AGALLAMH BEO
Des Bishop
Caoimhe Ní Laighin Caoimhe Ní Laighin Caoimhe Ní Laighin

Tá Des Bishop ar dhuine de na fuirseoirí is mó a bhfuil aithne air in Éirinn. Cuirfear tús le sraith nua teilifíse dar teideal “In the Name of the Fada” ar an 13 Márta ar RTÉ 1. Sa tsraith seo, tabharfar léargas ar thuras pearsanta an fhir grinn seo agus é ag dul i ngleic leis an nGaeilge. Bhuail Caoimhe Ní Laighin leis le gairid le labhairt leis faoi chúrsaí teanga agus faoi chúrsaí an tsaoil.

Íomhá
Íomhá
Craolfar an chéad chlár ón tsraith "In the Name of the Fada" ar RTÉ ar an 13 Márta
Íomhá
Chaith Des an chuid is mó den bhliain seo caite i Leitir Móir, áit ar fhoghlaim sé Gaeilge
Íomhá
Cuirfidh Des an chuid dheireanach den dúshlán i gcrích in Vicar Street ar an 13 Márta
Íomhá
D'fhreastail Des ar Mheánscoil Naomh Pádraig i bhFearna
Íomhá
Bhí cumann drámaíochta an-mhaith i gceist i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, ag deireadh na nóchaidí
Íomhá
Bhí an-rath ar fhuirseoirí Éireannacha mar Tommy Tiernan sa Bhreatain
Íomhá
Íomhá
Chuaigh Des i mbun feachtais le haird a tharraingt ar ailse magarlach
Íomhá
Cailleann daoine smacht orthu féin i ndiaidh meán oíche, dar le Des
Íomhá
Íomhá a tógadh le linn na sraithe "Des Bishop Work Experience" agus Des ag obair in Superquinn

Is duine é Des Bishop a bhfuil a ainm in airde faoi láthair. Bhí an fear grinn seo – arb as Nua-Eabhrac ó dhúchas dó – páirteach go dtí seo in dhá shraith teilifíse a raibh ráchairt an-mhór orthu. Craoladh na sraitheanna, “Des Bishop Work Experience” agus “Joy in the Hood”, araon ar RTÉ. Bhí sé páirteach fosta in “Don’t feed the Gondolas”, sraith nach n-áiríonn sé i measc na ngaiscí proifisiúnta is mó a bhfuil sé bródúil astu (ach níos mó ina thaobh sin ar ball!)Níl Des Bishop ach 32 bliain d’aois, ach tá an t-uafás bainte amach aige cheana féin. Ón uair a chuaigh sé i mbun fuirseoireachta proifisiúnta i 1997, ní háibhéil é a rá go bhfuil na mílte seó grinn ar a bhoinn déanta aige, in Éirinn agus i gcéin. Lena chois sin, chruthaigh sé ceoldhráma hip hap dar teideal Rap Éire *i bpáirt le hArthur Riordan agus bhí páirt bheag aige sa scannán *In America a stiúir an tÉireannach mór le rá Jim Sheridan.

Anois, is féidir le Des an t-éacht atá déanta aige ó thaobh an Ghaeilge a fhoghlaim taobh istigh de thréimhse ghearr a chur leis an liosta rudaí atá bainte amach aige ina shaol. Léiriú é an dul chun cinn atá déanta aige ar an méid is féidir le duine a bhaint amach má dhíríonn sé a aird i gceart ar thasc.stór focal thar a bheith leathan ag Des cheana féin agus tuiscint an-mhaith ar an tuiseal ginideach agus ar ghnéithe casta eile de chuid ghramadach na teanga. Éacht nach beag é sin i dtír ina mbíonn daoine ag maíomh go bhfuil gramadach na Gaeilge tar éis damáiste síceolaíoch a dhéanamh dóibh!Bhuail mé le Des i Vicar Street, an t-ionad i lár Bhaile Átha Cliath, ag deireadh mhí Feabhra agus é ag déanamh réidh le haghaidh seó. Bhí meanma an-mhaith aige agus caithfidh mé a rá go raibh sé thar a bheith béasach agus siamsúil. Níl bhíonn sé ag iarraidh jóc a insint duit gach cúig nóiméad agus is duine oscailte é a bhfuil scileanna an-mhaithe cumarsáide aige. Is minic a bhíonn an sean-cliché sin le cloisteáil mar gheall ar fhuirseoirí a bheith gruama agus duairc nuair nach mbíonn an persona poiblí i gceist. Níl sé sin fíor in aon chor i gcás Des Bishop, áfach.

