CÚINNE NA nEALAÍON
Ag Freastal ar an Mianach Gotach atá Ionainn
Mícheál Ó hAodha Mícheál Ó hAodha

Síneann staire na scannánaíochta i bhfad siar ach má mhúch forbairt na haibhléise a lán de na taibhsí, thug forbairt na scannánaíocht cineál fad saoil do na púcaí ar feadh tamaill dar le Mícheál Ó hAodha.

Íomhá
An mainicín Lady Amaranth
(le Intothewind ar Vicipéid)
Íomhá
Bram Stoker, an fear a scanraigh na sluaite
(ar Vicipéid)
Íomhá
An Flaith, nó Vlad, Drochfhala é féin
(ar Vicipéid)
Íomhá
Lóchrann draíochta costasach
(Colonial & Indian Exhibition 1886 ar Vicipéid)
Íomhá
Lóchrann draíochta 1818
(le Edal Anton Lefterov ar Vicipéid)

Tá cara liom ag taisteal timpeall na hÁise faoi láthair. Cinéal Bodach an Chóta Lachtna atá sa bhfear céanna, é meáite ar na ceantair is iargúlta a thaobhú más féidir. Agus é ar seachrán san India, d’fhreastail sé ar seó taistil agus taispeántas le lóchrainn draíochta lárnach ann. Deirtear gurb iad Athanasius Kircher, Gearmánach a mba Íosánach é agus Huygens Christiaan, Ísiltíreach, fear a mba scoláire freisin é a rinne na chéad teilgeoirí íomhánna sin i lár an seachtú haois déag. I gcás Kircher, ba scáthláin ghloine ar dearadh íomhánna péinteáilte orthu a d’úsáid sé an chéad lá riamh, na híomhánna gluaiste sin lonraithe le solas coinnle. Ní go dtí an naoú haois déag a úsáideadh scáthláin le híomhánna grianghrafadóireachta den chéad uair. B’iad chéad iarrachtaí sin Huygens agus fear de bhunadh na Danmhairge darbh ainm Thomas Walgensten a thug ar eolaithe agus aireagóirí tuilleadh dua a chaitheamh le teoiricí a bhain le cúrsaí solais, lionsaí, teilgeadh íomhánna agus eile.

Tá cáil ar Huygens ach go háirithe as ucht a chuid turgnamh le cúrsaí solais agus deirtear go raibh lóchrann draíochta de chineál éigin in úsáid aige chomh luath leis an mbliain 1659. Ba é a athair siúd a bhíodh de shíor ag tathant air gléas de shaghas éigin a chruthú a bhaineadh geit as a chairde. Ar mhaithe le spraoi a chruthaigh Huygens na chéad lóchrainn sin, go háirithe agus íomhánna deasa tréadacha á dteilgean aige, ach ba mhinic íomhánna dorcha de thaibhsí, d’ollphéisteanna agus de dhiabhail a chuir sceon ar an lucht féachana iad. Na híomhánna adhfhuafara sin, ba iad bunchlocha na gluaiseachta Gotaí iad, gluaiseacht a bhfuil borradh spéise arís fúithi, i réimse na hacadúlachta ach go háirithe.

Forbairt na Fantasmagoria

B’fhéidir gurbh é Thomas Walgensten a bhain feidhm as an dtéarma Laterna Magica den chéad uair. Thuig Walgensten ní hamháin na féidearthachtaí teicniúla agus ealaíne a bhain leis na laindéir nó na lóchrainn draíochta ach na féidearthachtaí geilleagair a ghabh leo chomh maith. Thaistil sé fud fad na hEorpa ag eagrú taispeántais de na lóchrainn draíochta nua-chruthaithe sin agus dhíol sé iad leo siúd arbh acmhainn leo iad a cheannach.

Bhí scríbhneoir agus dialannaí cáiliúil Sasanach ar dhuine de na chéad chustaiméirí aige. Deir Pepys gur cheannaigh sé lóchrann draíochta ó fhear de chuid na seónna taistil darbh ainm Reeves i mí Lúnasa na bliana, 1666, coicís sular tharla Dóiteán Mór Londan. Sula i bhfad, tháinig foirm nua amharclannaíochta chun cinn ar tugadh fantasmagoria uirthi. Teilgeadh íomhánna scanrúla de chnámharlaigh, dheamhain, agus de thaibhsí ar bhallaí, ar bhráillíní agus ar scáileáin de chineálacha éagsúla agus clúdaíodh le deatach iad go minic chun atmaisféar níos taibhsiúla fós a chruthú.

