Tá trí bhonn uile Éireann ag Dara Ó Cinnéide agus ba é a bhí mar chaptaen ar fhoireann bhuacach Chiarraí i gcluiche ceannais na hÉireann 2004. Tá sé ag baint a shlí bheatha amach sna meáin anois. Ghaibh sé isteach chun cainte le Caitríona Budhlaeir i nDún Chíomháin, Baile an Fheirtéaraigh. Fear séimh, socair gan aon fhuadar fé agus ba léir go bhfuil an chaid, an Ghaelainn agus Corca Dhuibhne go smior ann.
»»»Caithfidh pobal na Gaeilge seasamh lena chéile agus brú a chur ar an Aire Dlí is Cirt an fhírinne a nochtadh faoi fhiosrúchán na nGardaí ar chás Dhomhnall Uí Lubhlaí dar le Breandán Delap.
»»»D’fhreastail Tony Birtill ar imeachtaí Fhéile Learphoill, ceann acu i mballóga teampaill a scriosadh sa Dara Cogadh Domhanda.
»»»D’ainneoin ghéire na gciorraithe sa chóras sláinte tá Ciarán Mac Aonghusa den tuairim go bhfuil léas beag dóchais ag sileadh chugainn ó fhoinsí éagsúla.
»»»Thug Seán Mac Risteaird cuairt ar Poorhouse, oíche spraoúil spleodrach Gaylach, sa Panti Bar i mBaile Átha Cliath an mhí seo caite.
»»»Dearcadh cúng craplaithe an AE is údar báis (sa Mheánmhuir go minic) do dhaoine a shantaíonn tearmann san AE. Cíorann Alan Desmond gné na teorann.
»»»Chuaigh Colm Mac Séalaigh i dteagmháil le dream iontach aislingeach san ardchathair, dream gníomhach a chuaigh i mbun fíorú a n-aislinge, Na Gaeil Óga.
»»»Eagraíodh comórtas Toigh Chorragáin i mBaile na Lorgan, Muineachán, a tharraing aird agus cur is cúiteamh. Tharraing sé aird Ghráinne Campion fosta.
»»»Dhearc Brian Ó Broin ar a bhfuil ag titim amach laistigh den ‘chóisir tae’ úd sna Stáit Aontaithe agus ní lochtú, síneadh na méar agus díbirt go dtí é.
»»»Tá Bearnaí Ó Doibhlin ag dearcadh san alt seo ar chlaonadh an Aba .i. leithcheal Phríomh-Aire na hAstráile ar mhná na polaitíochta sa domhan theas.
»»»Chuaigh Adele i bhfeidhm go mór ar Mhuireann Ní Bhaoill, Gaillimheach óg a bhain duais na hógiriseoireachta ag Gradaim Liteartha an Oireachtais i mbliana.
»»»Is gar i ngaol dúinn gnéithe go leor de bhéascna agus de shean-nósanna na Breataine Bige mar a fuair Diarmuid Johnson amach ar a chamrian trí sheanreilig i gCymru agus ar bhruach abhainn Teifi.
»»»Bhí Mícheál Ó hAodha ag iniúchadh scéal Cheiro, B’le Átha Cliathach, fáidh fir a raibh cumas cainte agus teacht i láthair ann agus fear a dhéanamh cat is dhá ruball air.
»»»Thug Dublin Web Summit na bliana seo ábhar machnaimh go leor do lucht fiontraíochta agus chomh maith le sin, shaighid sé Roseanne Smith i mbun méarchláir.
»»»Bhí Daragh Ó Tuama ag tiomáint ar feadh seachtaine carr as an gCóiré a d’fhill ar mhargadh na hÉireann i n-éis cúig bliana de shos díolaíochta. Nochtann sé a thuairim fúithi san alt seo.
»»»Bhí Ciara Nic Gabhann ar cuairt chuig taispeántas ealaíne sa Róimh atá bunaithe ar chruas an tsaoil i ngleann goirt seo na ndeor, taispeántas an ghrianghrafadóra Lee Jeffries.
»»»Mheas Balor go raibh fíor niamhrach dhiamhrach neamhaí ar ár dTaoiseach tuisceanach macríúil tomhasta, ach ní fios an log a dtitfidh céad chnap eile na firmiminte anuas ar neach dearóil daonna.
»»»Shiúil John-Paul Mc Carthy seal i ndomhan nár mhair aon ghreann riamh ann nuair a léigh sé an bheathaisnéis a scríobh Charles Moore ar Margaret Thatcher.
»»»Tar éis don ASTI vótáil in aghaidh glacadh le socrú Bhóthair Haddington, ceapann Donncha Ó hÉallaithe go n-aimseofar bealach éalaithe do na meánmhúinteoirí le deis a thabhairt dóibh tíocht as an tsáinn ina bhfuil siad.
»»»Chaith Robert McMillen seachtain sách corrach le drámaí agus bhí sé ag seoladh leabhair, am ar sileadh deoir.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.