Eagraíodh comórtas Toigh Chorragáin i mBaile na Lorgan, Muineachán, a tharraing aird agus cur is cúiteamh. Tharraing sé aird Ghráinne Campion fosta.
‘Mo Pháistín Fionn ag rince i gcroí na duimhche,
ribín id’ cheann is fáinní óir ar do mhéaranta
duitse nach bhfuil fós ach cúig nó sé de bhlianta
tíolacaim gach a bhfuil sa domhan mín mín.’
(Dán do Mhelissa: Nuala Ní Dhomhnaill)
Ritheann an dán seo liom agus mé i mbun machnaimh faoin chineál chomórtas áilleachta seo. Ní comórtas é a shamhlaím le soineantacht agus nádúr na hóige a raibh Ní Dhomhnaill ag déanamh cur síos air sa dán grámhar úd. Ag an tréimhse chéanna nuair a bhí rialtas na Fraince ag cur coisc ar an chomórtas seo ina bhfuil béim faoi léith curtha ar áilleacht agus ar chur i láthair na bpáistí—bhí an chéad cheann riamh den chineál chomórtas Mheiriceánach seo ar siúl abhus in Éirinn i mí Meán Fómhair.
Cruthaíodh neart conspóide ina léith sna meáin, i pobal na tíre gan trácht ar thuismitheoirí agus ar Ryan Tubridy fiú amháin! Ní mó ná sásta a bhí an chuid is mó de mhuintir na hÉireann faoin chineál chomórtais seo a bhí ag leagan béime ar chuma an pháiste—ag tosú leis na héadaí.
An Chulaith Gháifeach
Is í Annette Hill a bhí i mbun eagrú an chomórtais seo ‘Universal Royalty Beauty Pageant’ agus in agallamh an tseachtain sin, bhí sí á chur i gcomórtas leis na feiseanna damhsaí a bhíonn againn in Éirinn ina bhfuil an bhéim curtha ar chuma na culaithe gáifí atá lán de ghealra agus drithle. I measc na ndifríochtaí atá ann, níl béim an chomórtais curtha ar áilleacht na ngasúr ach ar an scil atá acu agus iad i mbun damhsa. Ní bhíonn brú ar na damhsóirí a bheith chomh tarraingteach sin sa chaoi go bhfuil chuile shórt atá bainteach leis bréagach!
Labhair Annette Hill í féin faoin chuma a bhíonn ar roinnt de na páistí. Bíonn an smearadh bréigeach orthu, buantonn ina bhfolt, smideadh agus ingne bréige. Rud eile atá coitianta uaireanta ná ‘flippers’- is éard atá i gceist leo na déada bréige a chuirtear os cionn d’fhiacla féin ionas go mbeadh cuma fhoirfe ar do dhraid. Ní chloisfeá tada faoi shióg na bhfiacla ag na comórtais seo mar níl rud ar bith aiceanta faoi!
Dé réir suíomh an chomórtais, tá go leor aoisghrúpaí ann agus tabharfar cead do pháistí atá díreach saolaithe in aois cúpla mí páirt a ghlacadh ann. Ní bheidh tuairim dá laghad acu faoi céard a bhí ar siúl, ná cuimhne ina dhiaidh!
Gníomhú na Fraince
Cuireadh an tuarascáil ‘Against Hyper-Sexualisation: A New Fight for Equality’ le chéile sa Fhrainc anuraidh, a bhuí sin den seanadóir Chantal Jouanno. Ba chúis imní a bhí ann di an chaoi ina mbíonn na páistí nó na mná óga seo curtha i láthair ar ardán agus á meas mar gheall ar an chuma a bhí orthu - gan aon bhéim ar an duine iad féin. Rinneadh cur síos sa tuarascáil ar mhíniú an fhocail forghneasú ná ‘hypersexualisation’:
‘Il s’agit d’un phénomène social, né Outre-Atlantique dans les années 2000, qui relèverait de stratégies humaines autour d’une mise en scène « sexualisée » du corps dans le but de séduire l’autre.’ -
‘Is éard atá i gceist ná feiniméan sóisialta a bunaíodh i Meiriceá sa bhliain 2000, ag déanamh tagartha do nádúr an duine mar le cúrsaí gnéis ina bhfuil béim faoi léith curtha ar an ghnéas eile a mhealladh.’
Is é an ghné shuaithinseach seo, an tsiocair imní ba mhó a bhí ag Chantal Jouanno agus bliain ina dhiaidh, tá seanad na Fraince uile ina aghaidh. Ní ligfear cead amach anseo d’éinne faoi 16 páirt a ghlacadh sna comórtais seo sa Fhrainc agus má dhéanann tuismitheoirí iarracht a bpáistí a chur ag glacadh páirte ann, is baolach go mbeadh orthu €30,000 a íoc nó dhá bhliain a chaitheamh ar an leaba chláir. Caithfear é a chíoradh, ar ndóigh, sa pharlaimint go fóill ach ar a laghad tá siad ag cuimhneamh ar na páistí seo agus tá dul chun cinn á dhéanamh.
Ag Snámh in Aghaidh na Meán
In Éirinn tá daoine míshásta faoi agus curtha amach go bhfuil a leithéid de chomórtas againn anseo anois. Bhí sé pléite ag lucht polaitiúla agus rinneadh iarracht an méid is mó drochphoiblíocht a tharraingt air sa dóigh gur bheartaigh dhá cheann de na hóstáin an áirithint a bhí socraithe acu le lucht an chomórtais a scaoileadh uathu.
Ach ní i bhfad gur éirigh leo áit a fháil. Is i ‘Corrigan’s Kitchen’, Baile na Lorgan, Contae Mhuineacháin a bhí an comórtas ar siúl sa deireadh thiar thall. De réir úinéara na háite in agallamh le The Northern Standard, bhí sé an-churtha amach faoi:
‘Dá mbeadh sé ar eolas agam an cineál comórtais a bhí i gceist leis - ní ligfinn cead ar bith leo teacht chomh fada le doras na háite. Ní bheidh mé sásta riamh mar athair cead a thabhairt do m’iníon féin páirt a ghlacadh sa chineál comórtas áilleachta seo’ a deir sé.
De réir Annette Hill, “d’éirigh go hiontach leis, cé nach raibh ach 30 ag glacadh páirte ann agus tá mé ag smaoineamh faoi imeacht bliantúil a reáchtáil—b’fhéidir ceithre cinn in áiteanna éagsúla in Éirinn amach anseo” a deir an bhean a bhunaigh an comórtas.
An tabharfar cead dóibh teacht ar ais - an leor iad an tríocha páiste seo chun cur in iúl go mbeadh suim níos mó ann an chéad uair eile? Nó an mbeadh hypersexualisation pléite ag an Seanad mairtheanach s’againn féin?
‘A iníon bhán, seo dearbhú ó do mhaithrín
go mbeirim ar láimh duit an ghealach is an ghrian
is go seasfainn lem chorp féin idir dhá bhró an mhuilinn
i muilte Dé chun nach meilfí tú mín mín.’
- Nuala Ní Dhomhnaill
An mbeidh an bua ag an olc i gcónaí nó an mbeadh páistí na tíre seo saor ón bhrú agus ó fhulaingt ‘dearcadh foirfe’ lucht an chomórtais?
Mac léinn MA sa Chumarsáid in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge is ea Gráinne Campion.