Cartlann
gluais Gluais
EAGRÁN #83 · MÁRTA 2008
CAINT AN tSRÁIDBHAILE

Bhí cur is cúiteamh go leor ar siúl an mhí seo caite faoin bhfile Cathal Ó Searcaigh agus a iompar i Neipeal. Ach léiríonn an dóigh ar láimhsíodh an scéal go bhfuilimid, mar shochaí, fós tugtha do bheith ag tabhairt breithiúnais ar dhaoine gan na fíricí ar fad a bheith againn.

»»»
Íomhá
CÚINNE NA nEALAÍON
Ciara Nic Gabhann

Má tá tú ag éirí rud beag bréan den saol laethúil atá agat is féidir leat anois saol eile ar fad a chruthú duit féin gan stró. San alt seo, tugann Ciara Nic Gabhann léargas ar fheiniméan comhaimseartha, an saol fíorúil.

»»»
Íomhá
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Diarmaid Mac Mathúna

Is mithid do lucht teicniúil na hÉireann teacht i dtír ar theicneolaíocht satailíte sa chaoi is nach mbeimid ag brath ar chórais na Stát Aontaithe, dar le Diarmuid Mac Mathúna.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
Balor

Tá an doineann seo atá ann faoi láthair ag tabhairt go leor aicídí léi chun ár n-oileáin bhig álainn agus tá na zheimers uafásacha – galar arb é a shainchomharthadíchuimhne – ina measc. Míníonn Balor an scéal brónach seo.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Robert McMillen

Féachann Robert McMillen ar scéal beirt fhear chonspóideacha a bhí sa nuacht an mhí seo caite.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Bearnaí Ó Doibhlin

Gabhadh leithscéal oifigiúil le gairid le páistí Bundúchasacha a aistríodh go teaghlaigh gheala agus institiúidí in éadan thoil a muintire idir 1910 agus 1970. Cúlra an scéil ó Bhearnaí Ó Doibhlin.

»»»
Íomhá
TEANGA AGUS CULTÚR

Cuirfear tús le Seachtain na Gaeilge ar an 3 Márta. San alt seo, tá cur síos ag Caoimhe Ní Laighin ar chuid de na himeachtaí a bheas ar siúl lena linn.

»»»
Íomhá
THALL IS ABHUS
Breandán de Gallaí

frustrachas an-mhór ag baint le bheith ag cleachtadh do chuid Fraincise sa Fhrainc, dar le Breandán de Gallaí.

»»»
Íomhá
AGALLAMH BEO
Caoimhe Ní Laighin

Tá Des Bishop ar dhuine de na fuirseoirí is mó a bhfuil aithne air in Éirinn. Cuirfear tús le sraith nua teilifíse dar teideal “In the Name of the Fada” ar an 13 Márta ar RTÉ 1. Sa tsraith seo, tabharfar léargas ar thuras pearsanta an fhir grinn seo agus é ag dul i ngleic leis an nGaeilge. Bhuail Caoimhe Ní Laighin leis le gairid le labhairt leis faoi chúrsaí teanga agus faoi chúrsaí an tsaoil.

»»»
CÚINNE NA nEALAÍON/AN RÓGAIRE DUBH
Antaine Ó Faracháin

Tá Robert Harvey ag staidéar i gColáiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath ar an gcúrsa B.Mus.Ed. Ba mhaith leis a bheith ina mhúinteoir ceoil amach anseo i meánscoil éigin i gContae Laoise, an áit arb as dó. Labhair Antaine Ó Faracháin leis faoina chuid staidéir agus faoina chúlra sa cheol traidisiúnta.