Ní fhéadfaí a rá gur duine é a dhéanann dhá leath dá dhícheall. Léiríonn na tionscadail teilifíse atá roghnaithe aige go gcuireann sé roimhe ceisteanna agus fadhbanna móra sóisialta agus cultúrtha a phlé.

Agus ní eisceacht ar bith í an tsraith is déanaí dá chuid. "In the Name of the Fada"

Sraith teilifíse sé chlár is ea “In the Name of the Fada” a gcuirfear tús léi ar RTÉ 1 ar an 13 Márta ag 10.15 pm. Ba é bunchuspóir na sraithe seo ná eispéiris Des a scannánú agus é ag cur roimhe an Ghaeilge a fhoghlaim taobh istigh de bhliain amháin. Ba i gConamara a chaith sé an chuid is mó den bhliain seo caite. Ach cén chaoi ar thángthas ar an gcoincheap uaillmhianach seo?

“Bhí suim agam riamh sa Ghaeilge,” a deir sé. “Níor tháinig mé go hÉirinn go dtí go raibh mé ceithre bliana déag d’aois, mar sin ní raibh orm an Ghaeilge a fhoghlaim ar scoil. Ansin, le linn dom a bheith i mbun léirithe ar an tsraith ‘Work Experience’, dúirt mé leis an stiúrthóir Mike Casey lá amháin – agus muid beirt istigh in Abrakebabra – gur bhreá liom clár a dhéanamh faoin nGaeilge am éigin sa todhchaí. Dúirt seisean go mbeadh spéis aige ann chomh maith.”Sa tsraith “Work Experience”, b’éigean do Bishop maireachtáil ar feadh tréimhse áirithe ar phá íosta amháin. Ghlac sé le postanna i ngnónna éagsúla chun a phá íosta a thuilleamh – Abrakebrabra agus Superquinn ina measc. Rinne sé amhlaidh le léargas a fháil ar na deacrachtaí a bhíonn ag inimircigh agus ag cuid mhór daoine eile sa tír seo agus iad ag iarraidh maireachtáil ar bheagán airgid.“Tá sé aisteach anois nuair a bhreathnaím siar ar an gclár sin a rinneadh agus mé ag obair in Abrakebabra. Bhí radharc amháin sa chlár inar taispeánadh mé i m’aonar i mo shuanlann uaigneach chónaithe. Bhí na pinginí an-ghann agus bhí trua agam dom féin. Bhí amhrán sean-nóis á sheinm sa chúlra ar Raidió na Gaeltachta. Thosaigh mé ag spochadh as, cineál de, ag rá os ord, ‘Ó, mo léan géar! Tuigim cás na n-amhránaithe seo anois. Tuigim an phian. Tuigim an briseadh croí. Tuigim an bhochtaineacht agus an cruatan.’ Ach ag an am céanna, bhí mé ag rá liom féin, ‘an mbeidh mé in ann an fkin’ teanga seo a fhoghlaim? Tá na fuaimeanna an-deacair.’”

Bhí na léirmheasanna a scríobhadh mar gheall ar “Work Experience” an-dearfach agus mheall sé lucht féachana an-ard. “Tar éis na sraithe sin, bhí coincheap do shraith eile faoi chúrsaí inimirce á fhorbairt againn. Ach caitheadh an coincheap sin i dtraipisí ar chúiseanna éagsúla agus shocraigh mé go luífinn isteach ar an tsraith faoin nGaeilge.”Seal sa Ghaeltacht

I mí an Mhárta anuraidh chuir Bishop faoi i dTír an Fhia i Leitir Móir, i nGaeltacht Chonamara - áit a ndeachaigh sé i mbun dianstaidéir ar an teanga. Nuair a chuir mé Kevin Myers faoi agallamh díreach roimh an Nollaig, dúirt sé go raibh an Ghaeilge “absurdly difficult and so guttural it renders it impossible for a foreigner to pronounce”. Ach tá ag éirí go breá le Bishop ó thaobh na bhfuaimeanna deis geall le dúchasach de chuid Chonamara anois é agus focail mar “bheadh” agus “cén chaoi” á rá aige! Níl aon fhadhb aige leis na fuaimeanna scornúla.

