Bhí Mícheál Ó hAodha ag iniúchadh scéal Cheiro, B’le Átha Cliathach, fáidh fir a raibh cumas cainte agus teacht i láthair ann agus fear a dhéanamh cat is dhá ruball air.
Cé nach n-admhaíonn siad go hoscailte é, is minic cosmhuintir an lae inniu ag freastal ar lucht feasa idir lucht asarlaíochta agus lucht dearnadóireachta. A chruthúnas air sin, líon mór na mbealaí raidió agus teilifíse a bhfuil fáidheadóireacht mar bhonn leo.
Áirítear William John Warner, Éireannach a rugadh agus a tógadh i mBaile Átha Cliath, agus ar tugadh an leasainm Cheiro dó, (1866-1936) i measc lucht fáistine cháiliúil an fhichiú haois. (Ón bhfocal cheiromancy a chiallaíonn ‘léamh láimhe’ a eascraíonn an leasainm sin, is cosúil). Scríobh Cheiro a chéad leabhar ar ealaín na dearnadóireachta agus gan é ach 13 bliain d’aois. Ní hamháin go raibh bua léamh na láimhe ag Cheiro: mháigh sé go raibh bua na fáistine, na hasarlaíochta agus na huimhireolaíochta aige chomh maith. Cé go mba é Cheiro a bhí mar leasainm air, ghlac Warner an teideal ardnósach an Cunta Leigh de Hamon chuige féin.
Ní hamháin go raibh bua na fáistine ag Cheiro ach is léir go raibh bua na cainte agus cumas aisteach ann chun aithne a chur ar dhaoine cáiliúla a linne. Ba chineál Who’s who a linne é an liosta fada de cheiliúráin agus lucht rachmais a chuaigh chuige ag lorg fáistine. Ba liosta le háireamh na cliaint cháiliúla a lorg a sheirbhísí ar fud na hEorpa agus i Meiriceá féin ag blianta tosaigh an fhichiú haois ach go háirithe. Ina measc bhí an scríbhneoir Mark Twain, an t-aisteoir mná Sarah Bernhardt, Mata Hari, Oscar Wilde, Thomas Edison, Tywysog (taoiseach nó mac rí) na Breataine Bige, William Gladstone agus Joseph Chamberlain.
Seal i Maharashtra
Níorbh aon dóithín é Cheiro agus anuas ar na fáistiní a dhéanamh don lear mór daoine sin, scríobh sé cuntas ar gach duine cáiliúil a tháinig chun cainte leis agus conas mar a chuaigh próiseas na fáistine i bhfeidhm orthu. Ghríosaigh sé a chliaint mór le rá chun cur síos a scríobh ar a dtaithí féin ar na seisiúin fáistine ar ghlacadar páirt iontu, agus ba chabhrach an mhaise iad na teistiméireachtaí céanna nuair bhí Cheiro ag lorg tuilleadh cliant agus breis airgid ina dhiaidh sin.
Luaigh Cheiro ina chuimhní cinn, a raibh an-tóir orthu tráth dá raibh, gur thaistil sé chun na hIndia agus é ina ógfhear chun snas a chur ar na buanna fáistine a bronnadh go nádúrtha air. Tar éis dó teacht i dtír ag calafort Apollo Bunder i Mumbai, bhuail Cheiro le gúrú faoi leith ar thaistil sé in éineacht leis chomh fada le Gleann Khonkan sa cheantar a dtugtar Maharashtra air. Tuairiscíonn Cheiro gur thug Brámain agus lucht léinn an cheantair sin cead dó staidéar a dhéanamh ar théacsanna ársa éagsúla, téacsanna a bhain leis an asarlaíocht agus leis an draíocht ar feadh tréimhse dhá bhliain. D’fhill sé ar Londain ina dhiaidh sin is bhain slí bheatha amach mar fháidh. Scaip a cháil i bhfad is i ngar as sin amach. Thuar Cheiro go bhfillfeadh na Giúdaigh ar an bPalaistín agus go mbeadh Iosrael mar ainm ar na críocha céanna feasta. Anuas air sin, bhí tairngreacht ag Cheiro go dtarlódh tubaiste mhór éigin ar chéad turas an Titanic.
