CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Cuidigh le Daoine
Íomhá
Sráid an Dáma, BÁC
Íomhá
Mórshiúl ar son na Gaeilge sna Forbacha 2014
Íomhá
Lá Mór na Gaeilge san ardchathair 2014
Íomhá
Mórshiúl ar son na Gaeilge i Sligeach 1905

cuid againn ag cur an ama amú le teilifís, le hól piontaí agus le comhluadair nach fiú a bheith leo ar nós clubanna oíche. B’fhéidir gur mó an sásamh a bhainfimis as ár gcuid ama a thairiscint do chumainn ar nós an Simon Community, Cumann Uinsionn de Pól nó Arm an tSlánaithe. Bíonn cumainn mar sin ag lorg cuidiú oícheanta go háirithe. Thiocfadh le duine cuidiú oíche amháin ag deireadh na seachtaine nuair nach mbeadh an fhoireann chomh líonmhar is ba chóir.

Bíodh nach leigheasfaidh duine nó beirt againn aon cheann de lochtanna móra an tsaoil, thiocfadh linn rudaí go leor a fhoghlaim faoin saol, faoin duine eile agus fúinn féín, fiú amháin. B’fhéidir gur fóirsteanaí thú féin ná mórán eile a chuirfeadh isteach ar an obair dheonach sin. Ní bheidh a fhios agat go dtí go bhféacha tú thú féin leis na cúraimí sin.

As do Stuaim Féin

Murar spéis leat dul le cumann ar bith mar oibrí deonach, is furasta do mhaith féin a roinnt ar an dream gan dídean. Déan teagmháil le duine díobh seo a bhíos le feiceáil sna sráideanna i rith an lae nó san oíche. Fiafraigh de nó di ar mhaith leo greim le n-ithe. Ná tabhair airgead dóibh am ar bith! Tabharfaidh tú faoi deara nach gcuirfidh siad ceist ort arís faoi shíneadh láimhe nuair atá diúltaithe agat cheana féin. Beidh a fhios acu gur féidir brath ort nuair a bhíonn snaidhm an ocrais orthu. Is mór an t-ábhar misnigh don duine ar an tsráid an méid sin. Nuair a thuigeann sé nó sí go bhfuil duine éicint ag cuimhneamh orthu. Meabhraíonn tú don duine gan dídean dhá ní an-tábhachtach: an mhaith a dhéanann an bia dúinn agus an dochar a níos an deoch mheisciúil.

Cá bhfios nach bhfeicfidh tú an duine céanna faoi cheann deich, nó fiche bliain ina dhiaidh sin agus cuma i bhfad níos fearr air. Beidh dídean faighte aige agus ní bheidh sé ar an ól a thuilleadh. Beidh sé in ann liodán ainmneacha daoine dá chineál a bhásaigh ina gcodladh amuigh faoin fhuacht in imeacht na mblianta sin. Ní ghlacfaidh sé buíochas leat as do chineáltas na blianta roimhe sin mar tuigfidh sé nach gá. Ghlac sé buíochas leat go láidir leat go minic cheana. Tuigfidh tú féin go mb’fhéidir gur tharrthaigh do chuidiú’sa ag an am an duine áirithe sin.

Bealaí Eile?

Más duine sách scafánta agus aclaí thú, thiocfadh leat cuidiú le buíon tarrtháil sléibhe? Caillfidh tú cuid den am saor a bhí agat roimhe seo, agus caillfidh tú blaisín airgid leis sa mhéid go gcaithfidh tú tiomáint amach faoin tír in amannaí le teacht ar an ionad tionóil le haghaidh oiliúna, nó b’fhéidir le duine nó daoine a tharrtháil as glas binne nó as dorchadas agus fuacht sléibhe.

Má tá tú ag santú breis Gaeilge i do shaol, thiocfadh leat clárú le Conradh na Gaeilge agus cuidiú leo ina gcuid iarrachtaí saibhreas na teanga a roinnt ar dhaoine i do cheantar féin. Ar an dóigh sin, tá tú ag saibhriú saol an phobail. Beidh an eagraíocht 120 bliana d’aois i mí Iúil i mbliana. An bhfuil do chuidiú de dhíth ar an ghluaiseacht seo? Breathnaigh thart le do shúile cinn. Nuair a bunaíodh an Conradh bhí na céadta míle sárchainteoirí Gaeilge sa tír seo agus thar lear fosta. Má tá 300,000 cainteoirí maithe Gaeilge sa tír inniu, ba é teann a ndíchill a bheith gar ina gcumas cainte do na seanchainteoirí a chuaigh rompu céad agus fiche bliain ó shin. Is é croitheadh an tsacáin atá fanta sna ceantair Ghaeltachta faoin am seo, faraor.

Siúlóidí Móra

Bhí siúlóid mhór san ardchathair an mhí seo chuaigh thart mar thaca le roinnt éileamh, go háirithe a d’eascair as imeacht Choimisinéir Teanga go luath as a phost, an tUasal Seán Ó Cuirreáin. Bhí siúlóid mhór eile aniar as an Spidéal ar lá deiridh a fhad le hoifigí Roinn na Gaeltachta sna Forbacha. Síleann roinnt againn go gcomharthaíonn sé go bhfuil sracadh sa tseanchailleach fós. Admhaím go bhfuil fuinneamh ar leith i muintir Chonamara, go fiú thar cheantair Ghaeltachta eile. A shliocht orthu, tháinig Raidió agus Teilifís aniar le muintir cumasach na 1970aidí agus na 80-90aidí. Ag an am chéanna, tá Raidió na Gaeltachta ar siúl ag craoladh ‘liricí Béarla’, .i. amhráin Bhéarla agus mé ag greadadh seo isteach ar an mhéarchláir. Is le himní agus le cumha a d’fhreastail mé ar na mórshiúlta an mhí seo chuaigh thart mar bhí mé ag cuimhneamh ar na sluaite a bhí sa mhórshiúl i Sligeach ar son na Gaeilge sa bhliain 1905 (sa ghrianghraf). Cainteoirí dúchais a bheadh sa chuid is mó de na daoine sin, tharla to raibh 17,493 cainteoir dúchais Gaeilge móide 77 eile gan Bhéarla sa chontae sin i ndaonáireamh 1901. An gá a rá go bhfuil siad ag iompar na bhfód anois? An bhfuil aon údar a cheapadh nach sa cheo chéanna a chaillfear a bhfuil fanta againn go dtí seo de thobar an dúchais?

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.