De réir a chéile cuireadh le líon na scáileán teilgeora sin ionas go bhféadadh na híomhánna gluaiseacht níos tapúla agus go raibh leanúnachas níos fearr le sonrú orthu. Faoin mbliain 1765 bhí úinéir caifé aitheanta i Leipzig na Gearmáine, Johann Georg Schröpfer, ag eagrú séance go rialta i seomra cúil a chaifé, seónna a raibh tionchar uathúil mar chuid rialta díobh, lena n-áirítear teilgeadh taibhsí a raibh cosúlacht an-réalaíoch go deo orthu.

Dála na chéad scannáin ghrianghrafadóireachta a cruthaíodh, bhí na Francaigh chun tosaigh i leith forbairtí nua maidir leis an fantasmagorie agus cathair Versailles ina lár-ionad ag na turgnaimh chéanna. Ina measc bhí Paul Philidor a chuir sár-sheó taibhsiúil ar bun sa bhliain 1722, seó a léiríodh os comhair na sluaite i gcathracha móra dála Bheirlín, Vín, agus ar ndóigh, Páras féin. Tráthúil go maith, tháinig an ghluaiseacht Rómánsach agus an ghluaiseacht Ghotach chun cinn timpeall an ama chéanna i mblianta deiridh an ochtú haois déag, dhá ghluaiseacht a mhúscail spéis as cuimse i ngnéithe den osnádúr.

Na Lóchrainn Draíochta

Ní hionadh ar bith é go raibh na Francaigh tógtha leis an fantasmagorie ag an tréimhse sin mar bhí ré an ghilitín agus na muirthéachta díreach curtha díobh acu agus atmaisféar dorcha gruama fós san aer. Anuas air sin, bhí spéis mhór á léiriú sna gnéithe saoil sin a raibh diamhracht agus, uaireanta, uafáis ag baint leo, feiniméin pharanormálta ina measc.

Is timpeall an ama sin chomh maith a cuireadh an dúspéis in úrscéalta a raibh téamaí Gotacha agus an rúndiamhair luaite leo. Fear ón mBeilg darbh ainm Étienne-Gaspard Robert, nó “Robertson” mar ab fhearr aithne air, an chéad duine eile a rinne forbairt shuntasach ar réimse an fantasmagorie. Sa bhliain, 1797, agus boladh fola na muirthéachta fós san aer, d’eagraigh Robertson taispeántas mór ag an Pavillon de l’Echiquier i bPáras. Ba thráthúil an mhaise dó é agus taibhsí na ndaoine a cuireadh chun báis fós le haithint ar fud na sráideanna. Lóchrainn draíochta ach iad ag gluaiseacht timpeall ar rothaí, na scáthanna agus íomhánna ag dul i méid agus i laghad dá réir, a cuimsíodh san extravaganza taibhsiúil Gotach sin. Anois agus na híomhánna curtha ag gluaiseacht aige, d’aistrigh Robertson an seó go hionad níos taibhsiúla fós, uaimh thréigthe faoi bhun chlochar na gCaipisíneach sa Place Vendôme.

San ionad adhfhuafar sin a d’eagraigh sé oícheanta taibhsiúla go rialta, é i mbun turgnamh le soilse, guthanna/fuaimeanna agus maisithe stáitse éagsúla; mhair na seónna sin ar feadh sé bliana agus ní nach ionadh, nuair a bhí an chuma ar an scéal go raibh Robertson in ann taibhsí na marbh a thabhairt ar ais ar an saol agus dul i mbun cainte arís os comhair lucht féachana.

Díol suntais gur chuimsigh ceannródaithe luaithe na scannánaíochta, leithéidí Georges Méliès, Francach, go leor de na modhanna agus cleasa ar baineadh úsáid astu den chéad uair sna fantasmagorie fadó. Tá tionchar na chéad seónna taibhsiúla sin fós le haithint ar na scannáin uafáis fiú sa lá atá inniu ann.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.