AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Gan Teach, gan Tine.
Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin

Tá saol na mbochtán le hathrú san Astráil, dar le Bearnaí Ó Doibhlin. Tá gach cuma ar an scéal go ngníomhóidh an Príomh-Aire, Kevin Rudd, ar bhonn náisiúnta agus go háitiúil le deireadh a chur le heaspa dídine san Astráil.

Íomhá
Ag Codladh amuigh i gCathair Sydney
Íomhá
Ag iarraidh teacht as umar na haimiléise i Sydney
Íomhá
Príomh-Aire na hAstráile, Kevin Rudd
Íomhá
Corn an Domhain gan dídean le gairid
Íomhá
An t-ionad inar coinníodh Mahatma Ghandi agus Nelson Mandela tráth ar Chnoc an Bhunreachta, Baile Eoin, An Afraic Theas

Chomh luath is a toghadh é ina phríomhaire, corradh is bliain ó shin, gheall Kevin Rudd thar ceann a rialtais go mbeadh fadhb na díthreabhachta ina príomhthosaíocht ar a chlár oibre. Thug sé ordú do gach aire dá pháirtí cuairt a thabhairt ar thearmainn do dhaoine gan dídean sular tháinig siad go dtí an príomhchathair, Canberra, le bheith páirteach sa rialtas nua.

Dúirt sé go raibh sé ag súil go mbeadh tuiscint ní ba shoiléire ag a chomhghleacaithe ar an bhfadhb mar gheall ar na cuairteanna, agus go mbeadh smaointe ní b’fhearr acu le dul i ngleic léi. Caithfear a rá go raibh daoine go leor i measc na dtráchtairí ag an am a bhí den tuairim nach raibh i gceist ach bolscaireacht pholaitiúil, agus go dtabharfaí neamhaird ar na daoine gan dídean nuair a bheadh míreanna níos práinní ar chlár an rialtais nua. Bhailigh an dearcadh seo neart nuair a tharla an ghéarchéim gheilleagrach dhomhanda i rith 2008.

Tá córas feidearálach rialtais san Astráil, leis na cumhachtaí éagsúla roinnte idir an rialtas láir agus rialtais na stát agus na gcríoch, ar a dtugtar rialtas an dara leibhéil. Tá an chumhacht ag an rialtas láir cáin a bhailiú, ach tá na rialtais ag an dara leibhéal freagrach as é a chaitheamh ar sheirbhísí poiblí, mar shampla an t-oideachas, sláinte agus bonneagar. Tá tithíocht phoiblí agus shóisialta i measc na gnéithe bonneagair a riarann na rialtais dara leibhéil.

Buaileann an príomhaire náisiúnta go rialta le príomhairí na stát agus na gcríoch le roinnt na cánach agus lena caitheamh a phlé. Tugtar Council of Australian Governments (COAG) ar na cruinnithe seo. Déanann na rialtais dara leibhéil gearáin tar éis chruinnithe COAG go minic, ag maíomh nach dtugtar airgead go leor dóibh le seirbhísí poiblí oiriúnacha a chur ar fáil. Agus déanann an rialtas náisiúnta gearrán ina ndiaidh ag maíomh nach bhfuil na rialtais eile ag caitheamh airgead na gcáiníocóirí mar is cóir ar na seirbhísí poiblí céanna! Cleasa na polaitíochta a bhíonn i gceist go hiondúil.

Ag deireadh mhí na Samhna, áfach, bhí cruinniú COAG ar siúl agus, aisteach go leor, ní raibh gearráin le déanamh i ndeireadh báire ag ceachtar rannpháirtí. Chomh maith leis na príomhairí, bhí na hairí atá freagrach as cúrsaí airgeadais i láthair na huaire.

Mar a bheifí ag súil leis, bhí an ghéarchéim gheilleagrach dhomhanda ina príomh-mhír ar an gclár oibre agus aontaíodh d’aon ghuth go gcuirfí $3.5 billiún sa bhreis ar fáil go pointe le caitheamh ar sheirbhísí poiblí éagsúla. Ar an iomlán, cuirfidh an rialtas láir $15 billiún sa bhreis ar fáil do na rialtais dara leibhéil sna cúig bliana amach romhainn le dul i ngleic la fadhb na dífhostaíochta a táthar ag súil go dtiocfaidh de dheasca na géarchéime thuas.

