AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Dúnadh Rialtas Mheiriceá: Obama versus an Tea Party
Brian Ó Broin Brian Ó Broin Brian Ó Broin

Dhearc Brian Ó Broin ar a bhfuil ag titim amach laistigh den ‘chóisir tae’ úd sna Stáit Aontaithe agus ní lochtú, síneadh na méar agus díbirt go dtí é.

Íomhá
Sarah Palin, a thit ó chion
(le David Shankbone ar Vicipéid)
Íomhá
An Seanadóir Ted Cruz
(le Gage Skidmore ar Vicipéid)
Íomhá
An Ceann Comhairle John Boehner
(le Joe Bengo ar Vicipéid)
Íomhá
An Tea Party
(le Freedom Fan ar Vicipéid)

Dúnadh síos rialtas Mheiriceá ar feadh coicíse le déanaí. Ní dearnadh dochar uafásach don tír, mar coinníodh na seirbhísí ‘éigeandála’ ar oscailt, ach dúnadh forais thábhachtacha mar an Áisínteacht um Chosaint na Timpeallachta, an Roinn Dlí, rialtóirí airgeadais an rialtais, agus na páirceanna náisiúnta go léir. Suntasach go maith, dúnadh fiú Dealbh na Saoirse, go dtí gur tháinig rialtas Nua-Eabhrac i gcabhair, agus faitíos orthu go millfí tionscal na turasóireachta sa chathair úd. Ach níorbh iad na rudaí sin ba mheasa; bhí baol mór ann go rithfeadh an tír as airgead reatha chun iasachtaí a íoc, rud a tharraingeodh fíor-dhrochmheas ar na Stáit Aontaithe mar fiachóir. Dá dtarlódh sé, bheadh an baol ann go ngearrfadh tíortha eile ráta úis níos airde ar an tír d’iasachtaí as seo amach, agus go dtarraingeofaí amhras ar an Dollar mar airgeadra cúltaca idirnáisiúnta.

Ní mar gheall ar an tír a bheith bancbhriste a tharla sé seo, ach mar gheall ar aighneas idir na páirtithe polaitíochta – na Daonlathaigh (atá i gceannas ar an Seanad faoi láthair) agus na Poblachtánaigh (atá i gceannas ar Theach na nIonadaithe). Is é an tUachtarán (an t-uasal Obama faoi láthair, atá ina Dhaonlathach) a roghnaíonn na hairí rialtais, ach is iad tithe na Comhdhála a chuireann maoiniú ar fáil don rialtas sin, agus os rud é go bhfuil na tithe in adharca a chéile faoi láthair, is féidir leis an maoiniú a bheith stoptha sách tapa más toil le páirtí an fhreasúra é.

Cealú Maoinithe

Sa chás seo, tá bille nua sláinte an Uachtaráin Obama, a gheallfaidh árachas sláinte do chách, le teacht i bhfeidhm ar an gcéad lá d’Eanáir, 2014, agus tá cead ag daoine cur isteach air ón 1 Deireadh Fómhair na bliana seo. Ní mó ná sásta a bhí baill áirithe den Pháirtí Poblachtánach leis an mbille seo, agus shocraigh siad, ó theip orthu é a chealú go pairlimintiúil, vótáil in aghaidh mhaoiniú an rialtais go dtí go ngeallfadh na Daonlathaigh deireadh a chur leis.

Smaoineamh craiceáilte ba ea seo ón tús. Shíl na Poblachtánaithe go raibh tacaíocht mhór acu ón phobal, agus go gcuirfeadh cosmhuintir Mheiriceá an milleán ar Obama agus ar na Daonlathaigh as a bheith ródháigh idirbheartaíocht a dhéanamh leis na Poblachtánaigh san aighneas. Más ea, bhí breall orthu. Ón tús d’éirigh leis na Daonlathaigh an scéal a ionramháil chun na Poblachtánaithe a thaispeáint mar pháistí gan smacht a bhí sásta an tír a smoladh chun pointe a dhéanamh. Cé gur sheas na Poblachtánaithe ar an bpointe gurb iad na Daonlathaigh nach raibh sásta dul i mbun cainteanna, b’é an tuairim choiteann go raibh seansanna go leor ag na Poblachtánaigh cheana féin an bille a athrú nuair a pléadh é sa Chomhdháil, ach dhiomail siad na seansanna úd trí iarrachtaí an bille a chur ar neamhní seachas é a fheabhsú. Sa deireadh, b’éigean do na Poblachtánaigh géilleadh gan choinníoll ar bith, agus tháinig an bille sláinte slán as.

