Mheas Balor go raibh fíor niamhrach dhiamhrach neamhaí ar ár dTaoiseach tuisceanach macríúil tomhasta, ach ní fios an log a dtitfidh céad chnap eile na firmiminte anuas ar neach dearóil daonna.
Bhí Balor den bharúil láidir go raibh i bhfad barraíocht ama tugtha aige do Bhanríon na hEorpa, Aingeal A. Méar Fhada, an mhí seo a chuaigh thart, a léitheoirí dílse, agus go mb’fhéidir go raibh srón Enda Álainn rud beag as alt. Ní hé go ndúirt Enda a leithéid, nó go ndéarfadh sé a leithéid riamh, ach níor mhaith le Balor go mothódh an Taoiseach ar an imeall faoi alt Bhaloir, anuas ar é a bheith ar an imeall i gcúrsaí go leor eile fosta.
Ba chuma leis an Ghníomhaireacht Faisnéis Choiriúil (an CIA) agus leis an tSeirbhís Faisnéis Rúnda (an SNA) i Stáit Aontaithe Mheiriceá go raibh, nó nach raibh, srón Enda as alt. Bhí siad sásta a bheith ag cúléisteacht le guthán póca gach ceannaire san Eoraip, ach amháin ceann Enda Álainn. Nach suarach an gníomh é; i bhfad níos suaraí ná a bheith ag cúléisteacht le glaonna gutháin! Samhlaigh go raibh siad sásta spiaireacht a dhéanamh ar gach ceannaire agus gach ceann stáit idir Londain agus Luhansk, agus nach raibh siad sásta cúpla dollar a chaitheamh ar chúléisteacht le hEnda. Muise, a chonách sin orthu, nó chaill siad amach ar an-chuid eolais agus faisnéise a rachadh chun tairbhe a gcuid eagraíochtaí.
An Deis nár Tapaíodh
Chaill siad amach, mar shampla, ar an chomhrá fada spéisiúil a bhí ag Enda le Simon Coveney, an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara. Phléigh siad an Córas Náisiúnta Céannachta Caorach úr agus na hathruithe atá molta ag Coveney ar an Chóras seo. Phléigh siad fosta Móráireamh na nGabhar agus na Muc, agus an dóigh a bhfuil an Móráireamh seo ag dul chun sochair d’fheirmeoirí na hÉireann agus d’fheirmeoirí an domhain ar fad. Nach é an trua Mhuire gur chaill an CIA amach ar an deis chun an fhaisnéis sin a chur isteach ina gcuid comhad.
Ansin bhí siad bodhar agus balbh – agus dall fosta – nuair a bhí Enda agus A Lán Shattered ag plé Thuarascáil Bhliantúil na Seirbhíse Promhaidh, go háirithe brollach na tuarascála a bhain le measúnú agus bainistiú feidhmiúil ar chiontóirí agus le hathmheascadh iarchiontóirí.
Leoga, mar a dúradh ar ball, a chonách sin orthu mar dhream leisciúil falsa sprionlaithe truaillí. Ach tuigeann muid d’Enda bocht. Níl cúrsaí ag dul rómhaith dó ar na mallaibh. Tá an Seanad ann go fóill, agus beidh. Agus iontas na n-iontas, fuarthas amach gur féidir é a leasú! B’fhiú go mór don CIA a bheith ag éisteacht le guthán póca Enda nuair a fuair sé an méid sin amach. B’fhiú dóibh fosta a bheith ag éisteacht nuair a fuarthas amach nach fiche milliún a bheadh le sábháil ar chor ar bith dá gcuirfí an Seanad ar scor, ach méid i bhfad níos lú go mór. Chaill siad an deis ansin, mar scaifte gníomhairí CIA, nó nach bhfuil a fhios ag madraí na sráide gur maith leis an dream sin staidrimh.
Siar go hUmhaill, recte Umhal Uí Mháille
As go brách le Balor, mar sin, siar an bóthar go Contae Mhaigh Eo, áit a raibh an Taoiseach ag caitheamh roinnt ama sa bhaile, chun cuairt a thabhairt ar a sheanchara agus chun uchtach agus misneach a thabhairt dó. Nach iontach an neach ar fad é Balor. Agus é ag siúl siar bhí sé ag meabhrú dó féin agus é ar na cúlbhóithre tuaithe. (Níl carr ar bith in Éirinn mór a dhóthain le é a iompar, ná bus ar bith a bhfuil an doras leathan a dhóthain le é a ligean isteach!) Ag meabhrú a bhí sé ar mhuintir Mhaigh Eo, agus ar a dhiongbháilte atá siad in éadan chruatain an tsaoil seo agus in éadan chora crua na peile. Ag stánadh ar na feirmeoirí sna páirceanna agus sna goirt a bhí sé agus é ag meabhrú. Nach mór a bhí siad mar mhianach? Nach láidir calma balcánta a bhí siad mar shíolaicme? Nach dorcha agus doilbhir agus dubhach a bhí siad mar phobal?
Ag meabhrú mar seo dó féin a bhí sé nuair a tháinig sé go teach Enda, agus b’in é an fear féin ina sheasamh ina pháirc féin in aice lena theach féin, agus a mhuintir féin thart air. Agus gheal an lá thart ar chloigeann niamhrach an Taoisigh. Bhí an chosúlacht air go raibh dea-spéir os a chionn, go raibh sé chomh saor ó cháim agus chomh soineanta le naíonán. Agus na súile… iad chomh gorm agus chomh glé leis an lus gormáin nó le droim na farraige i mbrothall an tsamhraidh, nó le droim locha in uaigneas an tsléibhe lá geal seaca sa gheimhreadh. D’amharc sé ar fholt breá gruaige Enda agus chonacthas dó go raibh sé ní ba ghile mar fholt ná folt fireann ar bith a chonaic sé lena bheo; agus chonacthas dó go raibh cuid gruaige fionnrua an Taoisigh ní ba shlíoctha agus ní ba réidhe agus ní ba mhínmhothaithí ná folt gruaige ar bith a chonaic sé riamh; gan ribe dá dhlaoi as alt; é gan barrchleite amach ná bunchleite isteach. Agus bhí a fhios ag Balor nach raibh rudaí mar ba chóir.
Chuimhnigh Balor ar na fir ar bhuail sé leo agus é ar a thuras anoir. Chuimhnigh sé ar mhuintir Mhaigh Eo a raibh aithne aige orthu leis na cianta cairbreacha. Chuimhnigh sé ar laochra na peile agus ar laochra na polaitíochta agus ar laochra Chogadh na Talún agus chonaic sé iad ar fad le súile a chuimhne, agus bhí a fhios aige go raibh inteacht as ord.
‘A Thaoisigh,’ a dúirt sé, nuair a bhí an bheirt acu ina suí le gloine an duine ina lámha agus losaid lán ceapairí os a gcomhair. ‘A Thaoisigh, ar smaoinigh tú riamh ar thástáil DNA a fháil?’
(Nóta ón Eagarthóir: Tá muid ag súil go scaoilfear Balor amach as Otharlann Ghinearálta Mhaigh Eo, i gCaisleán an Bharraigh, in am d’alt na míosa seo chugainn.)