Bhí Ciara Nic Gabhann ar cuairt chuig taispeántas ealaíne sa Róimh atá bunaithe ar chruas an tsaoil i ngleann goirt seo na ndeor, taispeántas an ghrianghrafadóra Lee Jeffries.
An rud is suntasaí faoin taispeántas, ‘Gan Dídean’, atá le feiceáil i Museo di Roma in Trastevere faoi láthair, ná an solas a lonraíonn ó shúile na ndaoine bochta atá faoi scrúdú ag an ghrianghrafadóir Lee Jeffries. Solas geal a thagann amach as an dorchadas atá ann, solas a thuilleann ár n-aird agus ár meas agus a deir linn gur marthanóirí atá sna daoine seo agus ní íospartaigh.
Tá caoga portráid sa taispeántas agus tá siad le feiceáil go poiblí don chéad uair riamh sa Róimh. Pictiúir dhubha agus bhána atá iontu, le cúlra monacrómach agus codarsnacht láidir idir solas agus dorchadas iontu. Tá caighdeán ardghléine le feiceáil in achan phortráid agus anró an tsaoil greanta ar cheannaghaidh agus i súile achan duine iontu. Níl dáta nó teideal ag dul leis na pictiúir agus mar gheall ar an easpa eolais seo, mar aon leis an chur i láthair drámatúil, tá tréith chóir a bheith bíobalta ag baint leis an saothar.
Ceapadh Pictiúir gan Chead
Thosaigh Lee Jeffries, atá ina grianghrafadóir amaitéarach agus a oibríonn mar chuntasóir i rith an lae, a tharraingt grianghrafanna de dhaoine gan dídean nuair a chuaigh sé ar turas go Londain ó Bolton, a bhaile dhúchais féin, i 2008. Chonaic sé cailín i mála codlata i Leicester Square agus cuireadh náire air nuair a tharraing sé a pictiúr gan a cead agus d’éirigh sí míshásta leis. B’éigean dó a leithscéal a ghabháil léi agus thosaigh siad ag caint, áit a bhfuair sé amach rud beag faoina saol pearsanta féin agus faoin fáth a raibh sí gan dídean. Chuaigh an comhrá sin go mór i bhfeidhm air agus d’athraigh sé a dhearcadh faoi dhaoine gan dídean.
Thosaigh Jeffries amach ar thuras dá chuid féin ina dhiaidh seo agus tá sráideanna Nua-Eabhrac, Los Angeles, an Róimh agus Manchuin siúlta aige agus é ag iarraidh pictiúir a tharraingt de dhaoine gan dídean agus a scéal a chur os ard. Deir sé gurb iad na súile is mó a spreagann é agus é sa tóir ar ábhar ghrianghrafadóireachta agus é sin déanta, chruthaíonn sé gaol idir é féin agus an duine sula n-íarrann sé cead orthu a ngrianghraf a tharraingt.
Tá sé mar aidhm aige dearcadh an phobail a athrú i leith na ndaoine seo, nuair a fheiceann siad duine gan dídean ar an tsráid agus daoine a spreagadh le rud eigin a dheánamh le cuidiú leo. Deir sé gur minic a bhíonn fonn air screadaíl faoi na héagóracha a fheiceann sé ar na sráideanna agus dar leis go ndeánann airgead bog muid agus gur fíormharthanóirí iad na daoine atá ina chuid pictiúr, a mhaireann in ainneoin an chruatain agus na hainnise a fhulaingíonn siad ar bhonn laethúil.
Ar an Imeall
Daoine ar an imeall atá le feiceáil sa taispeántas seo, gan rud ar bith fágtha acu ach a ndaonnacht agus instinn chun maireachtála. Is cuí agus is tráthúil go bhfuil an taispeantas seo le feiceáil sa Róimh agus a bhfuil de chosúlachtaí idir griangrafadóireacht Jeffries agus saothar na n-ealíontóirí móra ón Ré Bharócach, atá le feiceáil go forleathan sa chathair sin. Stánann na súile céanna amach orainn ó shaothar Michelangelo, Caravaggio agus Bernini agus mar a deir Giovanni Cozzi, coimeádaí an taispeántais seo: tá an solas céanna a lasann aghaidheanna na ndaoine bochta i saothar s’acu siúd le feiceáil i bportráidí Jeffries chomh maith.
Tugann Jeffries léargas dúinn ar staid dhaonna atá faoi shrathair na hainnise ach ina dhiaidh sin mothaítear, agus muid ag amharc ina súile, a ndeascabháil chun na bhflaitheas.
Beidh an taispeántas seo le feiceáil go dtí an 12 Eanáir agu is feidir na pictiúir a fheiceáil fosta ar: Loolitart