COMÓRTAIS
Buaiteoirí Chomórtas Mhí Dheireadh Fómhair Beo!

Buaiteoirí

Síle Ní Mhurchú, Corcaigh

Karen Lundy, SAM

An Duais

Cóip den leabhar ‘Istigh sa Cheol’ le Colm Ó Snodaigh.

Léamh ar shaol an cheoil agus an cheoltóra atá sa leabhar seo. Turasanna ceoil, U2, Steve Jobs, polcaí simplí bunscoile, comórtais Fheis Átha Cliath, agus raidhse ábhar eile atá faoi chaibidil. Trí shúile ceoltóra a insítear na scéalta seo, faoi na daoine a chuaigh i bhfeidhm air, na heachtraí a bhain dó agus é ag seinm, tábhacht agus todhchaí an cheoil. Tugtar spléachadh anseo ar na ceangail dhiamhra idir saol an cheoil agus saolta eile.

Foilsíodh na haltanna don chéad uair ar an iris idirlín Beo! mar ar chaith an t-údar cúig bliana ina cholúnaí i gcúinne na healaíne. Tá an leabhar maisithe le grianghraif ó cheamara an údair féin agus leis an Airgintíneach Marcelo Biglia.

Is ceoltóir é Colm Ó Snodaigh leis an mbuíon iomráiteach Kíla. Is iomaí fadcheirnín atá eisithe ag Kíla agus tá dhá dhíolaim eisithe ag Colm é féin, Éist agus Giving. D’oibrigh sé roimhe sin mar fhisteiripeoir, scríobh sé colún nuachtáin ar chúrsaí spóirt, agus d’imir sé sacar i Sraith na hÉireann. Tá dhá leabhar eile foilsithe aige, Turasóireacht agus scéalta eile agus an –úrscéilín Pat the Pipe - Píobaire. Tá leabhar faoin bhfeachtas chun Scoil Dhún Chaoin a choinneáil ar oscailt á scríobh aige.

Tá BEO an-bhuíoch de COISÉIM as ucht an duais seo a chur ar fáil.

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.