Bíonn daoine atá an-éagsúil lena chéile ag tabhairt cuairte ar Cape Byron, ach tá ag éirí go han-mhaith leo maireachtáil in aice lena chéile, a deir Bearnaí Ó Doibhlin.
Gach geimhreadh le fiche bliain anuas, bíonn saoire againn ar chósta thuaidh New South Wales, sa cheantar Byron Shire. "The Shire" a thugann muintir na háite ar an gceantar, atá suite timpeall 750 ciliméadar ó thuaidh ó Sydney agus cóngarach don teorainn le Queensland. Ón uair a cuireadh tús le lonnaíocht na nEorpach sa tSír, mealladh turasóirí a bhí ar thóir na gréine, na trá agus bhruth na farraige chun an cheantair álainn seo.
Ba é an Captaen Cook, a bhí ina leifteanant ag an am, a chéad chonaic an ceann tíre, ar thug sé Cape Byron air, i mí na Bealtaine 1770. Bhí sé ar thuras taiscéalaíochta thar cósta thoir na hAstráile ag an am. Tá Cape Byron ar an bpointe is faide soir den mhórthír. Tugtar Walgun, focal a chiallaíonn “gualainn”, ar an gceann tíre i dteanga na Arawakal, ar bundúchasaigh na háite iad.
Bunaíodh an chéad lonnaíocht Eorpach sa tSír níos mó ná céad bliain i ndiaidh thuras Cook. Bhí foraoisí báistí ar fud fad an cheantair nuair a shroich an fear geal é i dtús báire, ach bhí luach ard ar na céadair dhearga a d’fhás go forleathan iontu.
Dá bhrí sin, níorbh fhada gur leagadh chun talaimh cuid mhór de na crainn cois farraige. Cuireadh tús le tionscal déiríochta ar an talamh méith a bhí glanta ag na foraoiseoirí. Ar an dea-uair, níor leagadh chun talaimh an fhoraois i gcúlchríoch na Síre, agus tá na gnáthóga tábhachtacha fós ansin. Tá páirceanna náisiúnta curtha ar bun anois chun na foraoisí a chosaint.
Tuilleadh turasóireachtaLe teacht an iarnróid sa bhliain 1894, tháinig méadú mór ar líon na dturasóirí a thug cuairt ar an gceantar, as cathracha móra an deiscirt go háirithe. Tháinig na teaghlaigh as an limistéar intíre chomh maith, agus bhí clú ar an tSír mar áit a bhféadfadh saoire neamhchostasach a bheith ag daoine inti. Bhí a lán láithreán campála sa tSír - cuid mhór acu nach raibh ach na háiseanna ba bhunúsaí iontu - agus tógadh corrtheach saoire sa cheantar fosta.
Timpeall daichead bliain ó shin, cuireadh tús le hathruithe móra nuair a bhog dhá ghrúpa, a bhí an-éagsúil lena chéile, isteach sa cheantar. Sa chéad dul síos, roghnaigh lonnaitheoirí na haoise nua an ceantar mar thearmann ó ardbhrú na gcathracha agus ón gcaipitleachas. Hipithe a tugadh orthu. Ag an am céanna, mar gheall ar dhul in aois dhaonra na hAstráile, thosaigh daoine a bhí imithe ar scor ag cur fúthu ansin, chun an seal deireanach dá saol a chaitheamh cois farraige.
Bhí baint ag lonnaitheoirí na haoise nua leis an ngluaiseacht fhrithchultúir a bhí ar siúl ar fud an domhain sna seascaidí. Cheannaigh cuid acu feirmeacha déiríochta agus rinne siad iarracht maireachtáil ar an méid a d’fhás orthu, idir gharraithe glasraí agus fháschoillte torthaí.
Tá an tSír fós an-tarraingteach dóibh siúd a bhfuil an fhealsúnacht ailtéarnach acu, agus bíonn gnóthaí ag tairiscint leigheasanna malartacha do gach saghas galair. Tá clú ar an tSír fós mar cheantar frithrialtais. Fad a bhí muid ann le déanaí, mar shampla, chonaic muid grúpa ceoil darbh ainm North Coast Ukulele Collective, a bhfuil an mana “Uke ‘em, don’t nuke them” acu.
