CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
An Saol ag Athrú agus Sinne á Athrú Níos Mó
Roseanne Smith Roseanne Smith Roseanne Smith

Tá Ray Kurzweil ag cinntiú go bhfuil gach cóir air chomh maith le gach cóir a chur ar Google más féidir. Bhí Roseanne Smith ag faire ar a bhfuil ar siúl aige.

Íomhá
Atlas, uathoibreán DARPA & Boston Dynamics
(le SAM ar Vicipéid)
Íomhá
Raymond Kurzweil
(le Null0 ar Flickr)
Íomhá
Fad saoil agat, bricfeasta & lón in éineacht
(le epSos.de ar Flickr)
Íomhá
Joseph Weizenbaum
(le Ulrich Hansen, iriseoir sa Ghearmáin ar Vicipéid)

Táim tar éis gabháil tríd - i ndáiríre táim fós i gcroílár - taithí saoil a raibh mé ag súil go mór leis ach atá ag cur brú millteanach orm. Tá súil agam nach dtarlóidh sé arís, nó má tharlaíonn, go mbeidh an t-airgead agam tromualach na hoibre a fhágáil ag duine éigin eile. Sea, bhog mé teach. Níor bhog mé ach cúpla cileaméadar suas an bóthar, ach cosúil le han-chuid a bhaineann leis an teach, cuireann sé íonadh orm a laghad cabhrach is atá sa teicneolaíocht dom. An t-aon teicneolaíocht a chabhródh liom anseo ná teicneolaíocht an airgid. Sin, nó teiliompróir.

Is ag scríobh faoi theiliompróir, más spéis leat Star Trek, molaim go mór súil a chaitheamh ar http://www.startrekcontinues.com/ ina bhfaighfí péire clár déanta ag lucht dlúthleantóirí Star Trek, nó Trekkers, a chuireann le heachtraí foireann na spásloinge Enterprise. Tá Trekkers an domhain an-tógtha leis seo. Féach mar shampla, blagmhír Choinn Uí Mhuineacháin faoi (http://technology.ie/star-trek-continues/) nó an áit ar tháinig mise ar dtús air, FlickFilosopher.

Ach dá gcuirfinn mo cheann ar an duine a bheas thart fós in am don teiliompróir, nó a chruthódh é fiú, chuirfinn ar Ray Kurzweil é. Is é stiúrthóir innealtóireachta i nGoogle é agus tá an post seo aige ó 2012. Tá sé 66 anois, rud a ciallaíonn gur ghlac sé leis an bpost úd ag am dá shaol ina mbíonn an chuid is mó againn ag smaoineamh faoin áit ar chóir duinn ár gcóisir scoir a shocrú!

Kurzweil, Mac na nAthruithe

Le cúlra tionscantach i gcórais aithint optúil carachtar (OCR an Bhéarla) agus téacs go teanga (chruthaigh sé an chéad léitheoir téacs uathoibritheach sna seachtóidí!) ní raibh ach líne amháin i sainchuntas a phoist i nGoogle: “to bring natural language understanding to Google”. Seo príomhaidhm Google le fada, a tháinig céim ar aghaidh le seoladh an leagain Hummingbird den algartam agus Google Now in eireaball na bliana seo caite. Déarfainn go raibh foireann Google ag obair ar an dtogra sin i bhfad sular tháinig Kurstzweil ar bord ach ní fheadar ar bhrúigh sé amach na forbairtí seo ionas go mbeadh siad in ann tús a chur le bailiú eolais faoin úsáid a bhaineann daoine as teanga aiceanta i gcuardach agus le huirlísí soghluaiste?

Ach is beag an fhorbairt seo le hais na físe atá ag Kurzweil. Dá réir, tarlóidh singilteacht teicneolaíochta i gceann 20 bliain. Is é sin go dtarlóidh an líon sin forbairtí teicneolaíochta, idir ríomhaireachta agus bithleighis, nach féidir tuiscint nó tuar céard a tharlóidh don chine daonna ina dhiaidh. Dá réir agus de réir iad siúd a bhfuil dá dhearcadh ar an gceist, intleacht shaorga pointe=artificial intelligence shall reach a point">sroichfidh ="gloss" title="artificial intelligence">intleacht shaorga pointe, sách luath, ina mbeidh na meaisín níos cumhachtaí ná a gcruthaitheoirí.

