ó thaobh na nAstrálach de – dhírigh siad ar chuid de na spóirt a bhfuil an Astráil go maith acu, ar an rothaíocht ach go háirithe.

Ag na Cluichí san Aithin ceithre bliana ó shin, bhuaigh na rothaithe Astrálacha deich mbonn, sé bhonn óir san áireamh, agus níor bhuaigh na rothaithe Briotanacha ach ceithre cinn. An iarraidh seo, ámh, a mhalairt a bhí fíor. Bhuaigh na rothaithe Briotanacha ceithre bhonn déag, ocht mbonn óir san áireamh, agus níor bhuaigh na hAstrálaigh ach bonn airgid amháin.

DíospóireachtAg eascairt as an míshástacht seo,díospóireacht ar siúl faoi láthair maidir leis an maoiniú a chuirtear ar fáil do spóirt éilíteacha san Astráil. Ag deireadh na gCluichí i mBéising, mhaígh John Coates, atá ina uachtarán ar Choiste Oilimpeach na hAstráile, go bhfuil maoiniú sa bhreis ag teastáil ionas go mbeidh an Astráil in ann boinn sa bhreis a bhaint ag an gcéad bhabhta eile de Chluichí a bheas ar siúl i Londain i gceann ceithre bliana. Ach tá go leor daoine san Astráil den tuairim go bhfuil na rialtais náisiúnta agus stáit ag caitheamh an iomarca airgid ar spóirt éilíteacha cheana féin. Le ceithre bliana anuas, tugadh deontais arbh fhiú tuairim is $220 milliún iad do spóirt atá páirteach sna Cluichí Oilimpeacha. Dealraíonn sé, mar sin, gur chosain gach bonn óir a bhuaigh an fhoireann i mBéising beagnach $16 milliún! Dar le Dochtúir James Connor, ar saineolaí spóirt é leis an Australian Defence Force Academy, bheadh an costas sin i bhfad níb airde dá gcuirfí san áireamh gach costas a bhaineann le spórt éilíteacha sa tír. Maíonn an tOllamh Kevin Norton, ó Ollscoil na hAstráile Theas, gurb é an fíorchostas a bhaineann le gach bonn óir a bhuaigh an fhoireann i mbliana ná breis agus $50 milliún!

Mar a scríobh mé thuas, tá cúrsaí spóirt an-tábhachtach sa tír seo agus ba mhian le muintir na hAstráile go mbeadh a gcuid foirne rathúil i gcomórtais idirnáisiúnta. Ach measann cuid acu freisin go bhfuil go leor caite ar spóirt éilíteacha agus gur chóir maoiniú sa bhreis a chur ar fáil le rannpháirtíocht i spóirt go ginearálta a spreagadh. Baineadh geit astu ní ba luaithe i mbliana nuair a foilsíodh tuarascáil a léirigh go bhfuil muintir na hAstráile ar an dara daonra is raimhre ar domhain.Ag deireadh na gCluichí i mBéising, eagraíodh searmanas ag aerfort Sydney le fáilte oifigiúil a chur roimh an bhfoireann. Mar is gnáth ag ócáidí móra spóirt mar seo, bhí na polaiteoirí i lár an aonaigh. Labhair an Príomh-Aire, Kevin Rudd, thar ceann na tíre agus thréaslaigh sé leis an bhfoireann as ucht a cuid gaiscíochta agus gheall sé go mbeadh maoiniú sa bhreis ar fáil do spóirt Oilimpeacha sa todhchaí. Dúirt sé fosta go ndéanfar breithniú ar chrannchur náisiúnta a bhunú leis an airgead seo a bhailiú – mar a dhéantar sa Bhreatain Mhór!Mar gheall ar an ráiteas seo a rinne Rudd, is dócha go mbeidh na lúthchleasaithe Astrálacha ag baint go leor bonn i Londain i gceann ceithre bliana. Ach is trua é gur baolach go mbeidh lucht leanúna spóirt na tíre seo ina suí ar a dtóineanna ramhara ag breathnú orthu ar a scáileáin leathana. As Bóthar na bhFál i mBéal Feirste é Bearnaí Ó Doibhlin ach tá cónaí air san Astráil ó bhí 1972 ann. Ba mhúinteoir Béarla é i gColáiste Mhaolmhaodhóg i mBéal Feirste ar feadh sé bliana sular thug sé féin, a bhean chéile agus a bheirt iníonacha aghaidh ar an Astráil. Lean sé ar aghaidh ag múineadh i gcathair Canberra go dtí go ndeachaigh sé ar scor i 1999.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.