Tá Robert Harvey ag staidéar i gColáiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath ar an gcúrsa B.Mus.Ed. Ba mhaith leis a bheith ina mhúinteoir ceoil amach anseo i meánscoil éigin i gContae Laoise, an áit arb as dó. Labhair Antaine Ó Faracháin leis faoina chuid staidéir agus faoina chúlra sa cheol traidisiúnta.
Antaine Ó Faracháin: A Robert, inis dom i dtosach faoin mbealach a thosaigh tú ar an gceol traidisiúnta. Cén chéad cheoltóir a chuala tú riamh?Robert Harvey: Ba é John Brady agus Attracta Brady as Contae Uíbh Fhailí na ceoltóirí a chuala mé i dtosach agus mé an-óg agus chuaigh siad i bhfeidhm go mór orm. Thit mé i ngrá leis an bhfeadóg mhór. Thaitin an fhuaim go mór liom. Agus an stíl a bhí acu freisin, bhí mé an-tógtha leis sin chomh maith.
AÓF: Ar fhoghlaim tú ceol ar scoil? An cuimhin leat an chéad uair a bhain tú triail as uirlis cheoil a fhoghlaim agus céard a bhí ann?
RH: Níor fhoghlaim mé ceol ar scoil – bhí ranganna príobháideacha agam. John agus Attracta a mhúin ceol dom. Cheannaigh mo mham feadóg stáin dom nuair a bhí mé cúig bliana d’aois agus sílim go raibh sé éasca ag an am.
AÓF: Cén tiúin is fearr leat faoi láthair agus cén uair dheireanach ar sheinn tú é?
RH: Ceist dheacair. “Farewell to Éireann” is dóigh liom. Chuala mé i dtosach é ó Darren Magee as Contae an Dúin ag seisiún ina theach anseo i mBaile Átha Cliath. Sheinn mé le mo dheartháir Séamus an uair dheireanach é ag ceolchoirm ar mhaithe le carthanacht éigin i Móinteach Mílic.
AÓF: Cé mhéad ama a chaitheann tú ag cleachtadh? An mbíonn tú ag cleachtadh gach lá?
RH: Idir leathuair an chloig agus uair an chloig agus bím ag cleachtadh gach lá, beagnach.
AÓF: An bhfuil bealach áirithe agat le tiúin nó amhrán a fhoghlaim?
RH: Bím ag éisteacht leo ar feadh tamaill le hiad a chur isteach i mo chloigeann. Ansin tosaím á bhfoghlaim. Úsáidim an ceol scríofa uaireanta freisin ach is ar an gcluais is mó a bhím ag brath.
AÓF: Inis dom beagán faoin staidéar ar an gceol atá ar siúl agat faoi láthair.
RH: Tá mé sa tríú bliain anois i gColáiste na Tríonóide ar an gcúrsa B.Mus.Ed. Ba mhaith liom a bheith i mo mhúinteoir ceoil sa dara leibhéal. Bíonn a lán oibre, aistí agus araile le déanamh againn, ach tá sé taitneamhach mar sin féin.
AÓF: Beidh tú ag dul amach ar chleachtadh múinteoireachta go luath. Inis dom beagán faoi sin. Tá sé déanta agat cheana nach bhfuil?
RH: Tá. Bhí mé i Notre Dame agus King’s Hospital roimhe seo agus beidh mé ag dul go Mainistir Loreto i nDeilginis don chéad bhabhta eile. Beidh ranganna agam ó gach bliain. Braitheann sé ar an rang atá agat. Uaireanta bíonn páiste nó dhó trioblóideach ach bíonn sé taitneamhach tríd is tríd. Beidh mé neirbhíseach nuair a thiocfaidh an cigire ar cuairt le faire orm ach tá súil agam go mbeidh mé ceart go leor.
AÓF: Nuair a bheith tú réidh sa choláiste tar éis bliain amháin eile a dhéanamh an bhfuil aon phlean agat ansin?
RH: Ba mhaith liom a bheith i mo mhúinteoir, b’fhéidir in áit éigin gar do bhaile, (Móin Rátha) i gContae Laoise. Níl aon phlean eile agam.
AÓF: Cén fliúiteadóir is fearr leat faoi láthair agus cén fáth?
RH: Paddy Carthy. Tá stíl iontach, mothálach aige. Cuireann sé casadh deas sa cheol freisin agus taitníonn a chuid ornáidíochta liom.
AÓF: An seinneann tú aon uirlis cheoil eile?
RH: Ní dhéanaim, mórán. Beagán ar an bpianó agus tá mé díreach tosaithe ar triail a bhaint as an trumpa gallda nó an sacsafón ach tá sé an-deacair. Tá teicníc iomlán difriúil i gceist.
AÓF: An bhfuil tú ag éisteacht le haon taifeadadh faoi leith i láthair na huaire?
RH: Seachas Paddy Carthy – “Punch” le Chris Thile. Meascán den bluegrass, snagcheol agus ceol clasaiceach atá ann.
AÓF: Déanann tú beagán portaireachta freisin, nach ndéanann? Inis dom faoi sin. RH: D’fhoghlaim mé féin an phortaireacht. Bím ag éisteacht le Séamus Fay agus le ceoltóirí uirlise freisin ar ndóigh. Tá sé deacair na friotail agus an rithim a shníomh le chéile ach is maith liom é.
AÓF: Agus bíonn tú ag feadaíl freisin?
RH: Bíonn. Tá cúig bhonn óir ag Fleadh Cheoil na hÉireann buaite agam ag feadaíl. Níl mé ag rá go bhfuil sé éasca ach níl sé chomh deacair sin ach a oiread agus tá sé taitneamhach.
AÓF: Ar chum tú aon cheol riamh?
RH: Cúpla ríl agus cúpla port. Faighim inspioráid ó rudaí a tharlaíonn dom, agus mé amuigh ag siúl, b’fhéidir. Bíonn frása nó dhó agam de ghnáth i mo chloigeann sula gcuirim peann le pár le tuilleadh a chur leo.
AÓF: Céard é an rud is mó gur mhaith leat a bhaint amach anois ó thaobh do chuid ceoil féin?
RH: Ba mhaith liom a bheith i mo mhúinteoir maith. Ba mhaith liom a bheith ábalta an traidisiún a thabhairt ar aghaidh go dtí an t-aos óg. Agus leanúint ar aghaidh ag baint taitnimh as an gceol, ar ndóigh!Is amhránaí, ceoltóir, múinteoir agus fear spraoi é Antaine Ó Faracháin. Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas é.