An Chuach sa Nead Poblachtach

Scríobh mé cheana faoin Tea Party, scata gníomhairí polaitíochta ar an eite dheis a mheascann codanna d’fhealsúnacht an tsaormhargaidh, na náisiúntachta, agus an choimeádachais le chéile chun gluaiseacht trastíre a chruthú a bhfuil an-tionchar á imirt aige ar ghnóthaí polaitíochta na Stát Aontaithe. Níl ach dhá pháirtí i gcóras na Stát Aontaithe, agus más mian leat breith ar chumhacht ansin, caithfidh tú insíothlú i gceann de na páirtithe sin. Roghnaigh an Tea Party na Poblachtánaigh, agus thosaíodar ag rith iarrthóirí i dtoghcháin inmheánacha an pháirtí féin agus sna réamhthoghcháin chun iarrthóirí oifigiúla a ainmniú. Níorbh fhada go raibh seilbh glactha acu ar chumainn an pháirtí úd ar fud Mheiriceá, agus ar an mbunsraith sin bhíodar in ann bata agus bóthar a thabhairt do sheanbhaill an pháirtí, nach raibh an fuinneamh ná an tacaíocht acu an ghluaiseacht nua seo a stopadh.

Ba léir sa toghchán deireannach céard a tharla. Caitheadh na Poblachtánaigh sin amach as oifig a bhí rólárnach agus róshásta comhoibriú leis na Daonlathaigh, agus tháinig drong mór boicíní antoisceacha isteach sna tithe rialtais nach raibh sásta comhoibriú ar bith a dhéanamh. Ní hé go raibh cúrsaí thar barr sa Chomhdháil roimhe, ach leis an tonn stóinseachta seo, ba dheacair rud ar bith a dhéanamh.

Bata is Bóthair

Ach bíonn deacrachtaí le hantoisceacht i gcónaí. Daoine a bhí i mbéal an phobail lá amháin, feictear iad caite amach an lá dár gcionn. Cá bhfuil Sarah Palin, a raibh cáil dhomhanda uirthi cúig bliana ó shin, agus nach bhfeictear í ar chor ar bith níos mó? Is é taoiseach neamhoifigiúil na gluaiseachta faoi láthair ná Ted Cruz, seanadóir a toghadh anuraidh, nuair a bhuaigh sé ainmniúchán a pháirtí in aghaidh leasghobharnóir Téacsas. Idir an dá linn, chuir sé gach Daonlathach sa Seanad ina aghaidh, agus mórchuid na bPoblachtánach láir, lena gheaitsíochtaí. Chun bille sláinte Obama a stopadh, chaith sé 23 uair an chloig ag caint gan stad sa Seanad, rud nach ndearna tada ach olc a chur ar an teach go léir.

Maidir leis an mbille sláinte úd, rud a raibh lucht an Tea Party glan ina aghaidh, sheas sé i mbaol. Chinn na hantoiscigh gan airgead ar bith a cheadú don rialtas go dtí go gcuirfí stad leis an mbille sláinte, agus bhíodar sásta an Páirtí Poblachtánach a scoilt fána choinne. Sheas John Boehner, Ceann Comhairle Teach na nIonadaithe, ina bhambairne agus an Tea Party ag cur stop iomlán le gnáthobair na pairliminte ar feadh coicíse. I measc coimeádaithe na Stát Aontaithe, bhreathnaigh sé gurbh iad Cruz agus a chairde cosantóirí na tíre, agus gurbh amadáin iad Boehner agus lucht lárnach na bPoblachtánach.

D’éirigh le seanfhondúirí an Pháirtí Phoblachtánaigh smacht a fháil ar na hantoiscigh faoi dheireadh, agus tharraing an Tea Party ar ais ón aill. Ligeadh don bhille sláinte, agus cuireadh airgead ar fáil don rialtas (ar feadh trí mhí eile, cibé). Ach tá an dochar déanta – nuair a thiocfaidh toghchán lártéarma na Stát Aontaithe an bhliain seo chugainn, níl amhras dá laghad ach go mbeidh coimeádaithe na tíre ag vótáil don Tea Party, agus ní do na seanfhondúirí. Ar shlí amháin, d’éirigh leis an Tea Party gach rud a fháil a bhí uathu.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.