AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Rialtas úr san Astráil
Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin

In eagrán mhí na Samhna de [i]Beo![/i], scríobh Bearnaí Ó Doibhlin faoin dóigh a raibh muintir na hAstráile ag súil le hathrú rialtais. Tá an t-olltoghchán anois thart agus tá rialtas nua i réim sa tír. Ach céard a chiallaíonn an t-athrú seo?

Íomhá
Kevin Rudd, Príomh-aire nua na hAstráile
Íomhá
Gheall Páirtí an Lucht Oibre go gcuirfidís deireadh le WorkChoices dá mbuafaidís an t-olltoghchán
Íomhá
Penny Wong: is díol suntais é go bhfuil sí ina haire sa rialtas náisiúnta ar chúpla cúis
Íomhá
Tá Ursula Stephens, bean arb as Cill Mhantáin ó dhúchas í, anois ina rúnaí parlaiminte

Tá an t-olltoghchán thart, na vótaí comhairthe agus, mar a bhíothas ag súil leis, tháinig athrú ar rialtas na hAstráile den chéad uair ón mbliain 1996. Dá bharr sin, tá Páirtí Lucht Oibre na hAstráile (Labor Party) ar ais i gcumhacht, agus tá Kevin Rudd ag feidhmiú mar an séú príomh-aire is fiche sa tír.

Ní háibhéil é le rá gur bhain an t-Uasal Rudd ollbhua amach. Tháinig méadú 5.6 faoin gcéad faoi líon na vótaí a caitheadh ar son Pháirtí an Lucht Oibre ón olltoghchán deireanach – an méadú is mó idir olltoghchán amháin agus ceann eile le 32 bliain anuas. Bhuaigh siad ceithre shuíochán is fiche sa bhreis, agus dá bhrí sin, beidh tromlach compordach acu i dTeach na n-Ionadaithe go ceann trí bliana.

Náiríodh an t-iar-chomhrialtas coimeádach nuair a chaill John Howard, a bhí ina phríomh-aire go dtí an mhí seo caite, a shuíochán féin. Níor tharla a leithéid ach uair amháin eile i stair na tíre, siar sa bhliain 1929. Mar chomhtharlú, bhí polasaithe maidir leis an gcaidreamh tionsclaíoch ag croílár an fheachtais toghchánaíochta sa bhliain 1929, mar a bhí siad an iarraidh seo.

Ach an oiread le téip ar bith eile i dtoghchán, ní hé go raibh cúis amháin léi. Foilsíodh pobalbhreith seachtain tar éis an olltoghcháin, áfach, inar nochtaigh 52 faoin gcéad de na rannpháirtithe gurbh é ba chúis le téip an rialtais choimeádaigh ná dlíthe nua maidir leis an gcaidreamh tionsclaíoch. WorkChoices* *a tugadh ar na dlíthe seo, aa chuir an t-iar-rialtas i bhfeidhm go luath in 2006.

ardmheas ag muintir na hAstráile ar chothrom na Féinne, a dtugann siad “a fair go” air. Léiríonn an pobalbhreith thuasluaite gur mheas a bhformhór nach raibh “a fair go” á thabhairt do na hoibrithe faoi WorkChoices. Le linn an fheachtais, dúirt urlabhraithe de chuid Pháirtí an Lucht Oibre arís is arís eile go stróicfidís an reachtaíocht seo i

na blúiríní bídeacha dá n-éireodh leo san olltoghchán. Is ríléir go ndeachaigh an briathar seo go mór i bhfeidhm ar vótálaithe.

Agus é i mbun feachtais díreach roimh an olltoghchán, dúirt John Howard go dtiocfadh athrú faoin tír dá dtiocfadh athrú faoin rialtas. Bhí sé ag iarraidh eagla a chur ar na vótálaithe, ag maíomh go ndéanfaí praiseach den gheilleagar dá dtoghfaí an freasúra.

Anois, mar go bhfuil rialtas nua i bhfeidhm, beidh athruithe ann gan agó. Ach is dóigh liomsa gur duine coimeádach é an t-Uasal Rudd, nach dtiocfadh i bhfoisceacht scread asail do bheith ina réabhlóidí. Mar pholaiteoir, bíonn sé i lár báire agus, dá bharr sin, níltear ag súil le hathruithe radacacha.

Níos mó banÉ sin ráite, tá mórathrú amháin le tabhairt faoi deara cheana féin, cé nach bhfuil an rialtas i gcumhacht ach ar feadh cúpla seachtain. Thar aon ní eile,athrú suntasach tagtha faoi stádas na mban sa rialtas nua.