Socraíodh ag tús an phróisis léirithe gurbh é an sprioc a bheadh i gceist ná go mbainfeadh Des go leor líofachta amach le gig a dhéanamh trí mheán na Gaeilge os comhair lucht féachana lán Gaeilgeoirí. Tá na scéalta grinn Gaeilge á gcleachtadh aige le tamall anuas agus faoi láthair tá an dlaoi mhullaigh á cur ar an obair sin. Beidh siad le cloisteáil ar an 13 Márta mar chuid de sheó speisialta a bheas á reáchtáil ag Club Sult in Vicar Street le linn Sheachtain na Gaeilge, tráth a dhéanfaidh Des an chuid dheireanach den dúshlán a chur i gcrích mar gur daoine a bhfuil Gaeilge acu, den chuid is mó, a bheas sa lucht féachana.

Is féidir ticéid a cheannach ó www.ticketmaster.com. Mura féidir leat freastal ar an seó beo, beidh mír Des le feiceáil ar an teilifís nuair a chraolfar clár deireanach na sraithe ar an 24 Aibreán.

Is de bhunadh Éireannach é Des, agus tháinig sé go hÉirinn agus é ceithre bliana déag d’aois.

“Bhí roinnt deacrachtaí agam agus mé sna déaga. D’fhéadfaí a rá go raibh mé cineál mífheidhmiúil sular fhág mé Nua-Eabhrac agus díbríodh as an scoil mé.”

Níor smaoinigh mé ar an gceist ag an am, ach is díol spéise é, dar liomsa, go bhfuil an cineál seo cúlra aige. Ní fheadar an é sin an fáth a raibh sé ag iarraidh a bheith páirteach in “Work Experience” agus “Joy in the Hood”? An é go dtuigeann sé cás na n-íochtarán agus go dtuigeann sé go maith má tharlaíonn dóibh casadh áirithe ina saol go mbeidh bealach a leasa i ndán dóibh?

“Mar is eol duit, tá gaolta agam in Éirinn, agus dúirt mé le mo thuismitheoirí gur dheas liom teacht anseo chun mo chuid oideachais a chríochnú. Shíl siad go raibh lúb ar lár ionam i dtosach. Thosaigh muid ag caint faoi i ndáiríre ansin. Agus go tobann, bhí sé ag tarlú.

“Tamall beag ina dhiaidh sin, bhí mé i scoil chónaithe i Loch Garman – Scoil Naomh Peadar i bhFearna. Dar ndóigh, tá an scoil sin i ndiaidh a bheith sa nuacht cuid mhór le blianta beaga anuas. Is amhlaidh gur chaith an tAthair Dónal Collins -a fuarthas ciontach i 1998 i mí-úsáid ghnéasach a thabhairt do bhuachaillí - cúpla lá i dteach mo thuismitheoirí i Nua-Eabhrac samhradh amháin. Ní mó ná sásta a bhí mé nuair a thosaigh na líomhaintí ag teacht chun cinn. Deirtear go raibh na coireanna seo fós ar siúl le linn na mblianta a chaith mise sa scoil sin.”

Leoga, bíonn Bishop an-cháinteach mar gheall ar an Eaglais Chaitliceach ina chuid fuirseoireachta. Cuireann dearcadh na heaglaise i leith homaighnéasachta agus moráltachta déistin air.

