AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Chris Crosta agus an Droichead
Brian Ó Broin Brian Ó Broin Brian Ó Broin

An sotal agus an stainc, ní chuidíonn siad le ceannaire a gcleachta mar mhodhanna oibre. Ní chuidíonn siad le duine ar bith eile ná le rialtóir Nua-Gheirsí, Chris crosta Christie, dar le Brian Ó Broin.

Íomhá
Chris Christie
(le David Shankbone ar Vicipéid)
Íomhá
An George Washington
(le Fly Navy ar Flickr)
Íomhá
Jim Mc Greevey
(le David Shankbone ar Vicipéid)
Íomhá
Radharc ar Dhroichead George Washington
(le Jon Dawson ar Flickr)
Íomhá
Mark Sokolich, Méara Fort Lee
(le Aaron verbrugghe ar Vicipéid)

Á muise, bíodh trua agat do phobal Nua-Gheirsí, nach raibh acu ach rialtóirí conspóideacha le deich mbliana anuas.

Toghadh Jim Mc Greevey san oifig i 2002. Níorbh fhada go bhfuarthas amach go raibh sé ag codladh lena chomhairleoir slándála, Iosraelach darbh ainm Golan Cipel. Thit réimeas Mc Greevey (agus a phósadh) as a chéile. Go luath ina dhiaidh sin toghadh an baincéir Jon Corzine mar rialtóir. Chlis a phósadh agus é in oifig, agus thosaigh sé ag siúl amach le huachtarán ceardchumann mór, an bhean phósta Carla Katz. I 2007 is beag nár maraíodh é i dtimpiste bóthar nuair a chuaigh a charr, a bhí ag taisteal níos tapúla ná 90 m.s.u. (150 kph), as smacht. Ní raibh sé ag caitheamh crios slándála.

Ní bhfuair sé ach tréimhse amháin. Chinn pobal Nua-Gheirsí 2009 go raibh sé in am seans a thabhairt do na Poblachtánaithe, agus i dtoghchán an-chóngarach, thogh siad Chris Christie, fear mór le tuairimí móra.

Má vótálann Nua-Gheirsí go daonlathach de ghnáth, ní hionann sin is a rá gur liobrálaigh iad. Go deimhin, agus mórchuid phobal an stáit ina gcónaí i bhfobhailte in aice Nua-Eabhrac agus Philadelphia, leagann siad an-bhéim ar aontuilleamaí. Tá a dtithe féin acu, a gcairr féin, pinsineacha príobháideacha, infheistíochtaí, agus gach rud a bhaineann le saol an mheánaicme. Mar bharr ar sin, ámh, is beag measa atá acu ar rudaí mar sheirbhísí poiblí, oideachas poiblí, cáin de shaghas ar bith, agus na saorealaíona. Tá gné den fhírinne i gcláir mar Jersey Shore, The Sopranos, agus Real Housewives of New Jersey.

Ní Bhíonn Tréan Buan

D’fhreagair Chris Christie do gach rud a thaitin le pobal Nua-Gheirsí. Bhí sé mór agus ramhar agus ba léir gur thaitin an bia leis. Bhí sé glórach agus ionsaitheach, agus níor chúlaigh sé riamh ó iaróig ná ó throid, mar is léir ón iliomad físeanna atá ar fáil de ar an idirlíon ag béicíl le daoine a chuir cruacheisteanna air. Sheas sé ar son úinéireacht gunnaí agus in aghaidh ardú cánach.

Ach b’shin a íomhá poiblí. Go ciúin, rinne sé comhoibriú éigin le liobrálaithe an stáit. I 2013, agus é ag seasamh don dara théarma, mhol an New Jersey Star Ledger (an nuachtán is cumhachtaí sa stát) dá léitheoirí a vótaí a chaitheamh ar a shon.

