Labhair Mícheál Ó hAodha le ridire mná, Niamh Dunne, a shiúlann bóithre mhór-ranna an domhain mar bhall den bhuíon aitheanta oilte Beoga.
»»»Measann Breandán Delap go bhféadfadh Roinn na Gaeltachta a bheith níos oscailte ins an eolas a nochtaítear don phobal ...
»»»D’fhreastail Balor na mBéimeann ar chóisir fíona le deis faire ar an phearsa a chuaigh ó amharc ar Mhéara na gConallach Toigh Ard-Mhéara na hArdchathrach.
»»»Bhí Colm Mac Séalaigh ag léamh leabhair a chaitheann solas lonrach ar fhear a chaith blianta le gairm na dornálaíochta i Meiriceá, fear a chuaigh i bhfeidhm ar mhuintir a linne laistigh agus lasmuigh den chró.
»»»Molann Roseanne Smith don té Smutleabhrach ar mian léi nó leis a bheith feiceálach ann, a bheith go haischlibeach i scríobh na scéalta fógraíochta.
»»»Mheabhraigh scéal tacsaí Hampden eachtraí a bhain dó féin do Sheosamh Ó Riain. An féidir eachtraí mar é a mhíniú san am a bhfuil borradh faoin nGaelscolaíocht agus ‘bá leis an nGaeilge’ go forleathan?
»»»Ag siúl na Breataine Bige do Dhiarmuid Johnson le mí anuas, rinne sé iontas den bheocht atá sa teanga dhúchais ó Aberteifi go Criccieth.
»»»Phill Ciara Nic Gabhann ar a cathair dhúchais, Doire, fechain Locha Febhuil find, con a ealaibh as aibhind, anuraidh le blaiseadh den lón mór ealaíne a bhí ag titim amach ann. Níor thuras in aisce é.
»»»Anois go bhfuil ainmneacha na gceanneagraíochtaí fógartha faoi dheireadh ag Foras na Gaeilge, ceistíonn Donncha Ó hÉallaithe an bhfuil tús á chur le ré nua i leathnú na Gaeilge i measc an phobail nó an leanfar leis an seanchur chuige céanna.
»»»Tá muintir Oirialla ag cur spéise i nduine dá gcuid cruitire ó dhá chéad bliain ó shin agus ní taise do Ghráinne Campion é mar chuaigh sí féin ag fiosrú an scéil.
»»»Ní fearrde an Astráil an easpa infheistíochta i ngnóthaí taighde, nuálaíochta ná oideachais in imeacht na mblianta. Níltear dóchasach dar le Bearnaí Ó Doibhlin.
»»»Thug Daragh Ó Tuama gean do charr acmhainneach áirgiúil láidir i ndiaidh leadhbanna d’uachtar Laighean agus na Mumhan a shiúl léi.
»»»Tá David O. Russell, fear an scannáin American Hustle, in ann a léamh féin ar an saol a thabhairt chun soiléire go healaíonta dar le Pat Butler. Greanndráma cliste inmholta atá ann.
»»»Is mithid do bhainistíocht an BBC éisteacht le toil na ndaoine lasmuigh de sheomraí cumhachta na heagraíochta, nó tá John-Paul Mc Carthy den bharúil go bhfuil siad ag dul amú agus solas acu.
»»»Chuaigh leabhar de chuid Daniel Kahneman i bhfeidhm air chomh mór sin ar Chiarán Mac Aonghusa is go raibh air cromadh isteach ar an mhéarchlár agus scríobh faoi.
»»»Tá Robert McMillen den bharúil go bhfuil is go mbeidh beanna codlatacha na dteampall ó thuaidh codlatach ó thuaidh go Lá Philib an Chleite.
»»»Mheas Tony Birtill go mbéarfaidh cuairt an Uachtaráin Mícheál D. Ó hUigín ar Shasana, i mí Aibreáin seo chugainn, deis don dá rialtas roinnt athruithe a chur i gcrích.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.