D’fhéadfadh an triomach atá ann san Astráil faoi láthair leanúint ar aghaidh go ceann blianta, a deir Dáithí Ó Colchúin .
Tá sé ina thriomach san Astráil. Ar ndóigh, ní scéal nua é sin – tarlaíonn sé go minic. Ach tá sé ráite gurb é an ceann seo an triomach is measa le breis is céad bliain. Níl tagtha slán ach an Tasmáin agus cuid mhaith d’Iarthar na hAstráile. Sa gcuid eile den tír, tá na feilméaraí i gcruachás. Le cúig bliana anuas, níl tite ach 20% nó níos lú den bháisteach a bhíonn acu go hiondúil.
Cén uair a bheidh deireadh leis an triomach seo? Cé nach bhfuil aon duine sásta é a rá go poiblí, ceapann go leor daoine go mbeidh sé dhá bhliain eile ar a laghad sula mbeidh deireadh leis. D’fhéadfadh sé a bheith i bhfad níos measa ná sin. Tá fianaise aimsithe le gairid ó phailin i mbun locha go raibh ar a laghad trí thriomach le míle bliain a bhí chomh holc leis an gceann seo agus a mhair níos mó ná leathchéad bliain. Tá daoine ag rá freisin gur eisceacht a bhí sa tréimhse 1950-2000, an “ré órga”, nuair a bhí neart báistí ann agus na feilméaraí uilig sona sásta agus ag carnadh an airgid.
Go dtí le gairid, $1.2 billiún a bhí caite ag an rialtas ar dheontais d’fheilméaraí le cúig bliana roimhe sin (“cúinsí eisceachtúla” mar a tugtar air). Le trí seachtainí anuas, áfach, tá breis is $900 milliún eile fógartha ag an rialtas, cuid mhaith de sin do dhaoine nach bhfuair tada go dtí seo, agus tá sé ráite acu go mbeidh tuilleadh ar fáil má tá gá leis. Ach tá daoine ag rá gur airgead amú atá i gcuid de sin agus nach bhfuil sé ach ag tacú le daoine atá ag feilméaracht in áiteacha nach bhfuil aon mhaith ann. Deir siad go bhfuil ar a laghad 10% d’fheilméaraí na tíre gur chóir airgead a thabhairt dóibh ar choinníoll go n-éireoidís as sa gcaoi nach mbeadh aon ghá tacú leo arís faoi cheann cúig bliana nó deich mbliana eile. Tá daoine eile ag rá nár chóir deontais a thabhairt ach iasachtaí agus gur chóir go mbeadh ar na feilméaraí an t-airgead a íoc ar ais nuair a thiocfaidh an bháisteach.
Faoi láthair, tá feilméaraí ag iarraidh laghdú a dhéanamh ar an líon stoc atá acu mar nach bhfuil aon fhéar dóibh agus go bhfuil sé róchostasach iad a bheathú. Toradh amháin atá air sin ná go bhfuil na mílte caorach á dtabhairt chuig margaí ar fud na tíre agus an tóin tite as na praghsanna dá bharr. Tá caoirigh á ndíol anois ar $3 an ceann, áit a raibh $60 nó $80 le fáil orthu anuraidh. Is gearr go mbeidh sé níos saoire na caoirigh a mharú i leaba costas iompair a íoc. I Victoria, tá feilméaraí ag cur a gcuid beithíoch go dtí an Tasmáin, in ainneoin costas $100 an ceann a bheith ag baint leis, sa gcaoi go mbeidh stoc póraithe acu nuair a bheas deireadh leis an triomach.
Maidir leis an gcruithneacht, tá an scéal chomh dona céanna. Níl sé ag fás ar chor ar bith in áiteacha agus ceaptar go mbeidh laghdú 60% ar an méid a bhainfear i mbliana sa tír trí chéile.
Pé uair a bheidh deireadh leis an triomach, tá súil le Dia ag na feilméaraí nach mairfidh an ceann seo leathchéad bliain.
Tá Dáithí Ó Colchúin ina chónaí i Sydney. Is as an gCeathrú Rua i gConamara ó dhúchas é.