Léiríonn suirbhé atá déanta ag Breandán Delap do Beo! nach bhfuil an coinníoll teanga ar eastáit úra sa Ghaeltacht á chur i bhfeidhm i ngach contae.
In Iúil na bliana 2004 leagadh coinníoll teanga ar bhloc árasán sa Spidéal i gContae na Gaillimhe. Rialaíodh go mbeadh ar an tógálaí a chinntiú gur le cainteoirí Gaeilge amháin a dhíolfaí ocht gcinn déag den 29 árasán san fhorbairt. Bhí an líon seo bunaithe ar chéatadán na gcainteoirí Gaeilge sa Spidéal de réir dhaonáireamh na bliana 2002. Ba é sin an chéad uair a leagadh coinníoll dá leithéid in aon tír ar domhan agus d’éirigh leis an scéal áit thánaisteach a bhaint amach ar chéad leathanach The LA Times go fiú.
Thiocfadh leat a rá gur réiteach Éireannach a bhí ann ar fhadhb Éireannach. Ba léir go dtiocfadh claochlú as cuimse ar an chothromaíocht idir cainteoirí Gaeilge agus Béarla sa Ghaeltacht dá dtógfaí lear mór eastát tithíochta le freastal ar chomaitéirí as baile isteach. I dtír ar bith eile is dócha ná a mhalairt nach mbronnfaí cead pleanála ar aon fhorbairt a dhéanfadh damáiste do theanga a bhí i mbaol a báis. Ní raibh baol ar bith ann go dtarlódh sé sin in Éirinn, áfach, go háirithe agus an geilleagar ag brath cuid mhór ar thionscal na tógála. Tar éis an tsaoil, níl aon chúis go mbeadh na húdaráis a cheadaigh scrios chomhshaol agus áilleacht na tíre róbhuartha faoin oidhreacht chultúrtha ach chomh beag.
Bheachtaigh an Bord Pleanála feidhm agus paraiméadair an choinníll i gcásanna éagsúla ó shin i leith agus socraíodh go mairfeadh an ceangal ar feadh cúig bliana déag. Bhí go leor daoine den tuairim, áfach, go mbeadh sé ionann is dódhéanta an coinníoll teanga a chur i bhfeidhm agus monatóireacht a dhéanamh air. Chinn comhairlí contae éagsúla go mbainfí úsáid as an tslat tomhais chéanna is a bhí ann cheana féin do dheontas tithíochta Roinn na Gaeltachta. Is léir, áfach, ó shuirbhé atá déanta agam, le cuidiú an Achta um Shaoráil Faisnéise, nach bhfuil comhsheasmhacht ar bith ann maidir le cur i bhfeidhm an choinníll ó chontae go contae.
Ba i nGaeltacht na Gaillimhe a leagadh coinníoll teanga den chéad uair agus is ann atá an líon is mó eastát úr Gaeltachta. D’ainneoin sin, deir siad nach bhfuil aon taifead acu i leith líon na dtithe a bhfuil coinníoll teanga leagtha orthu nó ainmneacha na n-eastát a bhfuil socrú dlí déanta acu leis an Chomhairle Chontae faoin choinníoll, nó go deimhin iad siúd nach bhfuil! An bhféadfadh sé seo a bheith fíor? Cén dóigh ar féidir póilíneacht cheart a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an choinníll nuair nach bhfuil aon chomhad speisialta ann fána choinne?
Ón bhliain 2003, cuireadh aon iarrthóir is tríocha faoi agallamh i nGaillimh agus bhain ceithre dhuine is fiche an caighdeán amach mar atá leagtha síos sna haontaithe dlíthiúla. Theip ar sheisear agus níl toradh iarrthóra amháin próiseáilte go fóill.