Ar ndóigh níl achan saineolaí ríomhaireachta den tuairim sin. Chruthaigh Jospeh Weizenbaum ELIZA/ DOCTOR (tuilleadh http://jerz.setonhill.edu/if/canon/eliza.htm) sna seascaidí. Séard a bhí ann, clár ríomhaire a bhí in ann comhrá a dhéanamh le daoine sa bhealach is gur chreid siad go raibh siad ag déanamh plé ar a shláinte intinne le fíortheiripeoir. Bhí ionadh ar Weizenbaum nuair a nocht daoine rún a gcroíthe agus fearg ar roinnt dá “othar” nuair a thuig siad nach raibh ann ach meaisín agus go raibh rochtain ag Weizenbaum ar an eolas a roinn siad leis an meaisín céanna. De bharr an taithí seo, agus neart eile, chreid Weizenbaum nár chóir dúinn ligint do intleacht shaorga an méid sin cumhachta a fháil. Dá réir, is mór idir cinneadh agus rogha agus luíonn an difríocht seo le mothúcháin agus breithiúnas. Fuair Weizenbaum bás i 2008 ach tá scannán faoina shaol Joseph Weizenbaum: Rebel at Work

An bhFuil Luibh nó Leigheas in Aghaidh an Bháis?

An rud ioróineach faoi bás Weizenbaum ná go bhfuil Kurzweil ag déanamh gach aon ní is féidir leis chun a shaol a fhadú i dtreo neamhbhásmhaireacht. Ní hé go creideann sé go mairfidh a chorp chomh fada sin ach tá sé ag iarraidh sin a eascú freisin. Tá sé, gan amhras, an-eolach faoi ríomhairí is urlabhra is intleacht shaorga ach tá cúpla leabhar sláinte scríofa aige freisin, mar chaitheamh aimsire, nuair nach mbíonn sé ag comhaireamh a chuid airgid ar fad

Go dtí go raibh Kurzweil breis is daichead bliana d’aois, níor bhac sé mórán lena shláinte. Baineadh geit as nuair a fuair sé amach go raibh sé ag gabháil i dtreo an ghoile thrasna, cineál 2, agus shocraigh sé cúrsaí a chur i gceart. Anois ghlacann sé timpeall 150 forlíon cothaithe in aghaidh an lae, chomh maith le 6 ceann infhéitheach in aghaidh na seachtaine, rud a ligeann dó a chonair ghastraistéigeach a sheachaint go hiomlán. Nuair nach gá duit itheadh bíonn am agat leabhair a scríobh. Agus do chuid airgid a chomhaireamh, ar ndóigh.

Ach, a léitheoir, cá bhfuil an sásamh ansin? B’fhearr liomsa saol níos giorra agus uachtar reoite, seacláid agus stéig bhreá mé féin. Ach tá Kurzweil ag tuar toisc feabhsú easponantúil go mbeidh ríomhairí níos cumhachtaí ná aon cheann ar domhain chomh beag le fuilchill. Mar sin is ansin a mhairfidh siad, inár gcorpanna. Ceann de na rudaí a dhéanfaidh siad ná ligfidh siad dúinn aon ní is mian linn a itheadh mar gheobhaidh siad réidh leis an truflais agus ní choinneoidh siad ach an bia atá uainn. Ar ndóigh beidh na ríomhairí seo ag cabhrú lenár n-inchinn freisin agus is i réimse na liogeolaíochta a bheidh na ceisteanna is mó.

Is féidir físeáin d’agallamh a rinne Kurzweil ag comhdháil le déanaí a fheiceáil anseo. Féach an chuma óg atá air! Féach na fáinní móra órga ar a mhéara is a Rolex órga… Go mbeirimid beo ar an am seo arís! http://youtu.be/ausc1hRR4q0

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.