Look, níl mise ag iarraidh conspóid a chothú ar fud na háite. Is rud thar a bheith pearsanta é creideamh. Mar sin, ní bheinn sásta é a phlé ar an teilifís. Agus tú ar an teilifís, ní bhíonn a fhios agat cé hiad na daoine atá ag breathnú ort. Bíonn daoine ag bhrabhsáil trí na cainéil éagsúla. Bíonn siad ag teacht ar chláracha nár chuala siad trácht orthu riamh agus bíonn siad ag breathnú orthu ar feadh cúpla

nóiméad. Mar sin, d’fhéadfadh daoine a ngoillfeadh mo sheasamh maidir leis an Eaglais Chaitliceach go mór orthu a bheith ag breathnú ar mo cuid cláracha, daoine nach bhfuil taithí acu ar an dearcadh atá agam nó ar an stíl fuirseoireachta atá agam.

“Is scéal eile ar fad iad na seónna. Bíonn comhaontú neamhscríofa i gceist idir mé féin agus an lucht féachana. Tá na daoine i ndiaidh airgead maith a íoc as ticéid – mar sin, chuile sheans go dtaitníonn mo chuid stuif leo cheana féin. Mar sin, tá tuiscint eadrainn agus bím ag tabhairt cuiridh dóibh teacht isteach i mo spás pearsanta.”

Rud eile ar labhair sé faoi ina chuid seónna go minic thar na blianta ná an suaitheadh cultúir a bhí i gceist nuair a tháinig sé go hÉirinn i dtosach.

Oh yeah, saol iomlán difriúil ar fad a bhí i gceist. Cuireann sé soir mé go minic nuair a bhíonn daoine ag rá fúmsa gur *Yank *mé nach bhfuil tuiscint cheart aige ar an tsochaí Éireannach; gur duine ón taobh amuigh mé atá ag déanamh tráchtaireachta ar a bhfuil ag titim amach sa tír. Ach bhí mise sa tír seo sna blianta deireanacha sin sular thosaigh tréimhse an Tíogair Cheiltigh. Níl a leithéid de théarma ann agus “an Dara Domhan”, ach dá mbeadh, d’úsáidfí é le cur síos a dhéanamh ar an tír i rith na tréimhse sin.”

Is cuimhin liom, le linn dom a bheith ar an ollscoil, go bhfaca mé seó de chuid Des ina ndearna sé cur síos an-chliste ar na difríochtaí idir Nua-Eabhrac agus Éire. Thug mé suntas ar leith don mhéid a dúirt sé faoi mhuintir na hÉireann a bheith ciaptha de shíor ag imní faoin tumthéitheoir agus cé acu ar fágadh ar siúl é, nó ar múchadh é! Dar leis, bhí neamhord éigníoch dúghafach ag muintir na tíre ina hiomláine faoi! Chuaigh sé i bhfeidhm go mór orm mar go bhfuil mo thuismitheoirí féin díreach mar sin.

Céim ollscoileI ndiaidh do Bishop a chuid meánscolaíochta a chríochnú, thug sé aghaidh ar Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, áit a ndearna sé céim sa Bhéarla agus sa Stair.

“Bhí mé an-tógtha le drámaíocht agus mé ar an ollscoil, ach fós féin ní raibh a fhios agam ag an am sin go rachainn leis an bhfuirseoireacht mar ghairm bheatha. Bhí mé thar a bheith gníomhach i gcumann drámaíochta na hollscoile. Bhí dream maith sa chumann ag an am sin – Cillian Murphy, an scríbhneoir Úna Carney agus na haisteoirí Cathal Murray agus Ed Wilson ina measc. “Thosaigh mé ag freastal ar chlub fuirseoireachta go rialta. Bhí aithne agam ar an bhfear a bhí ina bhun agus shíl seisean go mbeadh mianach ionam ó thaobh na fuirseoireachta de. Mar sin, rinne mé mo chéad gig sa chlub sin. Thug siad fiche nóiméad dom, rud a bhí i bhfad rófhada. Bhí tús agus deireadh maith i gceist, ach bhí an chuid sa lár cineál shit!”

Ag an am sin – sa bhliain 1997 – bhíothas sa tóir ar thallann úr i mBaile Átha Cliath mar go raibh ráchairt as cuimse i ndiaidh a bheith ar fhuirseoirí Éireannacha sa Bhreatain. Bhíothas ag iarraidh an chéad ghlúin eile a chothú.

