CÚINNE NA nEALAÍON
Cé Leis Ealaín Ársa?
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

Ceisteanna bradaíola idirnáisiúnta cúpla céad bliain ó shin agus iarsmalannaíocht ár linne féin is ábhar don alt seo le Ciara Nic Gabhann. An gcaithfear ar goideadh a thabhairt ar ais anois?

Íomhá
Ag seoladh the Monuments Men
(le Georges Biard ar Vicipéid)
Íomhá
An Partanón
(le Hwasus ar Vicipéid)
Íomhá
Gadaí na Gréige, an tIarla Elgin
(le Anton Graff ar Vicipéid)
Íomhá
An tAcrapolas
(le Leonard G. ar Vicipéid)

an t-aisteoir Meiriceánach George Clooney, mar aon lena chomhaisteoirí Bill Murray agus Matt Damon, i ndiaidh iad féin a chur in achrann le bunaíocht Shasana mar gheall ar thuairimí a nocht siad ar na mallaibh faoi úinéireacht an tsaothair chlasaicigh – na fríosanna a tháinig ón Phartanón sa Ghréig.

Bhí an triúr ag déanamh bolscaireachta do scannán nua, The Monuments Men, atá dírithe ar bhuíon ón Dara Cogaidh Domhanda a bhí freagrach as saothar ealaíne, a ghoid na Naitsithe, a aimsiú agus a shaoradh, nuair a dúirt Clooney, go mbeadh sé cui agus cóir (agus iad ag caint faoi ealaín chreachta) dá dtabharfadh Iarsmalann na Breataine an saothar sin ar ais do phobal na Gréige.

Tógadh an Partanón, sa 5ú Céad R.C. in ómós an Bhandé Aitéiné, éarlamh chathairstát na hAithne agus rinneadh na fríosanna mar chuid de dhearadh an fhoirgnimh. Léiríonn an saothar ceiliúradh ar an saol Pan-Aithneach agus tugann sé spléachadh léargais ar shaol diamhair rúnda sheansibhialtacht na Gréíge .

Creach an Phartanóin

Ba é an Tiarna Sasanach, an 7ú Iarla Elgin a rinne an chreach ar fhríosanna an Phartanóin, nuair a bhí sé ina ambasadóir thar ceann na Breataine don Impireacht Otamánach, a bhí i réim sa Ghréig sa 19ú Céad. Dúirt Elgin nach raibh uaidh ach an saothar ársa a shabháil ó chreachadh agus mhaígh sé go bhfuair sé cead ón sabhdán Otamánach a rogha rud a dhéanamh leis na leaca dealbhóireachta seo. D’éirigh leis beagnach leath den saothar a bhaint anuas ón teampall ársa agus iad a sheoladh go Sasana i 1805 agus bhí sé féin ina chaomhnóir orthu go dtí gur bhuail géarchéim airgid é agus gur dhíol sé iad le Rialtas na Breatáine i 1816.

Cuireadh an saothar in Iarsmalann na Breataine, áit a bhfeictear go fóill iad i measc na gcéadta déantán eile ó thíortha eile an domhain. Ag an am seo, bhí go leor den bharúíl go ndearna Elgin scrios ar Ataen leis an bhradú seo agus scríobh an Tiarna Byron i Childe Harold’s Pilgrimage:

‘Dull is the eye that will not weep to see –

Thy walls defaced,

thy mouldering shrines removed by British hands?’

Bhí daoine eile ann, áfach, a d’amharc ar an bhailiúcháin nua sa Iarsmalann mar chuid de ré úr na hArd-Ealaíne agus scríobh leithéidí Goethe agus Keats go dearfa faoi seo.

Cé leis an Ealaín Oidhreachtúil?

Tacaíonn EOECNA leis na dlíthe cultúrtha oidhreachtúla atá anois i bhfeidhm sa chuid is mó de thíortha an domhain inniu, a dheimhníonn gur coir é déantán ársa a thabhairt amach as tír gan chead. Spreagann sé seo go leor ceisteanna faoi fíorúinéireacht saothar ealaíne ársa atá ag i seilbh go leor d’iarsmalanna móra an domhain chomh maith le bailitheoirí príobháideacha. Dá ndéanfaí athdhúichiú ar an tsaothar seo ar fad, cé chomh fada siar ba cheart dul, agus an gcruthódh sé fasach a bheadh inoibrithe?

Tá mórán den bharúil gur cás eisceachtúil é dealbha an Phartanóin mar go léiríonn siad ní hamháin buaicphointe shibhialtacht agus cultúr ársa na Gréige, ach tá an saothar sin de dhlúth agus d’inneach fhéiniúlacht na tire chomh maith agus is cúis mhór buartha do phobal na Gréige nach bhfuil an saothar ealaíne seo le feiceáil sa tír is dual dó.

Tá sibhialtacht an iarthair go mór faoi chomaoin ag cultúr na Gréige ar an ábhar gur uaidh a tháinig daonlathas, an eolaíocht, ealaín, ailtireacht chomh maith leis na Cluichí Oilimpeacha. Mar chomartha buíochais agus measa nár chóir na fríosanna seo a thabhairt ar ais chuig an Ghréig? An freagra atá ag na hiarsmalanna móra ar an cheist seo ná gur iarsmalanna domhanda iad, agus tig leis an phobal léargas fairsing domhanda ar chultúir éagsúla a fheiceáil iontu taobh lena chéile. Agus sin an dearcadh atá ag Neil Mc Gregor, Stiurthóir Iarsmalann na Breataine, agus deir sé fosta go bhfuil sé chomh tábhachtach anois a bheith ábalta déantáín ársa a fheiceáil faoi aon díon amháin saor in aisce is a bhí 250 bliain ó shin.

Tá an Ghréig go daingean den bharúil go gcaithfidh an saothar a thabhairt ar ais agus tógadh Iarsmalann an Acrapolas i 2009, díreach sular ar tharla an ghéarchéim gheilleagair, mar a bhfuil leath na bhfríosanna le feiceáil ann taobh le cóipeanna plastair de na cinn atá i Londain. Deir Dimitrios Pandermalis, Stiúrthóir Iarsmalann an Acrapolais, nach bhfuil in iarsmalann domhanda ach:

Claochlú impiriúlachas an 19ú Céad go domhandú an 20ú Céad.”

Agus más amhlaidh an scéal, tá ceisteanna go fóill fágtha le freagairt againn. An bhfuil saothar an Phartanóin mar chuid den oidhreacht ilréimseach dhomhanda is linne, an cine daonna ar fad, nó, an bhfuil muid ag déanamh mór is fiú dínn féin sa chás seo agus ar chóir saothar luachmhar oidhreachtúil a thabhairt ar ais do na tíortha as ar tháinig siad?

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.