Tá an doineann seo atá ann faoi láthair ag tabhairt go leor aicídí léi chun ár n-oileáin bhig álainn agus tá na zheimers uafásacha – galar arb é a shainchomhartha ná díchuimhne – ina measc. Míníonn Balor an scéal brónach seo.
Tá an t-am seo den bhliain thar a bheith contúirteach, a léitheoirí. Ní ag trácht ar an bhliain airgeadais atá mé, ná ag tagairt don bhliain chánach, ach ag smaoineamh atá mé ar an bhliain féilire mar a thuigeann muid ar fad í, an bhliain sin a thosaíonn ar Lá Caille, agus ag smaoineamh atá mé ar an tríú mí den bhliain chéanna.
“Má thagann an Márta ar nós an leoin, imeoidh sé ar nós na huaine, agus má thagann an Márta ar nós na huaine, imeoidh sé ar nós an leoin,” a deireadh na seandaoine, leithéidí iareagarthóir Beo Ar Éigean. Deirtí fosta go mbíodh an-stuif sna cearca a bheirtí sa Mhárta, go mbíodh daoine chomh corrthónach leis an ghaoth Mhárta, agus go mbíodh laethanta na bó riabhaí, nó na laethanta ag deireadh na míosa seo, ar na laethanta ab fhuaire sa bhliain. Níl dabht ar bith ach go mbíodh cuid mhór rámhaille agus truflaise agus bómántachta san aimsir ghnáthchaite fá dtaobh den mhí bhocht seo.
Ach, ar na saolta deireanacha seo níl dabht ar bith ach go bhfuil sé ag éirí níos deacra na séasúir a aithint óna chéile, rud a fhágann muid gan a bheith ábalta gléasadh mar is cóir fá choinne doininne ná soininne, ná fiú an doineann a aithint ón soineann, nó an bhó riabhach a aithint ón bhó mhire in amanna; rud a fhágann fosta go bhfuil cuid mhór aicídí úra ag teacht inár dtreo, agus mórán acu anseo cheana féin. Ina measc seo tá na zheimers. Agus, a chairde, thig libh é a mhaíomh le clanna bhur gclann, gur anseo a chuala sibh ar dtús é: tá na zheimers abhus.
TromchúiseachTá cluinte ag achan duine faoin ghalar tromchúiseach sin Bertizheimers nó tá caint faoi le fada an lá. Sainchomharthaí na haicíde seo ná dearmad a dhéanamh ar an rud a bhí i gceist agat gan é a rá an tseachtain seo a chuaigh thart, agus gan
dearmad a dhéanamh ar an rud nach raibh sé i gceist agat gan é a rá in am ar bith; nó má dúirt, nó má deirtear go ndúirt, nach bhfuil cuimhne agat ar an rud nach raibh sé i gceist agat gan é a rá ar chor ar bith. Tá sainchomharthaí eile a bhaineann leis an zheimers áirithe seo ach tá dearmad déanta agam orthu, nó mura bhfuil, bhuel, níl mé sásta a admháil gur...
Aicíd eile atá ag éirí coitianta le tamall anuas ná an Easpazheimers. Ní bhaineann sé seo le héagmais nó le huireasa ar bith, ach le giorrúchán den fhocal “easpag”. Déantar an focal áirithe sin a ghiorrú cionn is nár mhaith leis an chliarlathas go n-aithneofaí go coitianta gur leosan a bhaineann an aicíd mharfach seo. Buaileadh beirt phrionsa de chuid na hEaglaise Caitlicí go trom leis an ghalar seo ar na mallaibh. Rinne an Cairdinéal Connell dearmad glan gur Caitliceach a bhí ann, gan trácht ar Chríostaí. Rinne an tArdeaspag Ó Máirtín dearmad nach dlíodóir canónach a bhí ann níos mó. Rinne siad beirt dearmad go raibh sé de dhualgas orthu mar aoirí de chuid na hEaglaise dea-shampla a thabhairt don tréad, ach ní dhearna an tréad dearmad baa-aaa-aaa a rá leis an bheirt acu.
