AR NA SAOLTA SEO
Oscar bronnta ar Hansard agus Irglova
Caoimhe Ní Laighin Caoimhe Ní Laighin Caoimhe Ní Laighin

Bronnadh Oscar ar Marketa Irglova agus ar Glen Hansard ag deireadh mhí Feabhra dá n-amhrán “Falling Slowly” ón scannán [i]Once[/i]. An scéal ó Chaoimhe Ní Laighin. Tá an t-alt seo dírithe ar dháltaí Ardteistiméireachta ó thaobh leibhéal deacrachta na teanga de.

Íomhá
Bronnadh Oscar ar Glen Hansard agus ar Marketa Irglova ag deireadh mhí Feabhra
Íomhá
Radharc ón scannán Once a léiríodh i mBaile Átha Cliath i 2006
Íomhá
Tá inchreidteacht ag baint le húsáid na n-amhrán in Once
Íomhá
Príomhamhránaí leis an mbanna ceoil The Frames is ea Hansard

Treoracha

Tá an t-alt seo dírithe ar dhaltaí Ardteistiméireachta (ardleibhéal agus gnáthleibhéal). Tá líne curtha faoi na focail is deacra. Má chuireann tú do luch ar na focail a bhfuil líne fúthu, gheobhaidh tú a mbrí as Béarla. Bain triail, i dtosach, as an alt a léamh gan úsáid a bhaint as na haistriúcháin. An féidir leat na ceisteanna ag bun an leathanaigh a fhreagairt gan brí na bhfocal a fháil le do luch?Beidh an t-alt agus na ceisteanna ar fáil ar www.scoilnet.ie go luath.


Bhí súile an domhain dírithe ar mhaithe agus ar mhóruaisle thionscal na scannán ar an 24 Feabhra agus iad ag déanamh a mbealach go lonrach suas an cairpéad dearg chuig an Kodak Theatre in Hollywood le freastal ar an searmanas bronnta is mó cáil ar domhan.

Bhí cuid de na daoine dóighiúla a sheas os comhair bholgáin na ngrianghrafadóirí agus os comhair na gcriúnna teilifíse a bhí tagtha ansin ó gach cearn den domhan lán dóchais go mbeidís ag imeacht abhaile ag deireadh na hoíche agus deilbhín beag clúiteach faoina n-ascaill acu. Ba é an cineál deilbhín ar theastaigh uathu greim a fháil air, dar ndóigh, ná ceann darb ainm dó Oscar!

I measc iad siúd a raibh údar maith acu sceitimíní a bheith orthu bhí Glen Hansard ó Bhaile Átha Cliath agus Marketa Irglova ó Phoblacht na Seice, a raibh ainmniúchán Oscar faighte acu dá n-amhrán “Falling Slowly” ón scannán Once.

Bhí cúig ainmniúchán san iomlán i gceist i gcatagóir na n-amhrán, trí cinn acu a bhí faighte ag na cumadóirí mór le rá Alan Menken agus Stephen Schwartz as ucht na n-amhrán a chum siad don scannán Enchanted. Dála Tim Rice agus Andrew Lloyd Webber, bíonn Menken agus Schwartz ag obair as lámh a chéile go minic agus bronnadh dhá dheilbhín órga draíochta orthu roimhe seo. Mar sin, bhí iomaíocht ghéar i gceist i gcatagóir na n-amhrán agus is cúis bhróid é do mhuintir na hÉireann - agus do mhuintir Phoblacht na Seice, dar ndóigh - gurbh iad Hansard agus Irglova ar éirigh leo an Oscar a bhuachan. Léiriú an scannáin

Léiríodh Once i mBaile Átha Cliath sa bhliain 2006. Ba ar bheagán airgid a rinneadh an ceoldhráma seo, arb iad na príomhcharachtair ann ná ceoltóir sráide (Hansard) agus inimirceach Seiceach (Irglova) a bhfuil féith an cheoil inti chomh maith. Níor caitheadh ach €100,000 ag déanamh an scannáin - suim airgid nach n-íocfadh as na costais lónadóireachta ar an gcuid is mó de na scannáin a léirítear in Hollywood!

In ainneoin nár léiríodh an oiread sin spéise sa scannán nuair a taispeánadh é ar an bhfód dúchais i dtosach, bhuaigh an stiúrthóir, John Carney, gradam ag an Sundance Film Festival i 2007.

