AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Tony Abbott, Príomh-Aire Gnéasaíoch?
Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin

Tá Bearnaí Ó Doibhlin ag dearcadh san alt seo ar chlaonadh an Aba .i. leithcheal Phríomh-Aire na hAstráile ar mhná na polaitíochta sa domhan theas.

Íomhá
Husn Banu Ghazanfar, Aire Gnóthaí Ban na hAfganastáine
(le SAM ar Vicipéid)
Íomhá
Ceannaire sealadach an Fhreasúra, Chris Bowen
(le Kate Lundy ar Vicipéid)
Íomhá
Sima Samar, Aire Rialtais na hAfghanastáine
(le S.K. Vemmer, Ambasáid SAM, Kabul, ar Vicipéid))
Íomhá
Ita Buttrose
(le Eva Rinaldi ar Flickr)

Bhí sé amuigh ar Tony Abbott le fada gur duine gnéasaíoch agus gurbh fhear fuatha ban é sular ceapadh ina Phríomh-Aire é i mí Meán Fómhair. Thug feiminigh áirithetorc an tsotail’ air. Léirigh na pobalbhreitheanna le cúpla bliain roimh an olltoghchán go raibh an freasúra i bhfad chun tosaigh ar rialtas Julia Gillard, an chéad phríomhaire ban san Astráil. Léirigh siad freisin go raibh fadhb ag Abbott le vóta na mban, faoi gur mheas cuid acu go raibh sé ró-ionsaitheach, go háirithe nuair a thug sé íde béil do Gillard sa pharlaimint agus ag léirsithe lasmuigh de Theach na Parlaiminte.

D’eascair cuid de dhrochchlú Abbott i dtaca le gnéasachas agus le fuath ban as ionsaí pearsanta cáiliúil a rinne Gillard air sa pharlaimint i mí Dheireadh Fómhair anuraidh. Chuir sise ina leith gur léirigh a chuid iompair thar na blianta a ghnéasachas agus a chuid fuatha ar mhná, agus luaigh sí imeachtaí éagsúla go sonrach ina raibh sé páirteach mar chruthúnas. Bhí an t-ionsaí tochtmhar ina fhíseán mearscaipthe ar YouTube ar feadh an bheatha bhraonaigh.

Bhí na líomhaintí i ndáil lena ghnéasachas agus lena fhuath ban i mbéal an phobail arís nuair a d’fhógair Abbott ainmneacha na 42 duine ina aireacht nua. Tá trí leibhéal éagsúla san aireacht, mar is iondúil san Astráil. Ar an leibhéal is airde tá an Chomh-aireacht, nó an Cabinet mar a thugtar uirthi i mBéarla, ina bhfuil na hairí is sinsearaí agus is cumhachtaí sa rialtas. Níl ach bean amháin i measc na naoi n-aire dhéag sa chomh-aireacht, fiche aire má chuirtear an Príomh-Aire san áireamh.

Níos mó Ban in Aireacht na hAfghanastáine

Sa dara leibhéal den aireacht atá an dream ar a dtugtar an aireacht amuigh, nó outer ministry, ina bhfuil na hairí sóisearacha, agus tá an dáréag ar a dtugtar rúnaithe parlaiminte ag an leibhéal is ísle. Níl ach ceathrar ban san aireacht amuigh agus bean amháin ina rúnaí parlaiminte. Ciallaíonn sé sin nach bhfuil ach seisear ban i measc na 43 duine san aireacht, an céatadán is ísle in aon aireacht abhus leis na cianta cairbreacha.

Cáineadh Abbott go géar as an líon íseal seo ban ina aireacht, ní hamháin sna meáin ach i measc na mban ina pháirtí féin. Anuas air sin, rinne Ita Buttrose, an bhean aitheanta a ceapadh mar Astrálach na Bliana i mí Eanáir, casaoid ghéar. Mhaígh sise go bhfuil ‘an tsíleáil ghloine’ fós le sonrú i gcúrsaí rialtais na tíre cé go bhfuil sé de dhualgas ar an bPríomh-Aire dea-shampla de chomhionannas inscne a thabhairt do na hearnálacha eile abhus. Mhaígh Chris Bowen, ceannaire sealadach an fhreasúra, go bhfuil an Astráil ina staicín áiféise ar fud an domhain toisc go bhfuil níos mó ban in Aireacht na hAfganastáine ná atá againn.

Rinne comhghleacaithe áirithe sna páirtithe coimeádaithe iarracht Abbott a chosaint, lena n-áiríodh an feisire parlaiminte Bronwyn Bishop, an bhean atá ceaptha ina ceann comhairle sa pharlaimint nua. Ba dhóigh liom, ámh, gur chuir sí an tarcaisne i gceann na héagóra nuair a dúirt sí nach raibh ní ba mhó ban san aireacht de bharr go raibh an ceapachán bunaithe ar thuillteanas!

Folly agus Fallaí

D’admhaigh Abbott san aitheasc a thug sé le linn fhógairt a aireachta go raibh díomá air nach raibh níos mó ná bean amháin ina chomh-aireacht, ach go raibh mná den scoth sna páirtithe coimeádacha ‘ag bualadh ar dhoras’ na comh-aireachta. Dúirt sé go raibh sé ag dréim go mór leis an lá nuair a bheadh mná sa bhreis inti. Mar fhreagairt ar an aitheasc seo, foilsíodh sna meáin ráitis éagsúla a rinne Abbott le blianta anuas a léirigh an saghas aigne a bhí aige i dtaca le mná, cuir i gcás an ceann seo a rinne sé sna 1970í: I think it would be folly to expect that women will ever dominate or even approach equal representation in a large number of areas simply because their aptitudes, abilities and interests are different for physiological reasons

Maíonn Abbott go bhfuil athrú intinne tagtha air anois i dtaca le ról na mban sa tsochaí, d’ainneoin cheapacháin mhístuama a aireachta. Táthar ag súil go mór nach raibh i gceist leis an dearcadh cúngaigeanta ar mhná a léirigh Abbott ina ráiteas thuasluaite ach baois na hóige. Táthar ag súil freisin go mbeidh an t-athrú intinne airbheartaithe réamhráite le sonrú go soiléir agus é i mbun a dhualgais mar phríomh-aire ar thír fhorbartha dhaonlathach san aonú haois is fiche.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.