Chonacthas fear ar Shráid Uí Chonaill i mBaile Átha Cliath ar na mallaibh a bhí buailte go trom le ceann eile de na zheimers seo, mar atá Endazheimers. Léirigh sé cúpla ceann de na sainchomharthaí a bhaineann leis an aicíd seo, nó bhí sé ag bualadh a chloiginn go láidir in éadan balla – balla mór láidir cloiche, a bhí i bhfad ní ba chrua ná a chloigeann bocht breoite. Ach lean sé air á bhualadh agus á
bhualadh. An dara sainchomhartha a léirigh sé ná gur dhírigh sé é féin i ndiaidh gach buille acu, agus gur chóirigh sé a chuid gruaige go dtí go raibh gach ribe dá dhlaoi go snasta slíoctha, agus gur fhógair os comhair an tsaoil: “Mise a bhuaigh an toghchán, bíodh a fhios agaibh!” Is galar tromchúiseach é an Endazheimers, gan aon agó.
WallacezheimersCeann eile de na zheimers seo atá ag dul thart faoin tír is ea Wallacezheimers. Níl baint dá laghad ag an Wallace seo le Gromit, an madadh beag sa chlár beochana; ní héfear an bhríste chontráilte é. Madadh de shórt eile ar fad atá sa Wallace seo a bhfuil an zheimers úr air – cineál de mhadadh faire de chuid na bhfíor-fhíor-fhíor-fhíor-Phrotastúnach é Wallace Thompson – é i bhfad níos faide ar dheis ná Ian Mór, Ian Beag agus Roaring Hannah i bhfochair a chéile. Rinne Wallace bocht dearmad go raibh cead ag Caitlicigh dul isteach in Ardeaglais Phrotastúnach Phádraig i mBaile Átha Cliath, agus go raibh cead ag an Déan MacCarthy paidríní
a chur ar díol ann ar mhaithe le cúpla euro a chur isteach i gciste na hArdeaglaise, dá mba mhaith leis. Rinne Wallace bocht dearmad fosta gur i bhfad ar shiúl ó Jurassic Park atá an chuid is mó de mhuintir na hÉireann tráth seo an dara mílaois.
Tá cuid mhór daoine sa taobh ó dheas den tír buailte go trom leis an Corcaighzheimers – chan an CorkExaminers, ach an ceann eile, a ndeirtear faoi go bhfuiltear anois ag teacht ar leigheas fána choinne. Níltear cinnte fós cén leigheas é féin ach tógann sé tamall dearmad a dhéanamh ar dhearmaid. Ba dhearmad é an chéad lá foireann bhainistíochta a bhrú isteach nuair ba léir nach raibh na foirne imeartha sásta. Ba dhearmad fosta é tacaíocht a ghealladh don fhoireann bhainistíochta agus ansin dearmad a dhéanamh ar an ghealladh sin. Rinne gach taobh dearmad ar lucht tacaíochta an Chontae agus iad buailte ag an Corcaighzheimers. Buille tubaisteach é an aicíd sin. Táthar ag súil nach leathnóidh sé aneas.
Aicíd eile a raibh an dá léiriú aici ar an riocht céanna ag deireadh na míosa seo caite ab ea an Nepalzheimers. Roinnt de na daoine a buaileadh leis an ghalar seo, rinne siad dearmad go raibh aithne riamh acu ar dhuine ar bith a chaith seal i Nepal. Bhí mórán acu ann, agus ba láidre an séanadh a bhí siad á dhéanamh ná an coileach agus é ag scairteadh den tríú huair. An dóigh ar buaileadh daoine eile leis an ghalar céanna seo, rinne siad dearmad go bhfuil rudaí níos tábhachtaí agus níos bunúsaí agus níos luachmhaire ar an saol seo ná an chomhghleacaíocht. Gura fada uainn na zheimers.