Ina leabhar Titanic’s Last Secrets, deir Cheiro go ndearna sé lámh William Pirrie a léamh, príomhfheidhmeannach Harland agus Wolff, tógálaithe an Titanic, mar ar thuar Cheiro go mbeadh “troid chun an bháis” os comhair Pirrie sula i bhfad. D’fhéadfaí an tairngreacht seo a thuiscint mar thagairt don neamairt tromchúiseach a cuireadh i leith Pirrie agus a chomhghleacaithe ar bhainistíocht Harland and Wolff tar éis don long ollmhór a dhul go tóin poill níos déanaí.
Aghaidh Siar
Bhí gnaoi an phobail riamh le Cheiro is léir, fiú iad siúd a bhí amhrasach ina leith agus nár thug suntas do cheird na fáistine trí chéile, an scríbhneoir Samuel Langhorne Clemens (nó Mark Twain mar ab fhearr aithne air) san áireamh. Tar éis do Cheiro roinnt blianta a chaitheamh ag cur faoi i Londain – sa tréimhse chéanna thaistil sé go forleathan ar fud an domhain - thug sé aghaidh ar na Stáit Aontaithe mar ar fhan sé ar feadh a shaoil. Chuir sé faoi i Hollywood agus d’fháiltigh roimh os coinn fiche cliant in aghaidh an lae; d’oibrigh sé mar chomhairleoir ar roinnt scannán chomh maith.
Sa bhliain 1936 a fuair Cheiro bás nuair agus é nach mór seachtó bliain d’aois. Mhaígh a bhaintreach, an Chuntaois Lena Hamon gur thuar Cheiro am agus lá a bháis go beacht sular éag sé. Is cinnte go mba charachtar ceart é Cheiro, fear ar tháinig bua na cainte go héasca dó agus a raibh féith na reacaireachta aige ón gcliabhán, mar a bheifeá ag súil leis ó Éireannach béilbhinn. Ba dheacair fírinne a scéalta a chinntiú go minic agus mar is dual don scéalaí nádúrtha ní raibh sé éasca na fíricí a dhealú ón gcumadóireacht.
Fear spéisiúil ba ea é gan aon agó, fear a bhfuil a chuimhne fós beo san India (agus i gcodanna áirithe de SAM). Scríobh Cheiro mórán leabhar ar a shaol mar fhear fáistine, agus tá athchló á dhéanamh ar chuid acu seo san India agus i SAM i gcónaí. Bhí baint ag Cheiro leis na Róschrosaigh i measc grúpaí diasúnachta eile agus ba dhuine é a raibh méar aige ar réimse leathan gnólachtaí agus tionscadal – cineál fear Renaissance a linne.
Le cois a phríomh-ghnó mar fhear fáistine, d’oibrigh Cheiro mar iriseoir – ba leis dhá nuachtán Fhrancacha ag pointe amháin agus ba tháirgeoir seaimpéin é anuas air sin. Ba bhainisteoir ar mhonarcha ceimiceán é in Éirinn ar feadh scaithimh agus d’oibrigh sé mar fhear scripte i Hollywood lena chois sin. B’fhear an-saibhir é Cheiro faoin am go bhfuair sé bás. Díol suime tábhacht an uimhir 3 i mbéaloideas na hÉireann, fiú sa lá atá inniu ann. Suimiúil go leor, dúirt altra Cheiro gur bhuail an clog lasmuigh dá sheomra an oíche a fuair an fáidh Éireannach bás. D’éag Cheiro ar a haon a chlog ar maidin, ar an bpointe, a dúirt sí. Ach bhuail an clog trí huaire!