Cartlann
gluais Gluais
EAGRÁN #152 · NOLLAIG 2013
Íomhá
AGALLAMH BEO
Robert McMillen

Is mó ná riamh rian an ríomhaire ar shaol achan duine agus ní taise do cheoltóirí is do chumadóirí ár linne é. Chas Robert McMillen le hoirfideach a chasann idir bhogearraí agus uirlisí go hoilte is go healaíonta.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Breandán Delap

Déanann Breandán Delap cur síos ar ré uafáis na ndíormaí sráide i nGlaschú atá nochtaithe i leabhar nua, City of Gangs le Andrew Davies.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Bearnaí Ó Doibhlin

Ní luaithe cead pósadh comhghnéis tugtha san Astráil ná bainte uathu arís, is cosúil. Bhí Bearnaí Ó Doibhlin ag faire ar a bhfuil ag titim amach ann.

»»»
Íomhá
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Roseanne Smith

Bhí Roseanne Smith ag gearradh bealaigh siar go deisceart Mhaigh Eo nuair a bhí an t-alt seo nach mór foilsithe, chuig comhdháil spéisiúil, saothrach, an Congregation, a eagraíodh go cliste.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Alan Desmond

Léiriú smachta thar aon ní ciallmhar nó feidhmiúil is ea iompar stáit ár linne i gcoinne na hinimirce. Ceistíonn Alan Desmond sriantacht inimirce an stáit san alt seo.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Éilis Nic Aodhagáin

D’fhág cuairt an scríbhneora, Alex Hijmans, ar Éirinn le déanaí lón machnaimh ag Éilis Nic Aodhagáin ar an gcaoi a dtéann saíocht tíre eile i bhfeidhm ar an duine.

»»»
Íomhá
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Eoin Mac Aodha Bhuí

Bhuail splanc fiannaíochta Eoin Mac Aodha Bhuí ach cén t-ionadh nó is i mbun taighde a bhí sé ar an áis ríomhaireachta, nó an áis tochmhairc, Tinder.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Tony Birtill

Is fánach an áit a bhfaighfeá fear Gaelainne. Tháinig Tony Birtill ar ‘ghliomach’ amháin trí leabhar treorach a cheannaigh sé i gCeantar na Lochanna, i dtuaisceart Shasana.

»»»
Íomhá
CÚRSAÍ SPÓIRT
Colm Mac Séalaigh

Ceart is cóir do na mná. Bhí Colm Mac Séalaigh i láthair ag Gradaim Réaltaí na Bliana de chuid Chumann Peil na mBan. Ní thugtar, faraor, an aird ba chóir ar a gcuid cluichí agus ar a gcuid éachtaí spóirt.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Uinsionn Mac Dubhghaill

Tá claíocha arda le caitheamh ag an bhfoilseachán nua idirlín, a deir Uinsionn Mac Dubhghaill.

»»»
Íomhá
CÚINNE NA nEALAÍON
Ruth Nic Giolla Iasachta

Bhuail Ruth Nic Giolla Iasachta leis an stiúrthóir scannáin sa Bhriotáin, Soazig Daniellou, ar tharraing saothar léi lucht féachana chun an scáileáin le deireanas. Bhí Gael so-aithnid as Conamara ag cuidiú leo thall.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Kate Fennell

Tharraing naomh áirithe aird agus méarchlár Kate Fennell amuigh sa Tuirc. Cé eile atá ann ach an naomh de bhunadh na Gréige a d’fhág oidhreacht Dhaidí na Nollag againn, San Nioclás é féin.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Ciarán Mac Aonghusa

Ag amharc chun cinn atá Ciarán Mac Aonghusa ar chuairt an Uachtaráin ar Shasain an bhliain seo chugainn agus ar a leochailí is atá ceannasacht tíortha beaga ár linne.

»»»
Íomhá
THALL IS ABHUS
Diarmuid Johnson

Bhí an World Music Exposition i bpríomhchathair na Breataine Bige, Caedydd, faoi Shamhain i mbliana. Bhí lucht ceoil an domhain i bpáirt. Céard a bhí le feiceáil ‘s le cloisteáil ann? Bhí Diarmuid Johnson i measc na dteachtaí thar ceann Beo.ie.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
Balor

Tá alt Bhaloir daite le tagairtí don bhliain atá ag tabhairt na gcor anois agus atá ar tí turas na síoraíochta a thosú, nó slí na fírinne mar a bhfuil polaiteoirí i bpianbhreith agus baincstéirí i bpríosún.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Robert McMillen

Galar gan leigheas, foighid is fearr air. Cibé póit atá ar dhaoine sa tuaisceart, tá Robert McMillen den bharúil nach mbeidh sé furasta a leigheas a dhéanamh.

»»»

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.