Cáineadh géarI mBealtaine na bliana 2006, rinne an Bord Pleanála cáineadh géar ar Chomhairle Contae na Gaillimhe faoin chaoi fhánach a leagann siad síos coinníollacha teanga ar fhorbairtí sa Ghaeltacht. Dúirt an Cigire Sinsearach Pleanála Kevin Moore go bhfuil fasaigh shoiléire leagtha síos ag an Bhord i gcásanna faoin chéatadán tithe a chaithfear a fhágáil ar leataobh do chainteoirí Gaeilge. Bíonn an céatadán seo bunaithe ar úsáid na Gaeilge sa cheantar mar theanga laethúil agus dúirt sé nár thuig sé ó thalamh an domhain tuige nach leagann Comhairle Contae na Gaillimhe síos na paraiméadair maidir leis an choinníoll teanga agus iad ag bronnadh cead pleanála. Ní dhearnadh a leithéid i gcásanna éagsúla, dar leis, rud a d’fhág go bhféadfaí mí-úsáid a bhaint as an choinníoll teanga nó go mbeadh sé gan éifeacht:
“In light of the number of decisions issued by the Board in the Galway Gaeltacht area with a language condition applying, I do not understand nor accept why the planning authority is avoiding its responsibility to set out the main parameters of a language condition. In my view, this can only be construed as unhelpful when there is a necessary aim to promote and conserve the Irish speaking community, particularly in such a vulnerable community such as Spiddal, a community ripe for erosion of the use of the Irish language due to its accessibility and proximity to Galway City.”
Tuigtear dom gurbh éigean don bhrúghrúpa pleanála Airdeall an dlí a bhagairt ar Chomhairle Contae na Gaillimhe ar chúpla ócáid nuair nach raibh siad sásta an socrú dlí a shíniú, ainneoin go raibh an forbróir sásta a leithéid a dhéanamh. Ar ndóigh tá caomhnú na teanga luaite mar aidhm ag Comhairle Contae na Gaillimhe ina bPlean Forbartha agus tá a leithéid de chleachtas ag teacht salach ar an aidhm sin.
Tá coinníoll teanga leagtha ar 112 teach i nGaeltacht Chiarraí faoi Alt 47 den Acht Pleanála ón bhliain 2003 anall ach cé go dtéann cuid de na forbairtí siar go 2004 níl oiread is agallamh amháin curtha ar úinéir tí go dtí seo. Aon eastát tithíochta is fiche atá i gceist agus tá socrú dlí déanta ag an tríú cuid acu le Comhairle Contae Chiarraí. Tá trí fhógra thosach feidhme faighte ag an Chomhairle Chontae as an 14 eastát nach bhfuil aon socrú déanta acu. Cuimhnigh go gcaithfidh an socrú dlí seo a bheith déanta sula gcuirfear tús leis an obair thógála.
Níor mhiste a chuimhneamh fosta go bhfuil díospóireacht ar siúl faoin choinníoll teanga i gCiarraí ó rialaigh an Bord Pleanála in Aibreán 2005 go mbeadh ar Southbound Properties 75% de na haonaid i bhforbairt chonspóideach i mBaile an Fheirtéaraigh a chur ar leataobh do chainteoirí Gaeilge. Tuige, mar sin, nach bhfuil Comhairle Contae Chiarraí ag cur dhlíthe na tíre i bhfeidhm?
Seo é an míniú a thug siad féin: “Kerry County Council is currently finalizing details of a scheme which addresses the Irish language clause in Planning Applications. The scheme will be launched in early March 2008. A brochure outlining the workings of the scheme and giving details of support available to applicants, including details of Irish language bodies, will also be distributed. Applicants under the scheme will undergo an interview where their standard of Irish will be assessed as well as their everyday use of the Irish language.”
Ghlac sé trí bliana orthu, mar sin, an scéim iontach seo a chur le chéile agus i ndeireadh thiar thall bheartaigh siad an cur chuige céanna is atá i bhfeidhm i gcontaetha eile a úsáid leis an choinníoll a chur i bhfeidhm. Is léir go meileann muilte na Comhairle Contae chomh gasta le hoighearshruth!
Gaeltacht na RinneTá an chosúlacht ar an scéal gur i nGaeltacht Phort Láirge is fearr atá monatóireacht á déanamh ar an choinníoll teanga, a bhuíochas cuid mhór do Mháire Seo Breathnach, Oifigeach Forbartha Gaeilge Chomhairle Contae Phort Láirge. Go deimhin léiríonn cáipéisí inmheánacha de chuid na Comhairle Contae gur chuir sí in iúl d’fheidhmeannaigh ón rannóg pleanála i 2006 gur mheas sí go raibh droim láimhe á thabhairt do choinníollacha teanga a leag siad féin síos do thithe úra i nGaeltacht na Rinne. Thug sí foláireamh láidir don Chomhairle Contae go raibh tithe díolta sa Rinn gan aon fhianaise go bhfuiltear ag comhlíonadh an choinníll teanga atá leagtha orthu.
