COMÓRTAIS
Comórtas Mhí an Mhárta
Íomhá
Scéal Scéil
Íomhá
Sciorann an tAm

Tabhair cuairt ar an nasc idirlín seo: COIS LIFE

An Cheist

Cad é an líon ríomhleabhar idir Kindle agus EPub atá ar fáil ó COIS LIFE?

Seol do fhreagra chuig oifig@beo.ie roimh an 20 Márta 2014 agus bíodh na focail ‘Comórtas Mhí an Mhárta’ mar theideal ar do theachtaireacht. Tabhair do sheoladh baile sa teachtaireacht le do thoil.

Duaiseanna

Dhá leabhar ó COIS LIFE:

Scéal Scéil. Rúndiamhra na Meán & Sciorrann an tAm

Scéal Scéil. Rúndiamhra na Meán. Eagarthóir: Breandán Delap.

Táimid uile ag feidhmiú faoi scáth na meán cumarsáide ach is beag eolas atá againn i ndáiríre faoi cén chaoi a bhfeidhmíonn siad. Sa leabhar seo nochtann iriseoirí aitheanta, atá in ard a maitheasa faoi láthair, a gcuid rún faoi na modhanna oibre a chleachtann siad chun scéalta a aimsiú agus a sheachadadh. Gheobhaidh an léitheoir spléachadh ní hamháin ar ealaín na ceirde ach ar an chleasaíocht a bhíonn ar bun i seomraí nuachta na tíre. Tá idir mhagadh is dáiríre sa leabhar seo agus tarraingíonn na hiriseoirí ó thaithí fhairsing na mblianta le scéilíní agus le smaointe faoi chleachtadh na hiriseoireachta a roinnt linn. Déantar cíoradh ar réimse leathan ábhair ann: na tréithe atá riachtanach, an tablóideachas, claonta polaitiúla, tuairiscí ó láithreacha cogaíochta, féidearthachtaí gnó na hiriseoireachta, cén chaoi le ceisteanna a chur agus le freagraí a sheachaint. Ar na hiriseoirí a scríobh alt don leabhar tá Harry McGee, Paul Drury, Póilín Ní Chiaráin, Pól Ó Muirí, Máirtín Ó Muilleoir, Seán Ó Cuirreáin agus Cathal Mac Coille.

Sciorrann an tAm. Orna Ní Choileáin.
Cnuasach nua gearrscéalta ó údar Canary Wharf. An bua a bhaineann le scéalta an Choileánaigh ná a n-éagsúlacht agus a mbeocht. Is minic í ag plé leis an gclapsholas sin idir dhá shaol agus uaireanta is priaclach an saol é sin! Ní gruaim gan ghreann é, áfach. Scanraíonn sí sinn ach baineann a cuid eachtraí gáire asainn chomh maith. Bí ag faire amach! Ní gnáthdhomhan é seo, domhan Orna Ní Choileáin. Bí cúramach, a léitheoir!

Tá BEO an-bhuíoch de COIS LIFE as ucht an duais seo a chur ar fáil.

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.