Chuaigh Colm Mac Séalaigh i dteagmháil le dream iontach aislingeach san ardchathair, dream gníomhach a chuaigh i mbun fíorú a n-aislinge, Na Gaeil Óga.
Bunaíodh Na Gaeil Óga, cumann nua de chuid Cumann Lúthchleas Gael (CLG), in 2010 de thoradh cruinniú a d’eagraigh Ciarán Mac Fhearghusa. Chuaigh Daithí de Buitléir i gceannas ar an gcumann nua agus Eoin Ó Murchú, Aindriú Ó Faoláin, Ciarán Ó Feinnéadha agus daoine eile ina fhochair.
(Bhí grúpa nó eagraíocht Ghaeilge ann cheana féin darb ainm Na Gaeil Óga ach ní hionann an dá eagraíocht).
Chuaigh mé chun cainte le déanaí le beirt Ghael óga a chaitheann cuid mhaith fuinnimh ag plé le gnéithe éagsúla de ghnóthaí an chumainn, Ruadhan Ó Feinnéadha agus Aodán Ó Ceallaigh.
Ruadhán: “Thosaigh Na Gaeil Óga ag traenail i gceart in Eanáir 2011 agus d’imríomar an chéad chluiche, cluiche dúshláin, i gcoinne Rosmini Gaels an mhí chéanna. Ní raibh mórán aithne ag daoine ar a chéile fós ag an am, ach nuair a d’imríomar an chéad chluiche sin bhí an-chraic againn agus muid ár gcur féin in aithne dá chéile agus an imirt ag dul ar aghaidh!”
Bíonn gach tosú lag, deirtear, agus níor bhuaigh Na Gaeil Óga aon chluiche sa chéad bhliain sin. Ach bhí bunchloch leagtha agus bhí borradh ag teacht faoin gcumann.
Fealsúnacht na nGael Óg
Colm: Cén fhealsúnacht nó cur chuige atá taobh thiar de bhunú Na Gaeil Óga?
Ruadhán: “Ar bhealach tháinig ann do Na Gaeil Óga mar fhreagra ar easpa deiseanna úsáide don Ghaeilge i measc daoine óga i mBaile Átha Cliath. Dá bhrí sin, is é bunfhealsúnacht an chumainn dar liom deiseanna rialta, leanúnacha tríd an bpeil Ghaelach agus tríd an iománaíocht móide ócáidí siamsaíochta a bheith ar fáil trí mheán na Gaeilge agus ar an gcaoi sin comhluadar inmharthana teanga a spreagadh agus a neartú. Níl sárchumas Gaeilge riachtanach ach bíonn deis ar fáil ag duine an méid den teanga atá aige/aici a úsáid agus tuilleadh a fhoghlaim i gcomhthéacs atá ‘nádúrtha’ agus neamhfhoirmiúil”.
Colm: Cé chomh tábhachtach is a bhíonn na cluichí?
Ruadhán: “Tá an-tábhacht go deo leis na cluichí. Cuirimid an-bhéim ar thraenáil rialta agus ar iomaíocht dhian”.
Aodán: “ Is fíor sin, ach is dóigh liom go bhfuil imeachtaí sóisialta ar nós ‘Stail Ghaelach’, ‘Cailín Gaelach’, oícheanta ceoil, turais (Comórtas Peile na Gaeltachta mar shampla) agus araile chomh tábhachtach céanna leis na cluichí. Braithim féin go bhfuil Na Gaeil Óga ar nós comhluadar Gaeltachta. Baintear úsáid ‘nádúrtha’ as an teanga, gan fhios beagnach. Cé go dtagann cuid mhaith de na baill as saol na Gaeltachta agus na Gaeilge i gcoitinne, tá daoine freisin ann nach bhfuil an taithí sin acu. Meallann suim sa teanga agus sa spórt araon daoine isteach sna Gaeil Óga”.
Colm: Cé mhéid ball atá sa chumann agus cad as dóibh?
Ruadhán: “Tá thart ar 150 ball againn faoi láthair agus tá thart ar 80 gníomhach, is é sin go mbíonn siad ag traenáil agus ag imirt ar bhonn rialta. Freastalaíonn an chuid eile ó am go ham ar chluichí agus ar imeachtaí éagsúla an chumainn. Tá dhá fhoireann peile, foireann iománaíochta agus foireann peile ban againn agus tá súil againn foireann camógaíochta a chur ar bun go luath. Is as gach cearn den tír ár gcuid imreoirí. Tá gach duine cláraithe le Coiste Átha Cliath CLG agus ní mór d’imreoirí aistriú oifigiúil a fháil ón gcumann lena raibh siad ag imirt cheana más mian leo imirt. Ní gá gur imreoir gach duine áfach: tá bearnaí le líonadh mar bhainisteoirí, roghnóirí, traenálaithe, oiliúnóirí, lucht tacaíochta, baill choiste, coiste siamsaíochta agus araile”.
Dul san Iomáint
Colm: Cén uair a cuireadh tús leis an iománaíocht?
Aodán: “Nuair a bunaíodh Na Gaeil Óga ceapadh go raibh sé níos feidhmiúla céim amháin a ghlacadh ag an am agus beartaíodh tosú le foireann peile ach bhí sé i gceist go gcuirfí foireann iomána ar bun ina dhiaidh sin. Ag tús 2012, cuireadh tús le feachtas iomána – feachtas earcaíochta, seisiúin traenála/oiliúna agus cluichí dúshláin. Faoi dheireadh 2012 bhí eithne d’fhoireann ann agus chinneamar ar fhoireann a chur isteach sna comórtais oifigiúla de chuid Choiste Átha Cliath don bhliain 2013”.
Colm: Cén chaoi ar éirigh libh?
Aodán: “Chuidigh sé linn gur éirigh go maith leis na peileadóirí in 2012 – bhuadar an tsraith agus Corn Uí Bhroin. Chuaigh meanma na bpeileadóirí i gcion ar lucht na hiomána. Thóg mé féin agus Ruadhán cúram na bainistíochta orainn féin – teagmháil agus cumarsáid a dhéanamh le himreoirí faoi thraenáil agus faoi chluichí, aire a thabhairt do gheansaithe agus araile. Táimid sásta go maith leis an dul chun cinn a rinneadh i mbliana. D’imríomar 15 cluiche, bhuamar trí cinn agus bhí comhscór amháin againn. Chríochnaíomar sa séú háit sa tsraith”.
Ruadhán: “An príomhrud ná gur éirigh linn meitheal de 25 imreoir nó mar sin a chur le chéile agus a choinneáil le chéile ar feadh na bliana. Bhí brú orainn uair nó dhó i rith an tsamhraidh foireann a chur chun páirce nuair a bhí daoine ar saoire, ag obair, gortaithe is araile ach tháinig cuid de na peileadóirí i gcabhair orainn nuair ba ghá. Is cinnte dearfa go bhfuil bunchloch leagtha i gcomhar 2014”.
Aodán: “Is féidir a rá gur éirigh linn teacht le chéile go hiontach mar dhream daoine nach raibh aithne acu ar a chéile ag tús na bliana agus gur fheabhsaigh imreoirí go mór ó thaobh na ceirde agus ó thaobh imirt foirne”.
Focal scoir ag Ruadhán: “Cuirfear fáilte roimh imreoirí nua is cuma cén cumas atá acu. Is féidir teagmháil a dhéanamh linn trínár láithreán gréasáin. Táimid meáite ar rudaí a bhuachan an bhliain seo chugainn!”