COMÓRTAIS
Comórtas mhí an Mhárta

Tabhair cuairt ar an suíomh gréasáin www.gaelchultur.com chun freagra na ceiste seo a fháil: Cén bhliain a bunaíodh an comhlacht Gaelchultúr?Seol do fhreagra chuig alt@beo.ie roimh an 29 Márta 2008. Bíodh na focail ‘Comórtas mhí an Mhárta’ mar theideal ar do theachtaireacht agus tabhair do sheoladh baile, le do thoil.

DuaiseannaBeidh beirt bhuaiteoirí ann agus gheobhaidh siad beirt an dá dhuais seo:1. Speaking Irish/An Ghaeilge Bheo le Siuán Ni Mhaonaigh agus Antain Mac Lochlainn. Pacáiste foghlama den scoth atá in Speaking Irish / An Ghaeilge Bheo, a thugann deis iontach d’fhoghlaimeoirí a dtuiscint ar an Ghaeilge labhartha a fheabhsú agus eolas ceart a chur ar an teanga bheo. Tá DVD ann ar a bhfuil agallaimh le breis is 20 cainteoir Gaeilge. Cloisfidh tú cainteoirí breátha as Ciarraí, Dún na nGall, Gaillimh agus Baile Átha Cliath. Rud annamh is ea Speaking Irish / An Ghaeilge Bheo - pacáiste beo bríomhar a fhreastalann ar riachtanais na bhfoghlaimeoirí sin atá ag iarraidh snas agus blas a chur ar a gcuid Gaeilge.

  1. Cóip de Gramadach gan Stró!, graiméar nua Gaeilge le hÉamonn Ó Dónaill, arna fhoilsiú ag Gaelchultúr. Is leabhar lándaite A4 é seo atá dírithe ar dhaoine a bhfuil caighdeán réasúnta maith bainte amach acu sa Ghaeilge labhartha cheana féin ach ar mian leo feabhas a chur ar a gcuid gramadaí. Tá sé oiriúnach dóibh siúd nach dtuigeann leabhair ghramadaí de ghnáth agus a gcuireann rialacha casta mearbhall orthu.

Beo! an-bhuíoch de Shiuán Ní Mhaonaigh agus Antain Mac Lochlainn agus de Ghaelchultúr as ucht na duaiseanna seo a chur ar fáil.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.