CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
An spásrás comhaimseartha: níl Éire dtús cadhnaíochta
Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna

Is mithid do lucht teicniúil na hÉireann teacht i dtír ar theicneolaíocht satailíte sa chaoi is nach mbeimid ag brath ar chórais na Stát Aontaithe, dar le Diarmuid Mac Mathúna.

Íomhá
Íomhá
Íomha de Spéirling Katrina a tógadh sa spás: cúidíonn a leithéid d'íomhá go mór leis na hiarrachtaí tarrthála in am éigeandála
Íomhá

Baineadh siar as go leor daoine le déanaí nuair a rinne Stáit Aontaithe Mheiriceá cinneadh ceann dá satailítí féin a scrios. Is ar mhaithe le daoine a chosaint ó cheimiceáin dhainséaracha a rinne siad é sin, de réir an scéil oifigiúil, ach níl ach bliain imithe ó rinne an tSín satailít dá cuid féin a bhualadh le diúracán. Táthar i mbun tuairimíochta gurbh é ba chúis le cinneadh na Stát Aontaithe ceann dá satailítí féin a scrios ná go raibh siad ag iarraidh a chruthú go bhféadfaidís an rud céanna a dhéanamh le satailít namhad, dá mba ghá.Tá an chuma ar an scéal go bhfuil muid ag filleadh ar Star Wars, an córas cosanta a bhí go mór i mbéal an phobail le linn ré Ronald Reagan. Agus tá satailítí níos tábhachtaí anois ná mar a bhí riamh. Ní hamháin go bhfuil úsáid mhíleata á baint astu le haghaidh spiaireachta, ach tá siad á n-úsáid go forleathan ag an bpobal sibhialtach chun a gcuid carranna a threorú leis an gcóras suite domhanda (GPS). Agus ar ndóigh, tá satailítí fós lárnach i gcúrsaí teileachumarsáide – tá siad ag éirí níos tábhachtaí mar go bhfuil leathanbhanda á sholáthar tríothu go forleathan anois agus tá siad ag éirí níos lárnaí i rith an ama ó thaobh chórais dhigiteacha teilifíse de. Go deimhin, is gá béim a chur ar an bpointe seo: a fhad is a bhí na Meiriceánaigh i mbun pléascadh rudaí, bhí muintir na Seapáine ag cur satailít nua sa spás a chuirfidh seirbhís iontach tapa idirlín ar fáil do mhuintir na hÁise, mar aon le teilifís ardghléine ar bhonn trialach freisin.Tá sé éasca dearmad a dhéanamh gurb iad na satailítí atá lárnach sa chóras GPS ná satailítí míleata agus go bhfuil an córas á bhainistiú ag aerfhórsa na Stát Aontaithe. Cé go mbíonn sé seo go breá formhór an ama, is féidir leis an aerfhórsa sin an córas a mhúchadh in áiteanna faoi leith ar domhan más gá. Ar ndóigh, ní oireann sé sin don Aontas Eorpach toisc gur mhaith leis a bheith neamhspleách ó na Stáit Aontaithe. Mar sin, tá córas Eorpach - ar a dtugtar Galileo (http://www.esa.int/esaNA/galileo.html ) - á phleanáil agus beidh sé i bhfeidhm thart ar 2013, de réir an eolais is déanaí. Agus tá an Rúis, an tSín agus an India, fiú amháin, ag fóbairt córas dá gcuid féin chomh maith.Éigeandáil

Ba chóir do thíortha na hEorpa – Éire ina measc – satailítí dá gcuid féin a bheith acu ar chúiseanna éagsúla. Ní hamháin go bhfuil siad tábhachtach ó thaobh loingseoireachta agus ó thaobh threorú carranna de, ach is mór an cuidiú é an córas satailíte má tharlaíonn éigeandáil – tuile nó crith talún, cuir i gcás – aon áit ar domhan. Mar gheall ar go n-úsáidtear satailítí le grianghraif a thógáil ón spás, is féidir eolas a bhailiú go tapa agus cabhraíonn na seirbhísí teileachumarsáide le comhordú na seirbhísí éigeandála agus iad i mbun tarrthála. Tá Google Earth agus na híomhánna satailíte atá mar chuid den phacáiste sin á n-úsáid in am éigeandála cheana féin, ach bheadh sé i bhfad níos fearr dá bhféadfaí teacht go tapa ar íomhánna atá suas chun dáta agus iad a scaipeadh go poiblí láithreach.Agus ba chóir d’Éirinn díriú isteach ar na cúrsaí seo ar chúiseanna eacnamúla chomh maith. Tá airgead mór i gceist sa réimse seo agus, mar a thugann suíomh gréasáin Fhiontraíocht Éireann (www.enterprise-ireland.com/space/index.htm) le fios, tá comhlachtaí áirithe Éireannacha ag teacht i dtír ar a bhfuil ar siúl san earnáil cheana féin. I measc iad siúd atá bainteach le cúrsaí spáis, tá comhlacht amháin ar a laghad ag díriú ar chúrsaí satailíte.

Mediasatellite Ireland (www.mediasat.ie) is ea an comhlacht atá i gceist agam agus soláthraíonn sé seirbhísí leathanbhanda satailíte. Tá blag suimiúil (http://b-dsl.net/blog), ina bpléitear gach sórt eolais faoi chúrsaí satailíte, á fhoilsiú acu siúd atá i mbun an chomhlachta sin. Agus más spéis leat eolas a fháil maidir le suíomh satailíte ar leith nó maidir leis an tsatailít áirithe atá ag déanamh teagmhála le do charr, bain triail as an suíomh n2yo.com (www.n2yo.com).Tá a lán rudaí suimiúla agus drámata ag tarlú sa spás os cionn na hÉireann. Lena chinntiú go mbeimid san iomaíocht le tíortha eile agus go mbeidh teacht againn ar fhoinsí neamhspleácha eolais dár gcuid féin, caithfimid fáil a bheith againn ar ár seirbhísí satailíte féin. Tá costais mhóra ag baint le satailít a chur sa spás agus, mar sin, caithfimid dul i bpáirt le tíortha eile. Ach beifear in ann airgead a mhealladh le haghaidh a leithéid de thionscadal má dhíríonn ár dtaighdeoirí agus ár bhfiontraithe a n-aird ar theicneolaíocht agus ar sheirbhísí satailíte den scoth a chruthú. Tá GaelSpell 2007, leagan nua den litreoir cáiliúil a oibríonn le Microsoft Office 2007, díreach foilsithe ag Diarmaid Mac Mathúna ag *www.cruinneog.com, i bpáirt le Kevin Scanell. Tá Diarmaid i gceannas ar chúrsaí léiriúcháin sa chomhlacht teilifíse Agtel (www.agtel.ie).*

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.