AR NA SAOLTA SEO
SsangYong Korando
Daragh Ó Tuama Daragh Ó Tuama

Bhí Daragh Ó Tuama ag tiomáint ar feadh seachtaine carr as an gCóiré a d’fhill ar mhargadh na hÉireann i n-éis cúig bliana de shos díolaíochta. Nochtann sé a thuairim fúithi san alt seo.

Íomhá
Carbad, bád agus Binn Éadair
Íomhá
Gorm, Rí, athair 'Bluetooth', ar clos drochscéala as BÁC
(le August Thomsen, Vicipéid)
Íomhá
An Korando sa Rinn cois Life
Íomhá
Dearadh breá an Korando

Tá mé ag fáil carranna lena bhféachaint ar an mbóthar le tamall anuas agus caithfidh mé a rá mar dhuine a bhíonn ag scríobh go minic faoi charranna, is iontach an taithí a fhaighim as a bheith á dtiomáint. Ceann de na carranna a fuair mé an mhí seo ná an SsangYong Korando.

Is dócha gur chuala sibh, nó go bhfaca sibh, ar fad SsangYong ar na bóithre, ach an raibh a fhios agaibh nach raibh siad ar díol anseo in Éirinn ó 2008? Go deimhin tá siad ar ais anseo in Éirinn agus tá an chraobh Éireannach den chomhlacht anois faoi stiúir Harris Hino, atá lonnaithe cóngarach do bhóthar an Náis anseo i mBaile Átha Cliath. Bhain baol áirid leis an gcarr seo a thabhairt ar ais go hÉirinn. An fáth ar imigh siad uainn ar an gcéad dul síos, nach raibh siad ag cloí leis an gcaighdeán gluaisteáin a bhí de dhíth sa tír seo. Ach anois tá siad cothrom le caighdeán atá dhá éileamh. An fáth gur baolach áirid é an branda a thabhairt ar ais go hÉirinn, go bhfuil ag teip ar dhíolacháin carranna nua de gach aon chineál sa tír seo agus ar fud an domhain faoi láthair.

Is é SsangYong an ceathrú déantóir carranna is mó sa Chóiré Theas agus, cé go bhfuil cúlú geilleagair ag tarlú timpeall na cruinne, tá ag éirí go breá leo féin. Faoi láthair tá dhá SsangYong nua ar fáil in Éirinn – an Korando agus an Korando Sport – agus beidh an Rodius chugainn go luath chomh maith.

Bhí an Korando agamsa ar feadh seachtaine agus, le bheith ionraic faoi, is carr maith í, ach níl sí gan a cuid lochtanna.

Ag Mealladh na nEorpach

cuma dheas ar an gcarr seo, is SUV í agus ba mhór an t-éacht í a chur ar an margadh. Nuair a bhí an fheithicil seo á dearadh, rinneadh iarracht mhór í a chur in oiriúint do mhuintir na hEorpa. Mar sin, fostaíodh Giorgetto Giugiaro ó Italdesign. Ba é Giorgetto a rinne dearadh ar leithéidí an Laborghini Marco Polo, an Lotus Esprit, an Maserati Quattroporte, an DeLorean BMC-12, an Bucatti EB 118 agus ar go leor eile.

Cé go bhfuil cuma álainn ar an gcarr taobh amuigh, measaim féin nár caitheadh go leor ama ag dearadh an inne. Tá sí thar a bheith mítharraingteach sa chábán. Is dóigh liom go bhfuil an taobh istigh an-chosúil le roinnt de na sean-Toyotas. Tá sé liath, plaisteach – agus níl aon rud luachmhar le feiceáil ann.

Ó thaobh na tiomána de, is capall í an carr seo. Tá an roth stiúrtha thar a bheith acmhainneach d’aon bhóthar agus, i ndáiríre, ní fhaca mé aon fhadhb inti ó thaobh iompar ar an mbóthar. Rinne SsangYong inneall ar leith don charr seo. Bhíodh sé de nós acu innill de chuid Mercedes Benz a úsáid, ach bheartaigh siad inneall a dhéanamh go sainiúil don charr seo agus don Korando Sports. Úsáideann gach Koranda inneall D20DTR agus tairgeann sí 149ps agus 360Nm. Tá sé ghiar inti agus tá sí cumhachtach go maith. Is é an gearán is mó atá agam faoin gcarr seo ná go bhfuil an t-ineall thar a bheith tormánachníl mhíntlás ag baint léi.

An-Lear Deiseanna

Ceann de na rudaí is fearr faoin Korando ná go dtagann an-chuid léi. Seo roinnt de na rudaí atá ar fáil léi – luasrialú, suíocháin théite, roth stiúrtha déanta as leathair, Déad Ghoirm, aerchóiriú, ceangaltáin USB agus MP3, rialú ar an roth stiúrtha agus neart eile.

Tá trí chineál SsangYong Korando ar fáil – Korando S (caighdeánach) ar €25,995, Korando E (feidhmiúcháin) ar RRP €28,800 agus Korando L (sóchais) ar RRP €29,750. Tá an Korando ar fáil ar iarratas mar 4x4.

Ó bheith ag plé le déantóirí gluaisteáin le seacht mbliana anuas, tuigimse go bhfuil rudaí ar an margadh seo atá níos buanfasaí ná riamh. Mar sin, cé nach í an Korando an carr is fearr ar domhan, tá áit di ar an margadh mar sin féin. Ach beidh neart oibre le déanamh ag SsangYong le dul chun cinn a dhéanamh sa tír seo agus san Eoraip. Má tá spéis agaibh tuilleadh eolais a fháil faoi SsangYong is féidir libh dul ar an suíomh idirlínSmotor.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.