»»»
Íomhá
RANNÓG NA bhFOGHLAIMEOIRÍ

Ba chúis bhróid do mhuintir na hÉireann agus do mhuintir Phoblacht na Seice é an deilbhín beag órga a bronnadh ar Glen Hansard agus Irglova le déanaí. San alt seo, insíonn Caoimhe Ní Laighin dúinn mar gheall ar an scannán álainn [i]Once[/i] a raibh an bheirt acu páirteach ann. Tá an t-alt seo dírithe ar dhaltaí Ardteistiméireachta ó thaobh leibhéal deacrachta na teanga de.

»»»
Íomhá
THALL IS ABHUS
Nollaig Ó Néill

Chuaigh Nollaig Ó Neill chun na Spáinne le gairid agus é ag súil le harásan a cheannach ansin. Cé nár cheannaigh sé réadmhaoin sa deireadh, fuair sé léargas suimiúil ar an áit, agus ar chleachtais tréandíola na ngníomhairí eastáit.

»»»
Íomhá
TEANGA AGUS CULTÚR
P.J. Mac Gabhann

Ó cuireadh tús le Teastas Eorpach na Gaeilge (teg) in 2005, tá méadú mór tagtha ar líon na ndaoine atá ag déanamh na scrúduithe gach bliain. San alt seo, insíonn P.J. Mac Gabhann dúinn faoi chóras scrúdaithe teg agus míníonn an fáth a bhfuil idir fhoghlaimeoirí, mhúinteoirí agus fhostóirí ag cur spéise ann.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Breandán Delap

Léiríonn suirbhé atá déanta ag Breandán Delap do Beo! nach bhfuil an coinníoll teanga ar eastáit úra sa Ghaeltacht á chur i bhfeidhm i ngach contae.

»»»
Íomhá
CÚINNE NA nEALAÍON
Colm Ó Snodaigh

Bhí sé de phribhléid ag Colm Ó Snodaigh páirt a ghlacadh le déanaí i dtaifeadadh amhráin in ómós do cheoltóir Ronnie Drew agus seal a chaitheamh i gcuideachta an fhir féin.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Tony Birtill

Is iomaí duine sa lá atá inniu ann atá cleachta le bheith ag fáil dramhphoist ina ndéantar cur síos ar dhuais iontach atá buaite aige i gcrannchur éigin. Insíonn Tony Birtill dúinn faoi fheachtas atá díreach curtha ar bun i Sasana le haird an phobail a tharraingt ar na camscéimeanna seo.

»»»
Íomhá
CÚINNE NA nEALAÍON

Tá leabhar nua dar teideal [i]A New View of the Irish Language [/i] díreach foilsithe ag Cois Life. Leabhar thar a bheith suimiúil is ea é a thaitneoidh go mór le daoine a bhfuil spéis acu sa Ghaeilge, sa tsochaí Éireannach agus sa tsochtheangeolaíocht, dar le Caoimhe Ní Laighin.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Máirtín Ó Muilleoir

Tamall gairid ó shin, bhí an chuma ar an scéal go raibh an nuachtán [i]Lá Nua[/i] ar an dé deiridh. San alt seo, agus sa cheann ina dhiaidh, pléitear an ghéarchéim a ndeachaigh an nuachtán tríthi agus caitear súil ar an mhargadh deacair ina bhfuil sé ag feidhmiú. Sa chéad alt seo, pléann Máirtín Ó Muilleoir, foilsitheoir an nuachtáin, an plean ar thángthas air leis an fhoilseachán a tharrtháil.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO

San alt seo, díríonn John Walsh ar roinnt ceisteanna deacra a eascraíonn as an ngéarchéim atá díreach curtha di ag [i]Lá Nua[/i].

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Caoimhe Ní Laighin

Bronnadh Oscar ar Marketa Irglova agus ar Glen Hansard ag deireadh mhí Feabhra dá n-amhrán “Falling Slowly” ón scannán [i]Once[/i]. An scéal ó Chaoimhe Ní Laighin. Tá an t-alt seo dírithe ar dháltaí Ardteistiméireachta ó thaobh leibhéal deacrachta na teanga de.

»»»

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.