AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Béarla, le bhur dtoil
Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin

Beidh sé níos deacra ag inimircigh saoránacht a bhaint amach san Astráil as seo amach, mar a mhíníonn Dáithí Ó Colchúin .

Íomhá
Andrew Robb: ag cur béime ar an mBéarla

Má tá an rialtas le leanacht ar aghaidh leis an bplean atá acu, beidh sé níos deacra saoránacht a bhaint amach san Astráil feasta. D’fhoilsigh an rialtas páipéar le gairid a mhínigh cuid de na

hathruithe atá beartaithe acu. Beidh ar dhaoine fanacht ceithre bliana (i leaba dhá bhliain faoi láthair). Chomh maith leis sin, beidh ar dhaoine scrúdú a dhéanamh i mBéarla agus ceann eile a bhaineann le saol na hAstráile. Is cosúil gur scrúdú scríofa agus scrúdú béil a bheidh sa gceann Béarla. Ní bheidh ar dhaoine faoi ocht mbliana déag nó os cionn 60 an scrúdú Béarla a dhéanamh.

Faoi láthair tá daoine in ainm is eolas de shaghas éicint a bheith acu ar an mBéarla ach ní chuirtear ach cúpla ceist fhánach orthu ar nós “Cén fhad san Astráil tú?” nó “Cé mhéad páiste atá agat?” agus ní cosúil go ndéanann sé mórán difríochta an bhfuil siad in ann iad a fhreagairt nó nach bhfuil. Dúirt Andrew Robb, rúnaí parlaiminte le haghaidh inimirce agus ilchultúrachais, gur chóir dóthain Béarla a bheith ag daoine le labhairt lena gcomhoibrithe, le comharthaí sábháilteachta a léamh agus a thuiscint agus le foirmeacha a líonadh.

Sa scrúdú eile, beidh ar dhaoine tuairim is 30 ceist a fhreagairt a bhaineann le cúrsaí na hAstráile, ina measc an córas dlí, toghcháin agus dúchasaigh. Ceaptar go mbeidh tuairim is 45 nóiméad don scrúdú sin. Ní chuirtear scrúdú ar bith den sórt sin faoi láthair.

Níl chuile dhuine sásta leis na hathruithe atá molta. Tá Moslamaigh amhrasach gur bealach atá anseo le díriú orthu féin aon uair atá sceimhlitheoireacht á plé. Labhair Andrew Robb ag an gcéad chruinniú náisiúnta d’iomáin a bhí ann le gairid agus mhol sé dóibh níos mó seirbhísí a chur ar fáil i mBéarla sa gcaoi go bhféadfaí rabhadh a thabhairt do dhaoine óga faoin sceimhlitheoireacht.

Níor mhínigh sé go baileach céard a bhí i gceist aige leis sin ach ní cosúil go raibh sceimhlitheoireacht stáit i gceist aige, mar a bhí ar siúl ag an Astráil, ag na Stáit Aontaithe agus ag an mBreatain nuair a rinneadh an t-ionradh ar an Iaráic. Dúirt sé freisin gur chuir sé díomá air go raibh gá lena chaint a aistriú go teangacha eile le go dtuigfeadh a lucht éisteachta é. Níor dhúirt sé le dream ar bith eile seachas Moslamaigh go raibh gá rabhadh a thabhairt faoin sceimhlitheoireacht.

Tá cúpla rud aisteach a bhaineann leis na moltaí seo. Tá go leor dúchasach i dtuaisceart na hAstráile atá ar bheagán Béarla nó nach bhfuil Béarla ar bith acu. Faoin scéim seo, ní bheidís i dteideal saoránachta. Agus má tá an oiread sin tábhachta ag baint le himeascadh, mar atá á rá ag an rialtas faoi láthair, nár chóir go mbainfeadh sé sin freisin leis na daoine a thug Béarla anseo i dtosach agus a sliocht agus go gcloífí leis na teangacha a bhí anseo roimhe sin?

Tá Dáithí Ó Colchúin ina chónaí i Sydney. Is as an gCeathrú Rua i gConamara ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.