Bhí sé de phribhléid ag Colm Ó Snodaigh páirt a ghlacadh le déanaí i dtaifeadadh amhráin in ómós do cheoltóir Ronnie Drew agus seal a chaitheamh i gcuideachta an fhir féin.
Is é ceann de na nithe is deacra a dhéanamh nuair a bhíonn tú ar thuras ná dul i mbun turasóireachta! Bíonn an iomarca oibre le déanamh, an iomarca ama le caitheamh ag cinntiú go bhfuil an fhuaim snasta, ag cinntiú go bhfuil gach duine agus gach rud in eagar don cheolchoirm.
I Sasana le déanaí, áfach, d’éirigh liom féin agus le mo dheartháireacha cúpla uair an chloig a thógáil saor le turas a dhéanamh go Forais Sherwood i Nottingham. Maidin fhuar cheomhar sheaca a bhí ann. Isteach linn go domhan Robin Hood agus muid ag tnúth le blas a fháil ar atmaisféar draíochtúil na réabhlóidithe a ghoid ó na daoine saibhre leis na bochtáin a chothú. Isteach linn i measc na gcrann lom a raibh a ngéaga bán le sioc.
Níl mórán den fhoraois fágtha. Agus níl mórán d’ionad turasóireachta ann ach an oiread ná mórán de rian Robin Hood dá bharr. Ba é an ní ba shuntasaí a bhí le feiceáil i measc na gcrann ná na seanchrainn ollmhóra darach – an-chuid acu ag fáil bháis. Tá áilleacht sheanda ag baint leo. Tá gréasa agus cruthanna le feiceáil i ngach cnapán. Tá seanchríonnacht le brath uathu – ceann amháin acu breis is 800 bliain d’aois. Agus timpeall ar na crainn seo, tá crainn óga, tanaí, soineanta beiche agus darach.
Bhí muid ag rá go raibh na seanchrainn an-chosúil leis na crainn a chuidigh leis an maith an bua a fháil ar an olc in Lord of the Rings – Ents a glaodh orthu. Treebeard an t-ainm a thug Tolkien ar an Ent ba shine.
Mí roimhe sin tugadh cuireadh dúinn a bheith páirteach i dtaifeadadh amhráin, “The Ballad of Ronnie Drew”. D’oibrigh bean chéile Lance, Suzanne, le U2 tráth agus níos déanaí le Bono féin. Is é an ceangal seo a thóg chuig an stiúideo i Windmill Lane sinn ag tús mhí Feabhra le taifeadadh a dhéanamh le ceann de na bannaí is cáiliúla ar domhan agus le flúirse ceoltóirí eile.
Amhrán do Ronnie Drew a bhí i gceist sa taifeadadh. Tá Ronnie ag troid i gcoinne ailse faoi láthair agus cheap Bono agus Simon Carmody (a bhí leis an Golden Horde tráth) go mb’fhéidir go gcuideodh an t-amhrán lena mheanma beagáinín.
Bhí an taifeadadh an-tapa – fios a ghnó ag gach duine agus atmaisféar iontach oibre ann. The Dubliners a rinne a gcuid ceoil a sheinm ar dtús. Tá aois mhaith ag na lads seo ach tá éadroime ag baint lena gceol. Níos déanaí agus muid i mbun seisiúin leo thuigeas fáth na héadroime – táid fós i ngrá leis an gceol. Táid fós fiosrach. Pribhléid a bhí ann a bheith ina gcomhluadar, a bheith ábalta seinm leo, labhairt leo (d’fhoghlaim Barney McKenna a chuid Gaeilge ar na láithreáin tógála i Londain!) agus foghlaim uathu.
*Ag tús na seascaidí bhuail m’athair le Ronnie Drew ag siúl cois trá in aice le túr Martello Dhumhach Thrá – seanaithne acu ar a chéile. Ní raibh rudaí go ró-iontach leis. Ganntanas pinginí. Ní raibh aon cháil ar na Dubliners go fóill – iad ag seinm in áiteanna ar nós O’Donoghues i Sráid Bhagóid ar phiontaí seachas ar phinginí.
