CÚRSAÍ SPÓIRT
Cad a Dhéanfaimid Feasta gan Gooch?
Gráinne Campion Gráinne Campion Gráinne Campion

Bhí Gráinne Campion ag faire ar an donacht a bhuail foireann Chiarraí, gortú an Gooch, Colm Cúipéir. Tá tréimhse fhada athshlánaithe amach roimhe agus bearna foirne gur deacair a líonadh dá uireasa.

Íomhá
Ag Craobh na hÉireann 09
(le Ciarán Mc Guigan ar Flickr)
Íomhá
Ag tarraingt ar chúl eile
(le Kman999 ar Flickr)
Íomhá
Colm Cúipéir ag ceapadh na caide
(le Kman999 ar Flickr)

15ú lá Feabhra 2014— Drochlá amach is amach a bhí ann le haghaidh Colm ‘An Gooch’ Cooper agus é ag imirt in aghaidh Chaisleán an Bharraigh. Seo an lá ar rinneadh ciseach dá ballnasc croiseach tosaigh; an chuid den ghlúin atá bainteach le gluaiseacht agus rothlúchán. Is é seo an chéad ghortú mór a fuair sé riamh ó thosaigh sé faoi stiúir Pháidí Uí Shé i 2002. Anois agus in aois 31 tá buairt le brath ar fud na Ríochta nach mbeidh sé le feiceáil ar an pháirc go ceann bliana.

Naoi mí athshlánaithe

De ghnáth leis an ghortú seo agus ó thaithí imreoirí, bíonn siad ar ais ar an pháirc tar éis naoi mí ar a laghad. Tá costas thart ar €7,500 leis an ghlúin a chur ina cheart agus tá impleachtaí fadtréimhseacha i gceist. Tá seo déanta ag an imreoir Henry Shefflin, sáriománaí Chill Cheannaigh, sa ghlúin chlé faoi dhó agus d’éirigh leis a bheith ar ais taobh istigh den naoi mí an dá am. An scéal céanna le Colm O Neill ar fhoireann Chorcaí, ar mhí-ámharaí an tsaoil rinneadh ciseach dá ballnasc croiseach tosaigh faoi trí agus is annamh a tharlaíonn sé faoi trí! An tríú huaire a tharla sé ná i mí Mhárta anuraidh agus d’fhill sé ar an aclaíocht i mí Eanáir i mbliana.

An Gortú i Measc Mhná ChLG

Tá a taithí féin ag an imreoir peile Niamh Kindlon ar fhoireann Mhuineacháin leis an ghortú dá bhallnasc croiseach tosaigh. Agus í ag imirt le Muineachán i lár Chraobh Chúige Uladh is cuimhin léi a bheith “i lár coimheascair nuair a tháinig duine aniar aduaidh orm ó mo chúl. Bhí mo chos greamaithe go daingean ar an talamh agus chas an chuid uachtarach de mo chorp, ach níor chas mo chos in éineacht leis,” a deir sí.

Is léir go dtarlaíonn an gortú seo chomh gasta agus den chuid is mó den am nach bhfuil ann ach gnáthchoimheasar mar a tharla le Colm Cooper.

Níor tugadh le fios gurb é an ballnasc croiseach tosaigh a bhí cliste ag Niamh, ach tar éis di scanadh MRI a fháil sa Chlinic Spóirt i Seantrabh, dúradh léi a dháiríre agus a bhí an gortú.

Bhí orm dul faoin scin agus baineadh úsáid as mo bhallnasc bairnigh san obráid le cur in áit an phíosa a bhí scriosta. Chiallaigh sé sin go raibh orm tosú as an nua le fisiteiripe agus go leor modhanna éagsúla eile. Dúradh liom go mbeadh ocht mí athshlánaithe le déanamh agam, ach i ndáiríre ní raibh mé feabhsaithe ar fad go dtí ar a laghad bliain iomlán ina dhiaidh,” a deir sí.

Níos measa fós, fógraíodh an mhí seo caite nach amháin go bhfuil an ballnasc croiseach tosaigh briste ag an Gooch ach go bhfuil a glúin féin briste aige.

Tá an chuma ar an scéal go mbeadh sé níos casta ó thaobh athshlánaithe don imreoir bocht agus d’fhoireann Ciarraí dá bharr. Beidh ar Ray Moran, an máinlia i Seantrabh é sin a leigheas i dtosach sular féidir leis aon cheo eile a dhéanamh leis an chuid istigh atá réabtha.

Fáth an Ghortaithe

Pléadh an gortú seo ag comhdháil a d’eagraigh Cumann Lúthchleas Gael i mí Eanáir 2013. Is é Enda King atá ina fhisiteiripeoir cliniciúil speisialta a oibríonn leis na hothair i ndiaidh na hobráide sa Chlinic Spóirt a thug an chaint ar an ghortú.

Dar le Enda King, go bhfuil “go leor fáthanna i gceist leis an ghortú seo agus tá dhá ghné de. Tá na gnéithe láir ann: smacht liogmhatánach, méid an bhallnaisc chroisigh, hormóin agus áit na coise ar an talamh. Ina theannta seo tá na gnéithe seachtracha: cúrsaí aimsire, an cineál bróige nó buataisí, an talamh imeartha agus an cineál spóirt - spórt teagmhála agus spórt neamhtheagmhála san áireamh” a deir sé.

Údar Imní do Chiarraí

Is údar suntasach imní é an gortú le haghaidh CLG Ciarraí go dtí an pointe gur rinneadh a gcathaoirleach Patrick O Sullivan cur síos air ‘mar bhás sa teaghlach dúinne.’ Tá an chuma ar an scéal nach mbeadh trácht ar Gooch a bheith leo d’aon chuid den bhiaiste idirchontae gan trácht ar Chraobhchomórtais Chlubanna na Mumhan.

Níl aon amhras ach gur bóthar fada atá amach roimh Cholm é féin, ach roimh fhoireann CLG Ciarraí chomh maith gan an t-imreoir a bhí chomh lárnach i ngach aon chluiche leo. Ní haon rogha éasca a bheas le déanamh ag an bhainisteoir Eamonn Fitzmaurice, go háirithe anois agus Tomás Ó Sé, Eoin Brosnan agus Paul Galvin éirithe as an fhoireann le ceithre mhí anuas. Ní bheidh sé éasca duine éigin a chur ag imirt in ionad an Gooch. N’fheadar an féidir ar chor ar bith?

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Mac léinn MA sa Chumarsáid in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge is ea Gráinne Campion.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.