Ba chúis bhróid do mhuintir na hÉireann agus do mhuintir Phoblacht na Seice é an deilbhín beag órga a bronnadh ar Glen Hansard agus Irglova le déanaí. San alt seo, insíonn Caoimhe Ní Laighin dúinn mar gheall ar an scannán álainn [i]Once[/i] a raibh an bheirt acu páirteach ann. Tá an t-alt seo dírithe ar dhaltaí Ardteistiméireachta ó thaobh leibhéal deacrachta na teanga de.
Bhí súile an domhain dírithe ar mhaithe agus ar mhóruaisle thionscal na scannán ar an 24 Feabhra agus iad ag déanamh a mbealach go lonrach suas an cairpéad dearg chuig an Kodak Theatre in Hollywood le freastal ar an searmanas bronnta is mó cáil ar domhan.
Bhí cuid de na daoine dóighiúla a sheas os comhair bholgáin na ngrianghrafadóirí agus os comhair na gcriúnna teilifíse a bhí tagtha ansin ó gach cearn den domhan lán dóchais go mbeidís ag imeacht abhaile ag deireadh na hoíche agus deilbhín beag clúiteach faoina n-ascaill acu. Ba é an cineál deilbhín ar theastaigh uathu greim a fháil air, dar ndóigh, ná ceann darb ainm dó Oscar!
I measc iad siúd a raibh údar maith acu sceitimíní a bheith orthu bhí Glen Hansard ó Bhaile Átha Cliath agus Marketa Irglova ó Phoblacht na Seice, a raibh ainmniúchán Oscar faighte acu dá n-amhrán “Falling Slowly” ón scannán Once.
Bhí cúig ainmniúchán san iomlán i gceist i gcatagóir na n-amhrán, trí cinn acu a bhí faighte ag na cumadóirí mór le rá Alan Menken agus Stephen Schwartz as ucht na n-amhrán a chum siad don scannán Enchanted. Dála Tim Rice agus Andrew Lloyd Webber, bíonn Menken agus Schwartz ag obair as lámh a chéile go minic agus bronnadh dhá dheilbhín órga draíochta orthu roimhe seo. Mar sin, bhí iomaíocht ghéar i gceist i gcatagóir na n-amhrán agus is cúis bhróid é do mhuintir na hÉireann - agus do mhuintir Phoblacht na Seice, dar ndóigh - gurbh iad Hansard agus Irglova ar éirigh leo an Oscar a bhuachan. Léiriú an scannáin
Léiríodh Once i mBaile Átha Cliath sa bhliain 2006. Ba ar bheagán airgid a rinneadh an ceoldhráma seo, arb iad na príomhcharachtair ann ná ceoltóir sráide (Hansard) agus inimirceach Seiceach (Irglova) a bhfuil féith an cheoil inti chomh maith. Níor caitheadh ach €100,000 ag déanamh an scannáin - suim airgid nach n-íocfadh as na costais lónadóireachta ar an gcuid is mó de na scannáin a léirítear in Hollywood!
In ainneoin nár léiríodh an oiread sin spéise sa scannán nuair a taispeánadh é ar an bhfód dúchais i dtosach, bhuaigh an stiúrthóir, John Carney, gradam ag an Sundance Film Festival i 2007.
Roimh i bhfad bhí an chuma ar an scéal go raibh ag éirí leis an scannán beag Éireannach seo lucht féachana mór a mhealladh chun na bpictiúrlann le hé a fheiceáil. Bhí neart flosctha faoin scannán agus bhíothas ag moladh stíl bhreá nádúrtha na n-aisteoirí Irglova agus Hansard. Dar ndóigh, ní dhearna sé dochar ar bith dó gur thug leithéidí Steven Spielberg agus Bob Dylan ardmholadh dó. Dúirt an chéad fhear a luadh: “Chonaic mé scannán beag dar teideal Once le gairid agus thug sé an oiread sin inspioráide dom nach gcuirfeadh sé isteach orm mura mbeinn in ann scannán eile a fheiceáil ar feadh an chuid eile den bhliain.”
Tá scéal thar a bheith simplí i gceist sa scannán álainn seo. Tá carachtar Hansard croíbhriste mar gheall ar go bhfuil a chailín imithe chun na Breataine i ndiaidh dóibh scaradh óna chéile. Buaileann sé le carachtar Irglova agus í amuigh i lár chathair Bhaile Átha ag díol bláthanna. Cuireann an Seiceach gliondar ar chroí an cheoltóra sráide agus eascraíonn caidreamh thar a bheith speisialta as an gcairdeas.
Murab ionann agus leithéidí Mary Poppins nó Singing in the Rain - ceoldrámaí ina dtéann na carachtair i mbun amhránaíochta gan choinne - tá inchreidteacht ag baint le húsáid na n-amhrán sa scannán áirithe seo mar gheall ar gur ceoltóirí iad na príomhcharachtair. Úsáideann siad ceol mar mhodh cumarsáide agus is tríd an gceol a thugtar léargas mar gheall ar mhothúcháin na beirte.
Tá rud éigin ar leith le brath idir na príomhcharachtair sa scannán seo - shílfeá nach aisteoireacht a bhí ar siúl acu ar chor ar bith. Agus ní haon ionadh é sin mar gur thit an bheirt i ngrá lena chéile le linn dóibh a bheith i mbun léirithe ar an scannán. D’fhéadfá a rá, mar sin, go raibh an t-ádh ar an stiúrthóir de bhrí go raibh deis aige próiseas orgánach a scannánú agus Irglova agus Hansard ag titim i ngrá lena chéile, i ndáiríre.
“Bhraith muid go raibh muid ag déanamh rud éigin fíorphearsanta agus fíorphríobháideach a scannánú,” a deir Hansard.
Is é Hansard an príomhamhránaí le The Frames, banna a bhfuil an-tóir air - in Éirinn agus i gcéin - le blianta anois. Bhí páirt aige i scannán Alan Parker The Commitments sna hochtóidí chomh maith, ach ba é an ceol an rud is tábhachtaí ina shaol i gcónaí.
Deir sé: “Ní dheachaigh mé leis an aisteoireacht d’aon turas. Is ceoltóir mé agus tharla sé, d’fhéadfá a rá, trí bhotún nó trí chomhtharlú go raibh mé páirteach i scannáin cúpla uair. Ní bheadh sé de dhánacht ionam `aisteoir’ a thabhairt orm féin.”
Ach cá bhfios céard a thiocfaidh chun cinn: d’fhéadfadh sé tarlú go mbuafadh Hansard deilbhín órga eile ag an Kodak Theatre amach anseo. Ach an chéad uair eile, seans gurb iad na daoine a bhfaighidh sé an ceann is fearr orthu ná leithéidí Daniel Day Lewis agus Tommy Lee Jones.