Bhí mo thuistí nuaphósta agus teach ceannaithe acu gar don túr. Bhíodar ag cur caoi ar an teach le hé a chur in oiriúint don seisear buachaillí a bhí le teacht!
Bhí fadhb amháin bhunúsach ag baint leis an teach, áfach – bhí an seomra bia scoite amach go hiomlán ón gcistin. Shíl mo thuistí go bhféadfaí poll a chur idir an dá sheomra agus doras nó geata a chur ann.
“Ganntanas pinginí?” arsa m’athair leis. “Tá jab agam duit!”
Rinne Ronnie an beart ach riamh bhí an pasáiste idir an dá sheomra ró-íseal toisc go raibh an dá sheomra ar urláir dhifriúla – ar éigean go raibh sé cúig troithe ar airde. Ba ró-mhinic, agus deifir orainn, a bhuaileamar uilig ár gcloigne ar bharr an phasáiste agus na cúig troithe sáraithe againn.
Ba rí-mhinic, mar sin, a chuireamar mallacht ar Ronnie agus a chuid oibre. Agus ní ba mhinice fós nuair a chuireamar aithne ar a nia Séighean, ar scoil.
Blianta ina dhiaidh sin agus muid san Ísiltír ag seinm ag féile Folkwoods, chonaiceamar Ronnie ina shuí ina aonar san fhorhalla. Anois, bhí cáil air mar chancrán – deirtí faoi go léimeadh sé i dtacsaí ag Aerfort Bhaile Átha Cliath agus go ndeireadh sé leis an tiománaí “Greystones and no chatter”! An iomarca de na “rare oul’ times” cloiste aige is dócha. Shleamhnaíomar suas chuige go mall agus rinne iarracht labhairt leis. Bhí sé tuirseach (agus beagáinín cancrach, caithfear a rá!) ach nuair a dúramar leis faoin bpasáiste agus faoin aithne a bhí againn ar Shéighean, do tháinig beocht chuig a shúile agus bhí comhrá gairid deas againn leis.
Nuair nach mbím lárnach i gcúrsaí taifeadta, ligim don seisiún éalú uaim go tapa agus dá bharr sin níor shíleas go mbeadh aon bhaint eile agam leis an gceol go dtí gur chuir Suzanne glaoch orm ag rá go raibh spéis ag an “Late Late Show” leagan den amhrán a chraoladh – dheineas dearmad gur U2 a bhí i gceist agus ní Kíla!
Bhí oíche álainn againn in RTÉ agus tar éis an chraolta, sa seomra gléasta, sheas Ronnie féin suas, chan sé agus labhair sé go sollúnta, maorga agus ghabh buíochas le cách. Dúirt sé go raibh a ghuth agus a ghruaig ag filleadh ar ais chuige, agus cé go raibh maide siúil aige mar thacaíocht, bhíos cinnte go raibh sé níb airde ag siúl amach dó ná mar a bhí nuair a shiúil sé isteach.
Níos déanaí agus mé ag breathnú ar chlúdach an tsingil thugas súile Ronnie Drew faoi deara sa ghrianghraf tosaigh – iad domhain, cneasta agus lán le daonnacht agus cineáltas. Agus tháinig an tuairim chugam go raibh seisean agus na Dubliners eile cosúil le Treebeard agus na hEnts eile agus na crainn darach ollmhóra i bhForaois Sherwood. Táid seanda. Táid seanchríonna agus táid timpeallaithe ag crainn óga atá ag foghlaim uathu ar nós na gcrann beiche agus darach a bhí i bhForaois Sherwood.
An scéal
http://www.cancer.ie/news/ronniedrewsong.php
An físeán
http://www.u2.com/highlights/index.php?hid=437
An craoladh ar an Late Late Show
http://www.youtube.com/watch?v=bSR9P40kmVA