Chuir sí a cosa i dtaca fosta maidir leis an chur is cúiteamh a bhí ar siúl faoin chaighdeán Gaeilge a bheadh de dhíth leis an choinníoll teanga a chomhlíonadh. Bhí an Chomhairle Contae ag iarraidh go mbainfí úsáid as torthaí na hArdteiste ach thug Máire Seo Breathnach le fios nach raibh sé seo sásúil in aon chor mar shlat tomhais. Dúirt sí nach féidir líofacht Ghaeilge duine a mheas ar thorthaí na
hArdteiste ó tharla go bhféadfadh go mbeadh an scrúdú sin suite ag iarrthóir breis is tríocha bliain ó shin. Lena chois sin, ní thugann torthaí na hArdteiste aon léargas ar dhearcadh duine i leith na teanga, rud atá fíorthábhachtach i gcás na Rinne agus an tSean-Phobail, dar léi. Dúirt sí gur cheart go gcuirfí an scoil ar a fhreastalaíonn páistí an iarrthóra, an fonn atá air an teanga a fhoghlaim agus tinreamh ag ranganna Gaeilge san áireamh fosta.
Go dtí seo tá coinníoll teanga leagtha ar 101 teach i nGaeltacht Phort Láirge. Tá agallaimh Ghaeilge déanta ag seacht nduine dhéag; d’éirigh le deichniúr acu agus theip ar sheachtar. Tá cúig eastát faoi réir ag Comhaontaithe faoi Alt 47 den Acht Pleanála ach tá dhá cheann acu siúd faoi achomharc i láthair na huaire agus níl tús curtha le forbairt i gcás na trí cinn eile. Dá réir sin, níl aon chomhaontú dlí sínithe go fóill.
Tá coinníoll teanga leagtha ar thuairim is 102 aonad cónaithe i nGaeltachtaí Dhún na nGall. Sa bhreis air sin, tá an coinníoll leagtha ar 15 aonad eile a bhfuil cead pleanála bronnta orthu ach atá faoi bhráid an Bhoird Pleanála faoi láthair. Go dtí seo, níl scrúdú Gaeilge déanta ag aon iarratasóir amháin, cé go bhfuil tús curtha le ceithre fhorbairt sa chontae ina mbeidh 13 aonad cónaithe do dhaoine a bhfuil caighdeán sásúil Gaeilge acu.
Ba i dTuar Mhic Éadaigh a bhí an t-aon eastát amháin i limistéar Gaeltachta inar tugadh cead pleanála i Maigh Eo le blianta beaga anuas ach dhiúltaigh an Bord Pleanála don fhorbairt ina dhiaidh sin. Mar sin, níor éirigh ceist an choinníll teanga sa chontae go dtí seo.
Tá coinníoll teanga ar aon teach déag i gContae Chorcaí ach go dtí seo níl scrúdú curtha ar aon duine ina leith.
Is léir gur bac agus dídhreasacht é an coinníoll teanga d’fhorbróirí a bheadh ag beartú eastáit a thógáil sa Ghaeltacht. D’éirigh leis go pointe stop a chur leis an bhagairt mhór don teanga ó chomaitéirí as baile isteach. Ach cén mhaitheas a leithéid a bheith ann mura bhfuil sé á chur i bhfeidhm ach ar bhealach ad hoc i go leor de na contaetha Gaeltachta? Thig a bheith ag súil, i mo thuairimse, le cás cúirte amach anseo ó ghníomhaithe teanga in éadan forbróirí nó Comhairle Contae éigin faoin bhealach fuarbhruite atá an chuid seo de dhlí na tíre á chur i bhfeidhm. Seans, áfach, gur cheart feidhmiú an choinníll a chur faoi chúram áisíneachta neamhspleáiche éigin – Údarás na Gaeltachta nó An Bord Pleanála, cuir i gcás – seachas a bheith ag brath ar na Comhairlí Contae nach raibh i bhfách leis an chéad lá riamh.
Is Clár-Eagarthóir le Nuacht TG4 é Breandán Delap. Tá cónaí air sa Spidéal.
Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá sé ina chónaí sa Spidéal, Co na Gaillimhe.