Den chéad uair i stair na tíre, tá bean ina leasphríomh-aire. Julia Gillard is ainm di – agus is Ceilteach í! Rugadh í sa Bhreatain Bheag sa bhliain 1961, agus tháinig sí ar inimirce chun na hAstráile lena tuismitheoirí agus í ceithre bliana d’aois. Ar na mallaibh, bhí sí ag feidhmiú mar phríomh-aire, fhad is a bhí Kevin Rudd thar lear – an chéad uair riamh a tharla a leithéid freisin.

Ní raibh Julia Gillard pósta riamh agus níl clann aici. Mar gheall air sin, rinne sean seanadóir de chuid an Pháirtí Liobrálaigh, Bill Heffernan, ionsaí pearsanta gnéasaíoch uirthi anuraidh. Dar leis an seanadóir, ní bheadh sé ceart ná cóir í a bheith páirteach i gceannaireacht na tíre de bharr go raibh sí “deliberately barren”.

Chomh maith le Julia Gillard, tá seisear ban eile sa chomh-aireacht nua, an líon is mó riamh. Tá an Seanadóir Penny Wong – an chéad bhean de bhunú Áiseach a toghadh chun na parlaiminte náisiúnta riamh – ina measc. Ina theannta sin, tá Penny Wong ar an gcéad bhean riamh a deir go hoscailte gur leispiach í a toghadh chun na parlaiminte seo. Rugadh sa Mhalaeisia í, agus tháinig sí chun na hAstráile lena máthair agus í in aois a hocht mbliana.

Nuair a tháinig muid chun na tíre seo 36 bliain ó shin, bhí an beartas ciníoch, ar a tugadh White Australia Policy, i bhfeidhm go fóill. Mar gheall ar an bpolasaí seo, ní raibh cead ag inimircigh, ach amháin daoine geala, teacht chun na hAstráile. Is cuimhin liom go mbíodh daoine áirithe ag baint úsáide fós as an ráiteas ciníochTwo Wongs don’t make a white”. Bhítí á rá mar chúis gháire agus muid anseo i dtosach. Dá bhrí sin, is díol suntais é go bhfuil Penny Wong ina haire sa rialtas náisiúnta.

ÉireannachÓs ag plé na mban sa rialtas nua a rugadh thar lear atá mé, is údar áthais é i measc na nÉireannach abhus gur atógadh an t-aon Éireannach sa pharlaimint náisiúnta – an Seanadóir Ursula Stephens. Rugadh an Dochtúir Stephens i gCill Mhantáin agus tháinig sise chun na hAstráile ar inimirce lena tuismitheoirí agus í seacht mbliana d’aois.

Ceapadh an Seanadóir Stephens ina rúnaí parlaiminte sa rialtas nua. De ghnáth, ceaptar feisirí ina rúnaithe parlaiminte sula gceaptar iad ina n-airí le go mbeidh deis acu taithí rialtais a bhaint amach. Táthar ag súil go gceapfar an Dochtúir Stephens ina haire sa chomh-aireacht ar ball.

Céimeanna móra chun tosaigh ar son chearta na mban atá i gceist le Julia Gillard a bheith ceaptha ina leasphríomh-aire agus líon na mban sa chomh-aireacht nua a

bheith dulta i méadaíocht. Ach is léir ón ráiteas thuasluaite de chuid an tSeanadóra Heffernan go bhfuil níos mó oibre le déanamh sa tír seo sula bhfaighfear réidh leis an “tsíleáil ghloine” – mar a thugtar, sa Bhéarla, ar na constaicí a bhíonn le sárú ag mná ar mian leo ardú céime a bhaint amach.

Cuireadh tús leis an gcóras dhá pháirtí san Astráil sa bhliain 1944 nuair a bunaíodh an Páirtí Liobrálach. Ó shin in leith, tháinig athrú ar an rialtas náisiúnta, ar an meán, gach deich mbliana go leith. Bhí an rialtas coimeádach i réim le beagnach dhá bhliain déag sular théip orthu san olltoghchán seo.

Níl ceist dá laghad faoi ach go bhfuil na páirtithe a bhí san iar-chomhrialtas, go háirithe an Páirtí Liobrálach, i gcruachás faoi láthair. Tá siad ar bhinsí an fhreasúra i ngach parlaimint sa tír. Ach, mar a léiríonn na staitisticí sa pharagraf thuas, d’fhéadfaí a rá nach bhfuil i gceist ach tuile agus trá na taoide – nó na bpáirtithe – mar a tharlaíonn go rialta i bpolaitíocht na tíre seo. As Bóthar na bhFál i mBéal Feirste é Bearnaí Ó Doibhlin ach tá cónaí air san Astráil ó bhí 1972 ann. Ba mhúinteoir Béarla é i gColáiste Mhaolmhaodhóg i mBéal Feirste ar feadh sé bliana sular thug sé féin, a bhean chéile agus a bheirt iníonacha aghaidh ar an Astráil. Lean sé ar aghaidh ag múineadh i gcathair Canberra go dtí go ndeachaigh sé ar scor i 1999.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.