Ó cuireadh tús le Teastas Eorpach na Gaeilge (teg) in 2005, tá méadú mór tagtha ar líon na ndaoine atá ag déanamh na scrúduithe gach bliain. San alt seo, insíonn P.J. Mac Gabhann dúinn faoi chóras scrúdaithe teg agus míníonn an fáth a bhfuil idir fhoghlaimeoirí, mhúinteoirí agus fhostóirí ag cur spéise ann.
Is córas scrúdaithe é Teastas Eorpach na Gaeilge (teg) atá bunaithe ar an bhFráma Tagartha Comónta do Mheasúnú Teangacha (Comhairle na hEorpa, 2001). Tá scrúduithe ar fáil ag ceithre leibhéal cumais, is é sin ag Bonnleibhéal 1 agus 2 (A1 agus A2) agus ag Meánleibhéal 1 agus 2 (B1 agus B2) agus tá foireann teg ag obair ar na hArdleibhéil (C1 agus C2) faoi láthair.
Tá na mílte foghlaimeoir ag freastal ar ranganna Gaeilge in Éirinn agus i dtíortha eile ar mhaithe le forbairt phearsanta agus phroifisiúnta a bhaint amach dóibh féin. Ach bhí sé de mhíbhuntáiste ag na daoine a d’fhreastail ar na ranganna seo nach raibh córas ar bith ann chun aitheantas a thabhairt don dul chun cinn a bhí déanta acu nó chun struchtúr a chur ar a gcuid foghlama. Tá an bhearna sin líonta ag teg.
Tá na scrúduithe bunaithe ar na ceithre scil teanga: labhairt, cluastuiscint, léamhthuiscint agus scríobh. Má éiríonn le duine pas a ghnóthú sa scrúdú, bronntar teastas air le dearbhú go bhfuil cumas sa teanga bainte amach aige ag leibhéal áirithe. Tá aitheantas tugtha don obair agus don dul chun cinn atá déanta ag an bhfoghlaimeoir agus spreagtar é chun an chéad chéim eile sa phróiseas foghlama a thógáil.
Is ar úsáid na teanga a chuirtear an bhéim i siollabais teg. Ag an mBonnleibhéal, cuirtear an-bhéim ar thuiscint agus ar labhairt na teanga. Má leanann sé cúrsa atá bunaithe ar na siollabais, táthar ag súil go mbeidh an foghlaimeoir in ann cumarsáid bhunúsach a dhéanamh trí Ghaeilge. Ag an Meánleibhéal, cuirtear béim níos mó ar an scríobh agus ar úsáid neamhspleách na teanga.
Is féidir le múinteoirí atá ag obair le foghlaimeoirí fásta leas a bhaint as siollabais teg chun cúrsaí Gaeilge atá céimnithe a chur ar bun – rud atá déanta ag roinnt eagraíochtaí cheana – agus a gcuid ábhar teagaisc féin a scríobh. Ina theannta sin, tá scrúdú samplach ag na ceithre leibhéal curtha ar fáil ar an suíomh www.teg.ie, chomh maith le hábhar teagaisc do Bhonnleibhéal 1 agus 2.
Oiliúint
Mar chuid den scéim teanga atá forbartha ag eagraíochtaí éagsúla – na comhairlí contae agus na ranna stáit, cuir i gcás – ó cuireadh Acht na dTeangacha Oifigiúla i bhfeidhm, is gá oiliúint ar chur ar fhostaithe de chuid na n-eagraíochtaí rannpháirteacha chun go mbeidh siad ábalta seirbhísí a chur ar fáil don phobal trí Ghaeilge. Tugann teg eolas cruinn don fhostóir maidir le cumas an fhostaí (nó an duine atá le fostú) ó thaobh na Gaeilge de. Is slat tomhais éifeachtach agus neamhspleách é Teastas Eorpach na Gaeilge, ar féidir leis an bhfostóir úsáid a bhaint as le cumas teanga iarratasóirí a mheas, seachas an riachtanas “Gaeilge líofa ag teastáil” a bheith luaite ar fhoirm iarratais, riachtanas atá ró-oscailte agus teibí.
I mbliana, beidh scrúduithe teg ar siúl i gceithre ionad scrúdaithe in Éirinn (Má Nuad, Gaoth Dobhair, an Spidéal agus Baile Bhúirne) agus in dhá cheann taobh amuigh den tír (Ollscoil Karlova i bPrág agus Coláiste na nGael i bPáras) ar na dátaí seo a leanas:
Bonnleibhéal 1: 19 AibreánBonnleibhéal 2: 26 Aibreán
Meánleibhéal 1: 10 Bealtaine Meánleibhéal 2: 17 Bealtaine
Más spéis leat iarratas a chur isteach ar cheann de na scrúduithe, tá foirm iarratais ar fáil ar www.teg.ie/gaeilge/foirm_iarratais.htm. Ní mór an fhoirm iarratais a sheoladh isteach ar a laghad ceithre seachtaine roimh dháta an scrúdaithe is mian leat a dhéanamh.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi Theastas Eorpach na Gaeilge, tabhair cuairt ar www.teg.ie, seol ríomhphost chuig info@teg.ie nó glaoigh ar (01) 708 6417.
Comhordaitheoir na Gaeilge in Ionad na dTeangacha, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad is ea P.J. Mac Gabhann.