Roimh i bhfad bhí an chuma ar an scéal go raibh ag éirí leis an scannán beag Éireannach seo lucht féachana mór a mhealladh chun na bpictiúrlann le hé a fheiceáil. Bhí neart flosctha faoin scannán agus bhíothas ag moladh stíl bhreá nádúrtha na n-aisteoirí Irglova agus Hansard. Dar ndóigh, ní dhearna sé dochar ar bith dó gur thug leithéidí Steven Spielberg agus Bob Dylan ardmholadh dó. Dúirt an chéad fhear a luadh: “Chonaic mé scannán beag dar teideal Once le gairid agus thug sé an oiread sin inspioráide dom nach gcuirfeadh sé isteach orm mura mbeinn in ann scannán eile a fheiceáil ar feadh an chuid eile den bhliain.”

scéal thar a bheith simplí i gceist sa scannán álainn seo. Tá carachtar Hansard croíbhriste mar gheall ar go bhfuil a chailín imithe chun na Breataine i ndiaidh dóibh scaradh óna chéile. Buaileann sé le carachtar Irglova agus í amuigh i lár chathair Bhaile Átha ag díol bláthanna. Cuireann an Seiceach gliondar ar chroí an cheoltóra sráide agus eascraíonn caidreamh thar a bheith speisialta as an gcairdeas.

Murab ionann agus leithéidí Mary PoppinsSinging in the Rain - ceoldrámaí ina dtéann na carachtair i mbun amhránaíochta gan choinne - tá inchreidteacht ag baint le húsáid na n-amhrán sa scannán áirithe seo mar gheall ar gur ceoltóirí iad na príomhcharachtair. Úsáideann siad ceol mar mhodh cumarsáide agus is tríd an gceol a thugtar léargas mar gheall ar mhothúcháin na beirte.

Tá rud éigin ar leith le brath idir na príomhcharachtair sa scannán seo - shílfeá nach aisteoireacht a bhí ar siúl acu ar chor ar bith. Agus ní haon ionadh é sin mar gur thit an bheirt i ngrá lena chéile le linn dóibh a bheith i mbun léirithe ar an scannán. D’fhéadfá a rá, mar sin, go raibh an t-ádh ar an stiúrthóir de bhrí go raibh deis aige próiseas orgánach a scannánú agus Irglova agus Hansard ag titim i ngrá lena chéile, i ndáiríre.

“Bhraith muid go raibh muid ag déanamh rud éigin fíorphearsanta agus fíorphríobháideach a scannánú,” a deir Hansard.

Is é Hansard an príomhamhránaí le The Frames, banna a bhfuil an-tóir air - in Éirinn agus i gcéin - le blianta anois. Bhí páirt aige i scannán Alan Parker The Commitments sna hochtóidí chomh maith, ach ba é an ceol an rud is tábhachtaí ina shaol i gcónaí.

Deir sé: “Ní dheachaigh mé leis an aisteoireacht d’aon turas. Is ceoltóir mé agus tharla sé, d’fhéadfá a rá, trí bhotúntrí chomhtharlú go raibh mé páirteach i scannáin cúpla uair. Ní bheadh sé de dhánacht ionam `aisteoir’ a thabhairt orm féin.”

Ach cá bhfios céard a thiocfaidh chun cinn: d’fhéadfadh sé tarlú go mbuafadh Hansard deilbhín órga eile ag an Kodak Theatre amach anseo. Ach an chéad uair eile, seans gurb iad na daoine a bhfaighidh sé an ceann is fearr orthu ná leithéidí Daniel Day Lewis agus Tommy Lee Jones. *****************

CEISTEANNA*Agus na ceisteanna thíos á bhfreagairt agat, bíodh na freagraí i d’fhocail féin oiread agus is féidir. Is é sin, ná déan abairtí iomlána a chóipeáil ón alt focal ar fhocal. Más féidir leat na ceisteanna a fhreagairt i d’fhocail féin, léireoidh tú gur thuig tú an t-alt!*

CEIST A hAON(I)

Cén fáth a raibh súile an domhain dírithe ar an Kodak Theatre ar an 24 Feabhra?

(II)

Bhí cuid de na daoine ar an gcairpéad dearg ag súil go dtarlódh rud faoi leith dóibh. Cén rud a raibh siad ag súil leis?

(III)

Cén fáth, de réir an ailt, gur “chúis bhróid” é bua Irglova agus Hansard?

CEIST A DÓ

(I)

De réir an ailt, níor léiríodh an oiread sin spéise sa scannán Once nuair a taispeánadh é in Éirinn i dtosach sa bhliain 2007. Céard iad na rudaí a tharla idir 2007 agus searmanas bronnta na nOscars a tharraing aird an domhain ar an scannán?

(II)

Déan cur síos ar scéal an scannáin Once i d’fhocail féin.

(III)

De réir an ailt, tá difríocht mhór idir Once agus formhór na scannán atá déanta roimhe seo ar ceoldrámaí iad. Céard é an difríocht sin?CEIST A TRÍ(I)

Cén fáth a raibh an t-ádh leis an stiúrthóir agus é ag déanamh an scannáin

áirithe seo?

(II)

Deir Glen Hansard gurb é an ceol an rud is tábhachtaí ina shaol. Céard a deir

faoin gcaoi a ndeachaigh sé leis an aisteoireacht?

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.