CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Tost na Tuaithe
Íomhá
Ag baint ar an mbogach sléibhe
Íomhá
Inneall bainte na gcrann
Íomhá
Aonad Bhord na Móna, Uíbh Fhailí
Íomhá
Ag tanú na foraoise
Íomhá
Ag málú na móna
Íomhá
Gróigíní i Ros Comáin

Chuireadh an fhoraoiseacht samhnas agus ghrainc ar dhaoine faoin tuaith scór go leith bliain ó shoin. Ba ghéar an choimhlint a bhíodh idir na gabháltais teallaigh agus an comhlacht stáit Coillte, i dtaca leis an talamh ard go háirithe. Is iomaí seanfhear a sáinníodh faoin gcoill nuair a dhíoltaí an talamh thart timpeall air. Mhúchadh an crann sitce an fál agus an cosán in imeacht na mblianta sa gcaoi go mbíodh seanfhear ina chónaí leis féin ag siúl isteach tollán dorcha crann, i lár an lae, le gabháil chuig a theach féin! Ba cheadmhach an t-am sin crainn a chur le taobh cosáin nó le bruach srutháin gan srian ar bith agus b’shin é an cur a rinne dochar do shaol an duine agus do bheatha an éisc araon. Tá an saol athraithe ó shin agus is mór idir an comhlacht Coillte anois is feasta agus an comhlacht a bhíodh ann. Tá roinnt de na feirmeoirí féin agus lucht airgid na gcathracha i ndiaidh roinnt acraí crann sealghlas a chur anseo is ansiúd. Faigheann siad pingin dheas as, saor ó cháin.

an dearcadh i leith na foraoiseachta feabhsaithe ó shin. Caithfear bearna a bheith idir an crann giúise is an sconsa feasta agus idir an ghiúis agus an sruthán chomh maith céanna. Is mór an gar an méid sin. Níl an choimhlint ann a thuilleadh idir an gabháltas teallaigh agus an fhoraois mar a bhíodh siar sna 1970aidí. Níl meáin chumarsáide BhÁC chomh meallta ach oiread is a bhíodh na blianta ó shoin le coillte sitce, coill aon chineál síorghlas a thálann aigéad go seasta.

Amhras

Chuir seanfhear glic (Gaeilge) blaisín buairimh orm le deireanas. “Tógfar an sliabh ar fad uaibh thuas ansin, fan go bhfeice tú” a dúirt sé. Mar gheall ar dheacrachtaí geilleagair dar leis, beidh an stát ag caitheamh súile thar a gcuid agus santóidh siad na portaigh sléibhe (.i. bratphortaigh), chomh maith leis portaigh lagáin (.i. ardaithe) atá gafa ó na daoine ar achréidh na Gaillimhe & Ros Comáin cheana féin. Gheobhaidh údaráis an stáit go leor as an gcoigistiú: talamh le crainn a chur agus cíos rialta ó mhuilte gaoithe, gan trácht ar an moladh a dhéanfar orthu san Eoraip as breis crann a chur.

Scarfaidh siad na daoine a bhaineann móin as an bportach ina gcodanna. Dáilfear airgead, roinnt, agus glacfaidh roinnt teaghlach leis, na teaghlaigh nach bhfuil cead móna acu áirithe ar ghníomhas a sealúchais / a dtithe. B’fhéidir gur fhoghlaim an stát ón gciseach a rinne siad de choigistiú na bportach lagáin. An t-airgead mór a thug an Eoraip dúinn le híoc as dúnadh na bportach lagáin, caitheadh ar na bóithre é. Nuair nach raibh an t-airgead acu ansin, thairg siad €1,000 in aghaidh na bliana go ceann 15 bliana do na daoine. Ghlac méid áirithe daoine leis. Má ghlac, níor íocadh an t-airgead ach le méid áirid acu sin agus d’fhan an stát ag baint móna go santach as na portaigh lagáin i rith an ama trí Bhord na Móna. An fhreasúracht a léiríodh i gcoinne na bhfeirmeacha gaoithe i lár na tíre, ar éigean ab fhéidir a leithéid a chruthú in iarthar na hÉireann d’easpa daonra. Tá talamh coillte ar na sléibhte cheana féin agus dá ndúnfaí na portaigh sléibhe ní bheadh i gcoinne feirmeacha gaoithe ar na sléibhte ach ‘lucht cantail’ na mbailte móra.

A Bheith Rompu

An t-aon rud amháin a chuideodh le muintir bhaint na móna, ba é beartas níos tarraingtí a leagan amach os comhair lucht údaráis na hEorpa. Is é sin, údaráis an stáit abhus a sheachaint: ‘an té nach dtruann do chás, ná déan do ghearán dó’, deirtear, nó ‘is fearr dul go féasóg an bhreithimh ná go cnámh na huillinne’. Theastódh gné dhearfach imshaoil lena gcuidiú siúd a fháil agus theastódh gné chúitimh le muintir bhaint na móna a bheith ar aon bhord amháin faoina mbeadh le déanamh. Is tábhachtach an ghné dhearfach imshaoil ní mar gheall ar an leas atá ann féin, ach toisc gurb shin é an leithscéal atá an stát ag tarraingt chuige féin ina gcuid blúiríní eolais chuig na meáin chumarsáide, d’ainneoin an milleadh go léir a dhéanann siad chaon bhliain trí Bhord na Móna.

Cén dochar má ghlactar leis nach mbainfear móin ar na portaigh sléibhe faoi cheann deich mbliana agus in ionad an mhóin a bhaint, go mbearrfar crainn le haghaidh Brosna? Chuige sin, cuirfear cineálacha áirid crann sna lagphortaigh sléibhe, sail dúchais, beith agus crann fearna is inmholta (ar luas a bhfáis & ar tháirgeadh nitrigín a gcuid duilliúir .i. mar leas talún), ach nuair a bheas foscadh cruthaithe acu siúd, d’fhéadfaí cineálacha eile a chur ar ball. Ba leor roinnt bheag acraí faoi chrainn i ndiaidh deich mbliana fáis le teach a choinneáil teolaí. Bhainfí barr as cuid áirithe den choill, an chuid ó dheas, agus ní bheifí ag baint na coda sin arís go ceann deich mbliana eile. Faoin am sin, bheadh na crainn faoi oiread athfháis le soláthar ort arís.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.