Grúpa atá an-éagsúil ar fad leis na hipithe atá sna pinsinéirí. Tar éis dóibh saol fada oibre a bheith curtha isteach acu, bíonn siad ag súil go mór le seal fada ar a suaimhneas, gan stró, gan strus. I gcuideachta an ghrúpa seo a chaitheann muid ár sealanna sa tSír, i sráidbhaile ciúin darb ainm Ocean Shores. Tógadh an sráidbhaile timpeall ar ghalfchúrsa, agus is iomaí nóiméad pléisiúir – agus péine – a thug an cúrsa céanna dom.
Stíleanna éagsúla maireachtálaTá Byron Bay ar an áit is cáiliúla sa tSír, gan agó. Is baile measartha mór é a bhfuil daonra de 9,000 duine aige. Tá sé suite díreach in aice le Cape Byron. Mealltar daoine, ní hamháin as gach cearn den Astráil, ach as tíortha ar fud an domhain chun an cheantair seo. De bharr an chlú atá air mar bhaile a chuireann fáilte roimh dhaoine a bhfuil seasaimh, dearcadh agus nósanna maireachtála acu atá éagsúil, tagann ealaíontóirí de gach sórt chun na háite. Bíonn neart féilte bliantúla ar siúl sa cheantar, féile ollmhór cheoil um Cháisc agus féile idirnáisiúnta do scríbhneoirí i mí Lúnasa ina measc.
Tá sé íorónta go bhfuil faire ar mhíolta móra anois ar cheann de na díolta is mó spéise i measc na dturasóirí toisc go raibh seilg na míolta móra ina mhórthionscal daichead bliain ó shin. Sa lá atá inniu ann, áfach, tagann na mílte cuairteoir go Byron le féachaint ar na míolta móra, go háirithe an míol mór dronnach, agus iad ag imeacht ar a n-imirce bhliantúil.
De bharr go bhfuil Cape Byron ar an bpointe is faide soir san Astráil, téann na míolta móra an-ghar don chósta ansin. Is féidir suí ar an gceann tíre agus na hainmhithe ollásacha seo a fheiceáil amuigh san aigéan, agus cuireann comhlachtaí áitiúla turais bháid ar fáil chun iad a fheiceáil amuigh san uisce.
Grúpa mór eile a thagann go dtí an baile ná na marcaigh thoinne. Le freastal ar riachtanais an ghrúpa seo, tá an t-iliomad brúnna óige, caifí agus clubanna oíche anois ar oscailt sa bhaile. De ghnáth, bíonn lár an bhaile plódaithe le turasóirí mála droma, agus bíonn corr-réalta scannáin nó rac-cheoil ag spaisteoireacht ina measc freisin. Sin é an cineál atmaisféir atá in Byron Bay.
Den chuid is mó, ní bhíonn ár gcairde in Ocean Shores sásta fiú cos a leagan in Byron Bay. Ní fheileann an trácht ná na sluaite dóibh, agus ní maith leo brú na forbartha atá le feiceáil sa bhaile. Is fearr leosan, agus linne, an sráidbhaile ciúin agus stíl mhaireachtála gan strus.
Ar leibhéil áirithe, bheifeá ag súil nach mbeadh comhoiriúnacht idir aidhmeanna agus nósanna na ngrúpaí éagsúla thuasluaite, ach le linn ár dtréimhsí ansin feictear dúinn go bhfuil cómhaireachtáil shíochánta eatarthu, agus go bhfuil siad ag tarraingt go han-mhaith lena chéile. De réir mhuintir na Síre, parthas atá sa taobh seo tíre. Tá an t-ádh orainn go bhfuil muid ábalta sealanna taitneamhacha a chaitheamh sa cheantar gach bliain.
As Bóthar na bhFál i mBéal Feirste é Bearnaí Ó Doibhlin ach tá cónaí air san Astráil ó bhí 1972 ann. Ba mhúinteoir Béarla é i gColáiste Mhaolmhaodhóg i mBéal Feirste ar feadh sé bliana sular thug sé féin, a bhean chéile agus a bheirt iníonacha aghaidh ar an Astráil. Lean sé ar aghaidh ag múineadh i gcathair Canberra go dtí go ndeachaigh sé ar scor i 1999.