Toghadh Christie, ar ndóigh. Agus bhí go maith go dtí an 8ú Eanáir, 2014. An lá sin, d’fhoilsigh nuachtán eile as Nua-Gheirsí scéal a thug le fios go raibh dlúthbhaint ag an nGobharnóir Christie le dúnadh na lánaí tráchta ar Dhroichead George Washington trí mhí roimhe sin le linn feachtas atofa an uachtaráin. Droichead ollmhór is ea Droichead George Washington, a dtiománann 300,000 feithicil thairis gach lá. Ceanglaíonn sé Fort Lee i Nua-Gheirsí le Manhattan i Nua-Eabhrac. Is cosúil nach raibh méara Fort Lee, Mark Sokolich, sásta tacaíocht a thabhairt do Chris Christie sa toghchán a bhí le teacht, agus mar dhíoltas, shocraigh oibrithe Christie lánaí tráchta an droichid a dhúnadh le cinntiú go mbáfaí Fort Lee le trácht ar feadh seachtaine. Go cinnte, thug oifigigh an bhaile sin le fios nach bhfacthas tranglaim chomh mór sin sa bhaile ariamh cheana, ach amháin le linn ionsaí an 11ú Mheán Fomhair, 2001.

Comharthaí na gCeap Milleáin

D’fhreagair oifig an Ghobharnóra le bagairtí agus gaotaireacht, ach sar i bhfad ba léir nach bhféadfaí a shéanadh go ndearnadh faillí. Agus é ag iarraidh an chonspóid a choinneáil uaidh féin, bhris sé a chúntóir Bridget Kelly as a post, ag cur amaidí agus calaois ina leith. D’éirigh beirt eile as a bpostanna go tobann.

Shílfí gur leor sin, ach níor cuireadh stop leis an scéal. Má bhí Christie ag imirt díoltais ar Fort Lee, b’iad tiománaithe Nua-Gheirsí a uirlisí troda. Agus mar a dúras cheana, tá gean faoi leith ag Nua-Gheirsígh ar a gcuid carr. Tá bóithre Nua-Gheirsí go huafásach cheana féin, agus b’é buille na tubaiste é do roinnt mhaith daoine sa stáit go raibh polaiteoirí ag cur moill orthu d’aon ghnó mar phíosa spraoi. Níos measa fós, níorbh iad cosmhuintir an stáit ba mhó a bhí thíos leis an eachtra seo, ach na daoine sin a thiománann isteach go Nua-Eabhrac i gcomhair oibre. ’Sé sin, na baincéirí, na hinfheisteoirí, na hiriseoirí, na bainisteoirí, agus iad siúd go léir eile a bhfuil cónaí orthu i Nua-Gheirsí agus a oibríonn i Nua-Eabhrac. Lucht cumhachta an stáit.

“Níl ann ach droichead!” a deir roinnt daoine, agus an ceart acu, ach is droichead sárthábhachtach é a cheanglaíonn stát atá chomh saibhir leis an Spáinn (Nua-Eabhrac) le stát atá chomh saibhir leis an tSualainn (Nua-Gheirsí). B’ionann an gníomh agus dúnadh Tollán Mhuir nÍocht, nó dúnadh Aerfort Heathrow.

Ainneoin dhá mhéadar sneachta a thit (agus a d’fhan) ar thalamh an stáit idir Eanáir agus Feabhra, níl ach scéal amháin ar bhéalaibh phobal Nua-Gheirsí: dúnadh an droichid. Táthar ag rá cheana féin go bhfuil deireadh le feachtas uachtaránachta an Ghobharnóra Christie, agus go bhfuil a íomhá athruithe go tubaisteach ó cheann an Fhir Ghnímh go ceann an Bhullaí Ghránna.

Ar an 9ú Feabhra d’fhoilsigh eagarthóirí an Star Ledger alt ag cur a n-aiféala in iúl gur thacaigh siad le Christie. Dá mbeadh a fhios acu, dar leo, ní dhéanfaidís a leithéid. An tseachtain chéanna, thosaigh na meáin ag foilsiú scéalta nua faoi chalaoiseanna eile a rinne réimeas an Ghobharnóra Christie in aghaidh bailte eile sa stát. An dtitfidh an fathach? Más féidir stair Ghobharnóirí Nua-Gheirsí a úsáid mar threoir, tá port Christie seinnte.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.