Tá an aimsir mhaith agus na deiseanna fostaíochta ag mealladh go leor daoine ón mBreatain chun na hAstráile. Tuairisc ó Dháithí Ó Colchúin .
Foilsíodh tuairisc sa mBreatain an mhí seo caite a dúirt go bhfuil 5.5 milliún de mhuintir na Breataine ina gcónaí thar lear. Is ionann é sin beagnach agus 10% de dhaonra na Breataine. Den uimhir sin, is san Astráil atá an líon is mó acu, tuairim is 1.3 milliún. Mar a bheifí ag súil, is ar thíortha a bhfuil Béarla á labhairt iontu is mó atá a dtriall ach chuirfeadh sé iontas ar go leor daoine go bhfuil an Spáinn (761,000) sa dara háit ar an liosta. De na hocht dtír is mó a dtugann siad aghaidh orthu, labhraítear Béarla i sé cinn acu. Is í an Fhrainc (200,000) san ochtú háit an tír eile nach labhraítear Béarla inti. Tá Eire (291,000) sa gcúigiú háit ar an liosta.
Céard a thugann orthu bogadh? Más fíor na tuairiscí, tá an aimsir ar cheann de na cúiseanna is tábhachtaí, chomh maith leis an gcostas maireachtála sa mBreatain agus daoine a deir “níl tada anseo dúinn”. I gcúrsaí sláinte, tá go leor daoine míshásta leis an NHS. Chomh maith leis sin, tá gaolta nó cairde thar lear ag go leor acu cheana féin.
Muintir na Breataine thar lear
An Astráil: 1,300,000
An Spáinn: 761,000
Na Stáit Aontaithe: 678,000
Ceanada: 603,000
Éire: 291,000
An Nua-Shéalainn: 215,000
An Afraic Theas: 212,000
An Fhrainc: 200,000
Tá an líon ag teacht go dtí an Astráil ag méadú faoi láthair. Is as an mBreatain triúr as gach ceathrar as an Eoraip a thagann anseo anois. Tháinig 21,780 in 2005, 30% níos mó ná an bhliain roimhe sin agus a dhá oiread is a tháinig in 2003. Cúis amháin atá leis sin ná an easpa scileanna atá i gcuid de na réimsí oibre anseo, rud nár thug Rialtas na hAstráile mórán suntais dó go dtí trí bliana ó shin. Tá an-tóir anseo faoi láthair ar dhaoine atá ag obair i gcúrsaí leighis agus ríomhaireachta, ar shiúinéirí agus suirbhéirí. Ar ndóigh tá ceirdeanna eile agus níl tóir ar bith orthu (iriseoirí, mar shampla) agus fágtar faoi míbhuntáiste iad sa gcóras pointí a úsáidtear d’inimircigh.
Tugadh léargas maith ar an gcaoi a n-oibríonn an córas trí mhí ó shin. Bhí ospidéal i Queensland a raibh géarghá acu le daoine le scileanna áirithe. Chuala siad go raibh ospidéal i Stoke-on-Trent ag fógairt ciorruithe agus thapaigh siad an deis. Cuireadh fógraí sna páipéir áitiúla agus tháinig 100 iarratas isteach. Thairg an t-ospidéal obair do 84 acu. Má chaitheann tú seal in ospidéal i Queensland agus má chloiseann tú lárchanúint Shasana go tréan i do thimpeall, beidh a fhios agat cén fáth.
Ar ndóigh, ní bhíonn siad uilig sásta anseo. Cloistear scéal anois agus arís faoi dhaoine as an mBreatain nach gcaitheann ach lá nó dhó anseo agus a théann ar ais arís. Ach ní hamhlaidh atá ag an móramh. Is maith leo an aimsir, an deis atá ag daoine dul ag snámh agus níl an cultúr éagsúil ar fad lena gcultúr féin, rud nach féidir a rá faoi Mheiriceá, cuir i gcás. Ar ndóigh tá siad i bhfad ó bhaile agus airíonn siad uathu a gcairde agus a gcuid gaolta agus tá a fhios acu nach féidir a bheith san Eoraip faoi cheann uair a chloig. Ach tríd is tríd tá siad sásta go maith agus níl sé beartaithe acu filleadh ar an mBreatain.
Tá Dáithí Ó Colchúin ina chónaí i Sydney. Is as an gCeathrú Rua i gConamara ó dhúchas é.