Chuir Kevin Rudd lena fhocal i dtaca le fadhb na díthreabhachta ag an gcruinniú COAG, mar i measc na ngnéithe a bheidh airgead sa bhreis ar fáil dó, tá tithe sóisialta inacmhainne dóibh siúd atá gan foscadh agus gan dídean faoi láthair. Beidh $200 milliún sa bhreis ar fáil do na stáit agus do na críocha roimh dheireadh na bliana airgeadais – 30 Meitheamh abhus – le caitheamh ar an dtionscadal. Agus faoi ceann cúig bliana beidh $800 milliún sa bhreis ar fáil le dul i ngleic i gcoitinne leis an bhfadhb. Dealraíonn sé sin go mbeidh méadú 50 faoin gcéad i ndáiríre ar an méid a caitheadh ar thithe do dhaoine gan dídean cheana féin.

Is fadhb mhór í ceist na ndaoine gan dídean san Astráil. Meastar go mbíonn breis is céad míle duine sa tír gan dídean gach oíche, agus tá timpeall ar 14,000 acu “in acute need”. Chomh maith leo siúd a bhíonn “rough sleeping” acu, tá go leor eile atá aicmithe mar dhaoine gan dídean sa tír seo. Faoi láthair tá 175,000 ar na liostaí feithimh le haghaidh tithe poiblí agus níl baile buan ag a bhformhór. Ina measc, tá daoine le galair mheabhracha éagsúla, daoine atá ag éalú ó mhí-úsáid ghnéis nó chorpartha agus tá daoine a bhaineann mí-úsáid as drugaí agus as deoch mheisciúil.

Mar gheall ar na cláracha a mhaoineofar as an airgead sa tionscadal COAG, táthar ag súil go mbeidh maolú suntasach ar líon na ndaoine gan dídean taobh istigh de chúig bliana, agus go mbeidh deireadh go hiomlán le codladh garbh roimh 2020. Táthar ag súil fós go laghdófar líon na ndaoine gan dídean 50 faoin gcéad roimh 2020. Anuas ar sin, cuirfear i bhfeidhm polasaí ar a dtugtar “no exit to homelessness” i dtaca le daoine a scaoilfear as cúram reachtúil agus as an bpríosún.

Foilsíodh na cuspóirí thuas sa National Affordable Housing Agreement (NAHA) a d’eascair as an gcruinniú COAG i mí na Samhna. Tá siad ardaidhmeannach, ach fearadh fáilte rompu ag na heagraíochtaí a oibríonn ar son na ndíthreabhach. Mar a dúirt Tony Nicholson, príomhfheidhmeannach an Brotherhood of Saint Laurence, “It will be very important that [governments] have a strategy that gives much greater emphasis on prevention of homelessness, as well as ensuring that homeless services are much more effective in engaging their clients in education and training.”

Go gairid tar éis chruinniú COAG, reáchtáladh comórtas sacair in Melbourne, príomhchathair Victoria, ar a dtugtar an Homeless World Cup. Ghlac foirne as 56 tír páirt sa chomórtas agus, i gcodarsnacht ghéar le comórtais spóirt go leor eile, ba ríléir go raibh rannpháirtíocht i bhfad ní ba thábhachtaí ná buachan. Tharraing an comórtas aird ar fhadhb na ndaoine gan dídean agus ar na hiarrachtaí atá ar siúl ar fud na cruinne le dul i ngleic léi. Níl aon amhras ach go bhfuair na daoine gan dídean a bhí páirteach ann an-tairbhe as, agus táthar ag súil go dtiocfaidh athruithe dearfacha ar shaoil chuid mhór acu dá bharr.

Is tír shaibhir í an Astráil, agus deirtear go mbítear níos measa a bheith gan earra gan éadach i measc dhaoine ilmhaoineacha ná a bhítear i gcomhthéacs níos boichte. Feictear dom go bhfuil an Astráil breá ábalta caitheamh go fial lenár gcomhthírigh mhí-ádhúla atá ag fulaingt de bharr easpa dídine. Mar a dúirt Mahatma Ghandi tráth: A nation’s greatness is measured by how it treats its weakest members.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.