Buaiteoirí
Tadhg MacCionnaithe, Baile Átha Cliath
Maitiú Bray, Nua-Eabhrac
An Duais
DVD ó CHLÓ IAR-CHONNACHT: Lón sa Spéir / Men at Lunch Scannán ar cheann de na grianghraif is aitheanta riamh. Pictiúir a tarraingíodh i Nua-Eabhrac i 1932. Aon fhear déag oibre suite go sócúil ag ithe a lóin ar ghiarsa atá crochta 69 urlár os cionn na sráide, ar an Rockefeller Building.
Thuill an pictiúir cáil mhór agus is iomaí brí siombalach bainte as ag fealsúna agus ag lucht ceardchumainn. Ach do mhuintir na Seaneaglaise, i ndeisceart na Gaillimhe, tá fáth eile lena thabhairt chun suntais. Creideann siad go bhfuil beirt dá muintir féin sa bpictiúir i New York City, 1932.
Tá BEO an-bhuíoch den Chló Iar-Chonnacht as ucht an duais seo a chur ar fáil.