“Bhí Dylan Moran díreach i ndiaidh The Perrier Comedy Award a bhaint agus bhí

Tommy Tiernan i ndiaidh So You Think You’re Funny a bhuachan ag an bhféile fuirseoireachta i nDún Éideann. Tharla sé go sciobtha go rabhthas ag tuar go mbeinnse, i measc daoine eile, ar thús cadhnaíochta.”

Bhí lucht leanúna díograiseach ag Bishop faoin mbliain 2000, ach ba sa bhliain seo a tarraingíodh aird an phobail i gcoitinne air nuair a ghlac sé le ról leanúnach ar chlár teilifíse den chéad uair. Tugadh cuireadh dó le bheith mar chaptaen foirne ar an gclár “Don’t feed the Gondolas” ar RTÉ. Clár painéil ab ea é, ar nós “Have I got News for You” na Breataine.

“Bhí an ghráin agam ar an gclár sin. Níl mé ag iarraidh a bheith rócháinteach faoi RTÉ – d’fhéadfaí rudaí a rá ina leith agus ina éadan. Ach ó mo thaobhse de, ba é ceann de na rudaí ba mhó ina éadan ná nár thuig na daoine a raibh mise ag plé leo an tábhacht a bhaineann le tallann úr a chothú, a spreagadh agus a thabhairt ar aghaidh. Bhí mise thar a bheith glas ag an am sin agus braithim gur fágadh ar mo chonlán féin mé – níor tugadh treoir ar bith dom. Ní dhearnadh rud ar bith le mé a threorú ach amháin mo chuid lochtanna a chur in iúl dom; níor cuireadh comhairle ar bith orm maidir leis an dóigh a bhfeadfainn na lochtanna sin a leigheas. Bhí an

clár lag le linn domsa a bheith ag obair air. Ach bhain sin leis an gclár a bheith lochtach, ní liomsa a bheith lochtach. Braithim gur cuireadh cuid mhór brú orm agus gur tugadh drochbhail orm agus go mbítí ag tabhairt le fios gur bhain lochtanna an chláir liomsa. The whole experience was a fking nightmare. Ní raibh mé sásta leis an obair a bhí ar siúl agam – ní thaitníonn cláracha painéil liom ar aon nós agus níor thaitin riamh. Ní quick gag merchant mise.”AilseTréimhse dheacair ab ea é do Des. Le linn dó a bheith páirteach sa chlár, fuair sé amach go raibh ailse magarlach air. Chuathas i ngleic leis an ailse sciobtha go leor, agus dá bharr sin níor chuir sé dá chois é agus bhí sé ar ais ar a sheanléim tamall gairid i ndiaidh na hobráide.

Ach fuair sé taithí ar rud nua agus é san ospidéal: sárú príobháide.

“Chuala iriseoir éigin de chuid an Evening Herald faoin scéal le linn dom a bheith san ospidéal agus an chéad rud eile, bhí an ceannteidealRTÉ star in cancer shock” le feiceáil ar chéad leathanach an nuachtáin. Ní raibh sé ar intinn agam go mbeadh a fhios ag an domhan mór faoin scéal.

“Mar gheall ar go raibh an scéal anois i mbéal an phobail, dúirt mé le Cumann Ailse na hÉireann go mbeinn sásta cuidiú leo, dá mbeadh an chabhair sin ag teastáil, ó thaobh m’ainm – nó mo chuid *celebrity *– a chur le feachtas feasachta.

“Tá áthas orm anois go ndearna mé é sin. Ní hé gurb é an cineál galair é ailse magarlach nach bhfuil aon teacht aniar ann don té atá thíos leis. Tá sé go huile is go hiomlán inchóireáilte má éiríonn leat dul i ngleic leis in am.”

Osclaíonn sé a sheaicéad lena t-léine a thaispeáint dom – tá an mana, “Protect your vital organ”, scríofa air.

