CÚINNE NA nEALAÍON
Ní Ridirí Sinn
John Paul McCarthy John Paul McCarthy

Bhí John-Paul Mc Carthy ag iniúchadh seanleabhar tábhachtach le Seán de Fréine, agus á mheas le hais roinnt a foilsíodh le leathchéad bliain anuas. Leathbhádóir The Great Silence, is fiú súil a chaitheamh i dtólamh ar an leabhar Saoirse gan Só.

Íomhá
Foinse mhaith de Fréine, an tAth. Tomás Ó Ceallaigh
Íomhá
Saoirse gan Só , le FNT 1960 is a mhacleabhar, The Great Silence, le Mercier Press 1968
Íomhá
'Ní féidir aon bhall eile a chailleadh', Ó Ceallaigh 1911
Íomhá
Alt as 'Maigh Eo - Mayo', eag. B. Ó hEaghra 1982

Éist anseo leis an alt á léamh ag Caitríona Budhlaeir, Ionad na Gaeilge Labhartha, Coláiste na hOllscoile Corcaigh. Is ó Bhaile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí í Caitríona.

Leabhar neamhghnách sainiúil ab ea leabhar Sheáin de Fréine, Saoirse gan Só, a foilsíodh don chéad uair le linn ré Lemass i 1960. B’í sáinn na heisimirce príomhbhéim na haiste seo, ach go háirithe iadsan a dhiúltaigh aon rud a dhéanamh chun é a leigheas ós rud é go gceaptaí go raibh buntáistí creideamhacha agus sóisialta ag baint leis an sruth daonna ollmhór sin.

Agus an leabhar éirimiúil croíúil seo á léamh arís ag an nglúin nua, ní foláir go dtabharfaidh siad cruth Janus na hargóna fé deara. In áiteanna, féachann de Fréine siar i dtreo seanáitimh iadsan a chur fúthu sa ré a d’imigh tharainn. Nuair a chrom de Fréine fés na leabhair sin a shamhlaigh stair speisialta uafásach do mhuintir na hÉireann, stair ní ba fhuiltí ná aon thír bheag eile, rinne sé staid na dtíortha beaga sin a iniúchadh dó féin agus mhaígh:

“gur gnáthdaoine iad muintir na hÉireann agus nach cine ait iad a dhéanann rudaí aisteacha nach mbeadh coinne acu leo ó chine ar bith eile.”

Dar leis, tábharfaidh na comparáidí sin idir deacrachtaí na hÉireann agus deacrachtaí na Fionnlainne nó na Spáinne agus araile “seans dúinn na hÉireannaigh a ríomh mar dhaoine normálta arís.” Is deacair na sleachta frithrómánsúlacha seo a léamh gan nasc a dhéanamh le saothar Mháirtín Uí Chadhain, ach go háirithe a úrscéal Cré na Cille, áit a ndearna sé iarracht cur ina luí ar a chuid léitheoirí nach “ridirí muid.” (“Tá Áit na Cúig Déag sách maith ag aon duine.”) Ba mhór an tsuim a chuir Daniel Corkery sa “normálachas” freisin ina chuid saothar, cé nár thuig údar The Hidden Ireland riamh conas fadhbanna na hÉireann, “that land, so dark, so scorned”, a mheas in aice le fianaise ó thíortha eile.

An Féintrua Náisiúnach

Ba léir don Fhréineach gur bac de shaghas éigin ab ea an féintrua náisiúnach, ach a mhalairt de scéal a bhí gceist dar leis an gCorcarach. Ní fhéadfadh an tsochaí “normálachas” a bhaint amach gan an tírghrá sin a chuir béim ar oilithreacht speisialta na hÉireann, agus, más ea, b’ionann fuascailt na faidhbe agus:

“a succession of nationalistic movements, rising and falling, each dissolving into a period of reaction, of provincialism, yet each for all that leaving the nation a little more sturdy, a little more normal, a little less provincial than before.”

Féachann de Fréine i dtreo na todchaí freisin áfach. Theastaigh uaidh fréamhacha aigneolaíochta agus socheolaíochta sáinn na hÉireann tar éis 1945 a bhéimniú freisin. Chuige sin, bhain sé úsáid éirimiúil oilte as taighde idirnáisiúnta ina leabhar. Ba léir dó gur shíolraigh fadhbanna ilghnéitheacha as meath na Gaeilge sa 19ú aois déag, meath a mhúin nósanna míshláintiúla don tsochaí. B’iad “easpa comharaíochta, easpa tuisceana do dhualgaisí phoiblí” na deacrachtaí ba thromchúisí dar leis, áiteamh a fuair tacaíocht ó shaothar Ostaireach Rudolf Allers, The Psychology of Character agus ó leabhar Arnold Rose, The Roots of Prejudice. D’oir argóintí Allers cruth gruama cinniúnach na hÉireann dar le de Fréine:

“Tá dhá phríomhábhar spreagtha sa duine, ‘mian na cumhachta’ agus ‘mian an chuideachtanais’ (ar cuspóir di duine a oiriúnt i gcomhair saoil mar bhall de phobal sóisialta.”

Dochar Suntasach

Rinneadh dochar suntasach do mhian an chuideachtanais sin in Éirinn dar leis nuair a cailleadh an Ghaeilge. Seo lom-iarracht scagadh a dhéanamh ar leisciúlacht agus lagar spride an daonlathais Éireannaigh, agus is ionann an cur chuige seo agus an cur chuige níos ealaíonta a rinne Tom Garvin níos déanaí ach go háirithe sa leabhar ríthábhachtach aige, Preventing the Future: Why was Ireland So Poor For So Long? (2004). Anseo, bhí Garvin ag iomrascáil leis an bhfadhb chéanna, ach bhain seisean ceol as saothar Mancur Olson, The Logic of Collective Action, ach go háirithe an teoiric aige siúd a bhaineas leis an “free rider effecta chuireann isteach ar bhláth na sochaithe daonlathacha.

Olson in effect argued that in the long run, politics determined economics and that Karl Marx and a cloud of left-wing scribblers were exactly wrong. Olson argued that stable democratic systems [cosúil leis an stat Éireannach ó 1921], because of their very tranquillity, tend to develop a culture of elite complacency and lose a sense of the need for urgent change of a wide-ranging kind until a real emergency comes.

Ní léir ar léigh Garvin* Saoirse gan Só* ach is furaist an rud é an nasc idir an dá leabhar seo a aithint. Cé nár réitigh na seanfhreagraí polaitiúla agus stairiúla le de Fréine agus aghaidh á thabhairt aige ar shochaí níos sláintiúla ná sochaí a linne, fé dheireadh d’fhill sé ar leigheas ársa. Caithfear muinín a chur i lucht athbheochan na teangan chun an tsochaí nua seo a dhearadh as an gcloich. B’iad muintir na hathbheochana páistí an tsolais. Thug saothar Jacques Maritain, Man and the State, dóchas dó go mbeidh an bua fé dheireadh ag na

“prophetic pioneering minorities, or shock minorities… They are self-appointed prophets. They are needed in the normal functioning of the democratic society.”

Caithfimid go léir admháil go bhfuilimid fós ag feitheamh leo.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR
  • Is scríbhneoir staire ó chathair Chorcaí John-Paul McCarthy.
RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.