Thug Seán Mac Risteaird cuairt ar Poorhouse, oíche spraoúil spleodrach Gaylach, sa Panti Bar i mBaile Átha Cliath an mhí seo caite.
Ní rómhinic a shamhlaítear cultúr na Gaeilge, nó an “Gaelachas”, le fochultúir na homaighneasachta, agus shílfí gurbh as riocht a bheadh an amhránaíocht ar an sean-nós, cuirim i gcás, dá gcloisfí é i dteach tábhairne aerach i mBaile Átha Cliath. Pobal faoi leith é an pobal aerach atá ag dul ó neart go neart le deireanas agus cearta bunúsacha daonna bainte amach acu i dtaobh an stádais phósta agus na cothromaíochta dhe.
Bhainfeadh sé siar as cuid mhaith de mhuintir na tíre nuair a chuimhnítear siar gur choir é a bheith aerach go dtí an bhliain 1993, nuair a thug an Seanadóir David Norris rialtas na hÉireann chun cúirte. Ba é toradh a shaothair é nuair a fuarthas réidh le reachtanna victoriacha coiméadacha a choinnigh an pobal aerach faoi chois.
Fiú más daoine aeracha oscailte iad cuid dár scríbhneoirí Gaeilge is mó le rá, ní thagann an dá chultúr sin le chéile chomh sofheicthe nó chomh spéisiúil is a bhíonn le feiceáil ag iarrachtaí Dhónal Mulligan lena oíche bhreá Ghaylach iorónta Poorhouse, a bhíonn ar siúl go bliantúil sa teach tábhairne aerach, Panti Bar, i mBaile Átha Cliath. Seasann Panti Bar, ceann de phríomhthithe tábhairne an phobail aeraigh Bhleá Cliathaigh, go dathúil mealltach ar shráid Chéipil; é clúdaithe óna bhun aníos le póstaeir dá bhainisteoir Miss Panti (atá ina drag queen), agus bratacha ildaite den bhogha báistí: comhartha idirnáisiúnta an phobail aeraigh.
An Tras-síolrú
Popcheol a bhíonn le cloisteáil ó DJ-anna an phub seo go síor-rialta. Ach, athrú poirt a bhíonn ann le linn Poorhouse, oíche speisialta ina dtagann cultúr traidisiúnta na hÉireann agus na Gaeilge i réim, agus go gcrochtar suas an cultúr seo go tras-síolrach le cultúr na homaighnéasachta.
Ba léir do Dhónal, scoláire PhD agus léachtóir in Ollscoil na Cathrach, Baile Átha Cliath, nach raibh cothrom na Féinne ann don chultúr Gaelach i measc na n-oícheanta aeracha a bhíonn ar siúl timpeall Bhaile Átha Cliath. Le tacaíocht faighte go flaithiúil aige óna chairde agus ó Miss Panti, shocraigh an léachtóir ar oíche nua a imríonn le cultúr na Gaeilge agus le cultúr na homaighnéasachta a chur ar bun. I ndiaidh seoladh na hoíche sa mbliain 2010, thosaigh clú an imeachta ag dul i méadaíocht le leaganacha ‘sean-nóis’ Miss Panti d’amhráin Madonna agus Rhianna le cloisteáil.
Sin ráite, bíonn fáil ar amhránaithe sean-nóis de chuid na cathrach le linn na hoíche le haird an lucht féachana a dhíriú ar ais ar an tsaíocht Ghaelach dhúchasach. Is ríléir, mar sin, go ndéanann an oíche freastal ar an dá chineál pobail sin, go háirithe do Ghaeilgeoirí nó do Ghaeil atá aerach agus a dteastaíonn uathu an dá bhéascna a thabhairt le chéile in aon oíche amháin.
Iarmhar na Místhuisceana
Míníonn Mulligan dúinn go bhfuil an Ghaeilge le cloisteáil cinnte le linn an imeachta; go mbíonn dánta Gaeilge á n-aithris agus go mbíonn cluastuiscint Ghaeilge ann mar chomórtas iorónta a chuireann Gaeilge na hardteiste i gcuimhne don lucht féachana. Fáilte mhór, áfach, a bhíonn roimh an nGaeilge i gcónaí. De réir mar a thuigtear do Dhónall, bíonn drogall ar dhaoine aeracha na cathrach a spéis sa nGaeilge agus i saíocht traidisiúnta na hÉireann a léiriú de dheasca tuiscintí coiméadacha a bhíodh nasctha go haineolach leis an nGaeilge, rud nach bhfuil fíor a thuilleadh dar leis. Tugann Poorhouse deis don phobal aerach a suim i gcultúr na Gaeilge agus na nGael a spreagadh in atmaisféar fáilteach spleodrach lán d’ioróin agus den phopchultúr.
Níl a fhios go baileach ag Mulligan céard atá i ndán don imeacht amach anseo, ach go bhfuil sé i gceist aige an Ghaeilge agus cultúr an Ghaelachais a mhúnlú ar bhealach aerach agus éagsúil. Bíonn fáilte i gcónaí roimh amhránaithe sean-nóis, damhsóirí, scéalaithe nó filí, fiú muna bhfuil siad aerach, freastal a dhéanamh ar an Poorhouse le hardán a thógáil idir an dá phobal. Eascraíonn an t-imeartas focal, Poorhouse, as an Drochshaol agus buailtear é le cás comhaimseartha na hÉireann agus síorchúlaithe geilleagair. Éalú ab ea é Poorhouse ón anró agus ísle brí náisiúnta agus is ceiliúradh ceart é, ar bhealach glic is cliste, ar chultúir ilghnéitheacha na hÉireann chomhaimseartha.
Is mac léinn taighde Nua-Ghaeilge in Ollscoil na hÉireann Má Nuad é Seán Mac Risteaird.