Lean Bishop de bheith ag obair in RTÉ i ndiaidh – agus i rith – an tinnis. Cé go bhfuil cuma ghéar ar an méid a dúirt sé thuas faoin drochbhail a thug RTÉ air le linn “Don’t feed the Gondolas”, deir sé fosta go bhfuil an-chuid gnéithe dearfacha ag baint leis an institiúid. Cibé rud a tharla le linn “Don’t feed the Gondolas”, is léir gur éirigh le Des agus le RTÉ an chloch a chaitheamh as an muinchille mar go bhfuil caidreamh sláintiúil proifisiúnta i gceist eatarthu ó shin i leith.Go pearsanta, shíl mé go raibh “Work Experience” i bhfad níb fhearr ná “Joy in the Hood” – shíl mé gur léirigh an chéad cheann a luadh an t-uafás faoin tsochaí Éireannach.Iompar frithshóisialtaDeir Des gurb é an dóigh a mbíonn muid sásta glacadh le cultúr an óil ar cheann de na rudaí is mó a mhairfidh ina chuimhne ón tréimhse sin a chaith sé i mbun “Work Experience”.

“Tá sochaí shibhialta i gceist in Éirinn. Ní bhíonn muid sásta glacadh le rudaí áirithe i rith an lae. Ach ansin, i ndiaidh meán oíche, cailleann daoine smacht orthu féin. Déanann siad rudaí drochbhéasacha, aineolacha agus, i gcásanna áirithe, cóiriúla. Bíonn iompar míchuí ar siúl acu agus léiríonn siad dímheas ar dhaoine eile. Bítear ag glacadh le hiompar frithshóisialta istoíche mar gur “cuid den chraic” é. Níl mé ag iarraidh go smaoineoidh daoine gur piúratánach mé, ach tá an ghráin agam ar iompar frithshóisialta, orthu siúd a mbíonn dhá thaobh an bhóthair leo agus iad ag dul abhaile.”

Tá gach cuma ar an scéal go mbeidh “In the Name of the Fada” thar cionn. Tá na jócanna ar na bacáin le tamall anuas, agus is amhlaidh go bhfuil comhairleoir teanga anois ag cabhrú le Des le cinntiú nach gcaillfear an ghramadach sa ghreann. Nó a mhalairt.

Tá Gaeilge na leabhar agam féin, mar sin, ar an drochuair, níl Gaeilge ag an gcuid is mó de na daoine a bhfuil aithne agam orthu. Ciallaíonn sin nach mbíonn fonn orthu de ghnáth labhairt faoi chúrsaí Gaeilge – ní rithfeadh sé leo a leithéid a dhéanamh mar nach bhfuil an teanga, mar a deirtear sa Bhéarla, ar an radar acu. Ach tharla go raibh an Ghaeilge faoi chaibidil agam le cairde éagsúla de mo chuid ceithre nó cúig huaire ar leith le seachtainí beaga anuas. Tháinig an t-ábhar chun cinn sna comhráite ar fad mar gheall ar an gceist chéanna a bheith curtha orm: “Have you heard about Des Bishop learning Irish?”Is cuma cé acu smideadh, púdar níocháin, bróga spóirt nó teanga atá i gceist, níl aon dabht ach gur féidir le daoine cáiliúla aird an phobail a tharraingt ar na rudaí – idir tháirgí agus chúiseannaa mbíonn siad ag tacú leo.

Dar ndóigh, níl mé ag maíomh go dtosóidh gach duine sa tír ag labhairt Gaeilge mar gheall ar go bhfuil Des Bishop ag déanamh amhlaidh – ní dóigh liom go bhféadfadh duine ar bith an mhíorúilt theangeolaíoch sin a bhaint amach – ach is cosúil go gcruthóidh “In the Name of the Fada” dea-thoil sa bhreis i leith na teanga i measc mhuintir na hÉireann. Cá bhfios céard a thiocfaidh chun cinn: d’fhéadfadh sé tarlú go gcuirfidh daoine áirithe rompu an teanga a fhoghlaim de thoradh iad a bheith spreagtha ag an tsraith.Maidir le Des, tá sé ar intinn aige féin leanúint ar aghaidh leis an nGaeilge i ndiaidh dó an tsraith a chur i gcrích. Agus deir sé go mbeidh mic an Easpaig i gceist sa todhchaí – agus gur Gaeilgeoir a bheidh i ngach duine acu.

Is í Caoimhe Ní Laighin eagarthóir na hirise seo

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.