Cartlann
gluais Gluais
EAGRÁN #155 · MÁRTA 2014
CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Íomhá
AGALLAMH BEO
Colm Mac Séalaigh

Chas Colm Mac Séalaigh le hAntoine Ó Coileáin, ceannaire Gael Linn, eagras atá ag múnlú bealaí nuála leis an nGaeilge a chur chun cinn le breis is glúin anuas agus atá áirithe anois ar na sé cheanneagras faoin gcóras nua maoinithe.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Donncha Ó hÉallaithe

Ceapann Donncha Ó hÉallaithe go bhféadfadh tábhacht thar na bearta a bheith leis an Lá Mór ar son na Gaeilge i mBaile Átha Cliath, agus leis an mórshiúl i gConamara le gairid ar son na teanga.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Ciarán Mac Aonghusa

Chaith Ciarán Mac Aonghusa a shúil ar thír a bhí corraithe go mór is go dona anuas na blianta, tír a throid in aghaidh na Naitsithe agus na Rúiseach anuas go 1956, An Úcráin.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Breandán Delap

Agus muid ag ceiliúradh Lá ‘le Pádraig fiosraíonn Breandán Delap cad is brí le bheith i do Éireannach.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
Balor

roinnt cásanna cúirte ag cur Balor i gcontúirt casadh aigne nó fiú baol an urchair mhillte. Is doiligh glacadh le cuid dá bhfuil ar siúl.

»»»
Íomhá
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Roseanne Smith

Tá Ray Kurzweil ag cinntiú go bhfuil gach cóir air chomh maith le gach cóir a chur ar Google más féidir. Bhí Roseanne Smith ag faire ar a bhfuil ar siúl aige.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Bearnaí Ó Doibhlin

Is minic an Teiscinn Chiúin gan a bheith ciúin nuair a bhíonn an míol mór le cosaint ó shaint an duine. D’amharc Bearnaí Ó Doibhlin isteach sa scéal corraitheach seo.

»»»
Íomhá
CÚINNE NA nEALAÍON
John Paul McCarthy

Bhí John-Paul Mc Carthy ag iniúchadh seanleabhar tábhachtach le Seán de Fréine, agus á mheas le hais roinnt a foilsíodh le leathchéad bliain anuas. Leathbhádóir The Great Silence, is fiú súil a chaitheamh i dtólamh ar an leabhar Saoirse gan Só.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Diarmuid Johnson

Bíonn airnéis siúlach, mar a thuigeann Diarmuid Johnson go maith tharla gur thaistil sé féin trasna teorainn na Gearmáine le seanuaireadóir a cóiríodh sa bPolainn a bhailiú.

»»»
Íomhá
CÚINNE NA nEALAÍON
Mícheál Ó hAodha

Síneann staire na scannánaíochta i bhfad siar ach má mhúch forbairt na haibhléise a lán de na taibhsí, thug forbairt na scannánaíocht cineál fad saoil do na púcaí ar feadh tamaill dar le Mícheál Ó hAodha.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Robert McMillen

Bíonn drámaíocht sa tsaol agus bíonn an saol ina dhrámaíocht chomh minic céanna, nó bhí an mhí seo chuaigh thart mar is eol do Robert McMillen.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Pat Butler

Castar na daoine ar uaigheanna agus ar thaibhsí, más fada ó bhaile féin iad. Fuair Pat Butler lón machnaimh i reilig Gael sa domhan theas ag Parramatta na hAstráile.

»»»
Íomhá
CÚRSAÍ SPÓIRT
Colm Mac Séalaigh

Tuigeann imreoirí iomána agus peile nach féidir ach méid áirithe a dhéanamh. Bítear ag súil leis an iomarca fulainge, foighde agus le breis uathu. Bíonn Colm Mac Séalaigh ag éisteacht lena scéalta.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Tony Birtill

Is spéis le Tony Birtill an t-athrú scéil a bhíonn ag titim amach i rith an ama i dtuairimí aos seandálaíochta na Breataine agus na hÉireann.

»»»
Íomhá
CÚINNE NA nEALAÍON
Ciara Nic Gabhann

Ceisteanna bradaíola idirnáisiúnta cúpla céad bliain ó shin agus iarsmalannaíocht ár linne féin is ábhar don alt seo le Ciara Nic Gabhann. An gcaithfear ar goideadh a thabhairt ar ais anois?

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Brian Ó Broin

An sotal agus an stainc, ní chuidíonn siad le ceannaire a gcleachta mar mhodhanna oibre. Ní chuidíonn siad le duine ar bith eile ná le rialtóir Nua-Gheirsí, Chris crosta Christie, dar le Brian Ó Broin.

»»»
Íomhá
CÚRSAÍ SPÓIRT
Gráinne Campion

Bhí Gráinne Campion ag faire ar an donacht a bhuail foireann Chiarraí, gortú an Gooch, Colm Cúipéir. Tá tréimhse fhada athshlánaithe amach roimhe agus bearna foirne gur deacair a líonadh dá uireasa.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Seán Mac Risteaird

Ceart dom, ceart duit’ a deir na seanscéalta laochais linn, nath a thagann le dearcadh Sheáin Mhic Risteaird ar eachtraí a tharla thart orainn sna meáin ó thús an earraigh.

»»»

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.